Fear as an gCeathrú Rua neamhchiontach i ndúnmharú a dhearthár

Fuarthas Declan Ó Cualáin as an gCuileán ar an gCeathrú Rua neamhchiontach i ndúnmharú a dhearthár ar an mbonn go raibh sé as a mheabhair

000934f6-642-1

Fuarthas Declan Ó Cualáin as an gCuileán ar an gCeathrú Rua neamhchiontach i ndúnmharú a dhearthár Adrian Folan sa Chúirt Choiriúil i mBaile Átha Cliath inniu ar an mbonn go raibh sé as a mheabhair.

Tharla an marú i Lislorkin Thuaidh gar do  Lios Ceannúir i gCo. an Chláir ar an 4 Iúil 2014.

21 nóiméad a bhí an giúiré, naonúr fear agus triúr ban, i mbun machnaimh sular tháinig siad ar a mbreith d’aonghuth.

D’ordaigh an Breitheamh Margaret Heneghan a bhí i bhfeighil na trialach go gcuirfí Declan Ó Cualáin ar ais ar feadh coicíse go dtí An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar i nDún Droma, áit a ndéanfar tástálacha breise sláinte.

D’iarr abhcóidí an stáit agus an chosantóra araon go ndéanfaí amhlaidh. Tá Declan Ó Cualáin le tabhairt ar ais os comhair na cúirte ar an 5 Bealtaine.

Déanfar socrú ansin faoin gcaoi a dhéanfar cúram dá shláinte as seo amach.

Inniu sa chúirt, thug an Síciatraí Comhairleach an Dr Ronan Mullaney fianaise faoin scrúdú agus faoin measúnú a rinne sé ar mheabhairshláinte Declan Uí Chualáin atá 42 bliain d’aois.

Rinne an Dr Mullaney an scrúdú seo ar iarratas an stáit.

Rinneadh cur síos i dtuairisc an dochtúra ar thréimhsí a chaith Declan Ó Cualáin i gcúig ospidéal agus aonad síciatrach idir 2000 agus 2007.

Bhí Ospidéal Naomh Bríd i mBéal Átha na Sluaighe agus Ospidéal na hOllscoile  i nGaillimh i measc na n-ionad a raibh Declan Ó Cualáin ina othar.

Chaith sé tréimhse in Ospidéal Naomh Breandán i mBaile Átha Cliath nuair nach rabhthas sásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh aige san ospidéal ina raibh sé roimhe sin.

Thug an Dr Mullaney fianaise faoin gcóir leighis a cuireadh ar Declan Ó Cualáin agus é faoi chúram dhochtúirí síciatracha.

In 2012 shocraigh Declan Ó Cualáin gan bacadh níos mó le dochtúirí síciatracha agus chuaigh sé i gcomhairle le dochtúir teaghlaigh a bhí ag gníomhú freisin mar theiripeoir síciatrach.

Bhí Declan Ó Cualáin ag iarraidh éirí as an litiam a bhí ordaithe dó. Dúirt an dochtúir teaghlaigh go bhféadfadh torthaí éagsúla a bheith ar chinneadh mar sin, ach bhí sé sásta cúram a dhéanamh de shláinte Uí Chualáin fad is a bhí sé ag laghdú ar an litiam.

Bhí sé geall le bheith éirithe as an litiam ar fad faoi mhí Mheithimh 2014 agus é fós faoi chúram an dochtúra teaghlaigh.

Agus é ag freagairt ceisteanna sa chúirt, dúirt an Dr Mullaney gur druga “fíorthábhachtach” é an litiam don ghalar dépholach a bhí ag dul do Declan Ó Cualáin agus a d’fhág é in ísle brí scaití agus fuinneamh neamhghnách aige scaití eile.

Mhínigh an Dr Mullaney freisin go mbíodh siabhráin ag dul do Declan Ó Cualáin agus go n-éiríodh sé an-tógtha le rudaí nach raibh fíor. Dúirt sé mar shampla, gur cheap sé ar feadh tamaill go raibh sé ina ghníomhaí rúnda ag an IRA agus go raibh cath ar bun ag an IRA in aghaidh dream a raibh iompar mígheanasach in aghaidh ghasúr ar siúl acu.

Bhí a dheartháir, Adrian Folan, áirithe i measc an dreama sin aige agus b’in an t-údar a mharaigh Declan Ó Cualáin é.

Dúirt an Dr Ronan Mullaney go bhfuil Declan Ó Cualáin ‘socraithe síos’ anois agus go bhfuil a shláinte níos fearr.

Dúirt Ó Cualáin leis an Dr Mullaney an mhí seo gur thuig sé anois nach raibh aon bhaint ag Adrian Folan le haon mhígheanas ar pháiste ar bith.

Thug Síciatraí Comhairleach eile, an Dr Conor O’Neill fianaise sa chúirt inniu freisin agus bhí sé ar aon intinn le Mullaney nach raibh smacht ag Declan  Ó Cualáin ar a mheabhair nuair a mharaigh sé a dheartháir ar an 4 Iúil 2014.

Thug an Bleachtaire Sáirsint Paudie O’Shea, ó Stáisiún Bhóthar na Trá i nGaillimh, breis fianaise faoin gceistiú a rinneadh ar Ó Cualáin tar éis a ghabhála ar an 7 Iúil 2014.

Taispeánadh sa chúirt chomh maith an téad lenar thacht Declan Ó Cualáin a dheartháir. Fuarthas an téad in ionad dramhaíola de chuid an chomhlachta Barna Waste i gCeathrú an Bhrúnaigh taobh thoir de Ghaillimh.

Taispeánadh  freisin an scian lenar ghearr Declan Ó Cualáin an téad faoi mhuineál a dhearthár. Fuarthas an scian sin in aice an tí ar an gCuileán ar an gCeathrú Rua ina raibh Declan Ó Cualáin ina chónaí.

Mhínigh an Breitheamh Margaret Heneghan don ghiúiré go raibh beirt chomhairleoirí shíciatracha ar aon intinn nár thuig Declan Ó Cualáin a thromchúisí is a bhí marú a dhearthár ar an 4 Iúil agus nach raibh sé in ann é féin a stopadh ón ngníomh sin a dhéanamh de bharr an meascán mearaí a bhí ar a intinn. Dúirt sí gur dheacair don ghiúiré diúltú don fhianaise sin.

Nuair a tugadh an bhreith sa chúirt chuaigh athair agus máthair Declan Ó Cualáin chomh fada leis an seastán agus thug siad barróg dó. Bhris na deora leo uilig ag an tráth sin. Chuaigh cairde eile le Declan Ó Cualáin chuige freisin agus ina dhiaidh sin tugadh é go dtí An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar i nDún Droma.

Fág freagra ar 'Fear as an gCeathrú Rua neamhchiontach i ndúnmharú a dhearthár'