Fear as Conamara ciontach as bagairt a dhéanamh ar an Tánaiste

Cúisíodh Patrick Grealish as Garraí an Choirce i Leitir Mealláin as bagairt a dhéanamh ar na meáin shóisialta go maródh sé Simon Harris

Fear as Conamara ciontach as bagairt a dhéanamh ar an Tánaiste

Tá fear as Gaeltacht Chonamara tar éis pléadáil ciontach i gcúirt Dhoire an Fhéich inniu as bagairtí a dhéanamh ar líne in aghaidh Simon Harris, a bhí ina Thaoiseach ag an am.

Cúisíodh Patrick Grealish, atá 48 bliain d’aois, as Garraí an Choirce i Leitir Mealláin i nGaeltacht na Gaillimhe, as bagairt a dhéanamh ar na meáin shóisialta go maródh sé Simon Harris nó go ndéanfadh sé dochar tromchúiseach dó. Gabhadh Grealish i mí Lúnasa na bliana seo caite.

Cuireadh an cás siar inniu le go ndéanfaí tuairisc phromhaidh agus go réiteofaí ráiteas tionchair íospartaigh. Tabharfar os comhair na cúirte arís é ar an 16 Nollaig.

Nuair a scaoileadh amach ar bannaí é anuraidh, cuireadh de choinníoll air go n-éireodh sé as na meáin shóisialta a úsáid agus go dtabharfadh sé a phas ar láimh don Gharda Síochána.

Rugadh ar Grealish agus an gléas ónar seoladh na bagairtí ina sheilbh aige. Dúirt lucht dlí an chosantóra go raibh sé ina chúramóir ag a mháthair agus go bhfuil a fhadhbanna sláinte féin aige.

Tá roinnt fiosrúchán ar bun le tamall anuas de bharr bagairtí éagsúla agus ciapadh a rinneadh ar an Tánaiste Simon Harris agus ar a theaghlach.

 

Fág freagra ar 'Fear as Conamara ciontach as bagairt a dhéanamh ar an Tánaiste'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Is dóigh gur ábhar faoisimh é gur tháinig an bhagairt seo ón taobh istigh agus ní ón Rúis!