Fear a bhásaigh ar shléibhte Ghaeltacht Thír Chonaill ainmnithe

Tháinig an Garda Cósta inné ar chorp Nigel Robinson, fear meánaosta as Nottingham Shasana a raibh teach saoire aige cóngarach don Mhachaire sna Rosa

Fear a bhásaigh ar shléibhte Ghaeltacht Thír Chonaill ainmnithe

Fuarthas corp fir ar Shléibhte Dhoire Bheatha i nGaeltacht Thír Chonaill tráthnóna inné, i ndiaidh cuardach mór a thosaigh oíche Dé Sathairn.

Ainmníodh an té a cailleadh mar Nigel Robinson, fear meánaosta as Nottingham Shasana a raibh teach saoire aige cóngarach don Mhachaire sna Rosa.

Chonaic criú héileacaptair an Gharda Cósta a bhí i mbun cuardaigh corp an fhir ag 6:25 tráthnóna inné ar thaobh an tsléibhe.

Tuigtear go ndeachaigh an fear amach ag dreapadóireacht Déardaoin, agus é ar intinn aige dul in airde ar Shliabh Sneachta , atá 678 méadar ar airde agus atá ar cheann de na sléibhte is dúshlánaí le dreapadh i nDún na nGall.

Fuarthas a charr páirceáilte ag  Loch Barra i gceantar iargúlta idir an Dúchoraidh agus Mín an Lábáin.

Ba iad a dhaoine muinteartha a chuir fios ar na seirbhísí éigeandála nuair nár chuala siad a dhath uaidh Dé Sathairn, agus chuir foireann tarrthála sléibhe Dhún na nGall tús lena chuardach ag 11:30 oíche Shathairn.

Bhí foirne tarrthála sléibhe as Liatroim, Sligeach agus an Tuaisceart páirteach sa chuardach seo in éineacht le Garda cósta an Bhuna Bhig agus muintir na háite.

Tógadh corp an fhir den sliabh roimh a deich a chlog aréir agus déanfar scrúdú iarbháis air inniu in Otharlann Leitir Ceanainn.

Fág freagra ar 'Fear a bhásaigh ar shléibhte Ghaeltacht Thír Chonaill ainmnithe'