Feachtas seolta i Singeapór le daoine ar fud na cruinne a chur ag caint as Gaeilge

Cuireadh tús le Comhrá ’22 de chuid Chonradh na Gaeilge san Áise ar maidin agus leanfaidh an comhrá go dtí Déardaoin

Feachtas seolta i Singeapór le daoine ar fud na cruinne a chur ag caint as Gaeilge

Cuirfear daoine ó cheann ceann na cruinne ag caint i nGaeilge inniu agus Comhrá ’22 seolta ag Conradh na Gaeilge.

Is éard atá i gceist leis an bhfeachtas ná comhrá leanúnach Gaeilge a reáchtáil le daoine ar fud an domhain chun labhairt na teanga a spreagadh.

Cuireadh tús leis an gcomhrá ar líne san Áise ar maidin nuair a sheol Ambasadóir na hÉireann i Singeapór, Sarah McGrath, Comhrá ’22.

“Tá ríméad orainn, mé féin, an Dr Risteard Ó hAonghusa agus an Dr Guinevere Barlow, tús a chur le Comhrá ’22 anseo san ambasáid i Singeapór,” a dúirt McGrath. “Tá pobal breá d’Éireannaigh anseo agus an-dúil acu sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann. Tá an ambasáid an-sásta a bheith páirteach i Comhrá ’22 agus táimid ag súil go mór le bheith ag nascadh le Pobal na Gaeilge ar fud an domhain.”

Beidh Comhrá ’22 ar siúl go dtí an Déardaoin, nuair a chuirfear deireadh leis an gcomhrá ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh craobhacha Chonradh na Gaeilge, ciorcail chomhrá, scoileanna agus grúpaí pobail páirteach san imeacht seo a bheidh á reáchtáil ar Zoom.

I measc na ngrúpaí ar fad a bheidh páirteach i mbliana, beidh Ionad Naomh Pádraig ó Ghaeltacht Ghaoth Dobhair.

Deir Máire Uí Chomhaill, Bainisteoir Ionad Naomh Pádraig: “Tá lúcháir mhór orainn anseo in Ionad Naomh Pádraig, atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta, páirt a ghlacadh in Comhrá ’22 mar atá déanta againn le blianta fada anuas. Is tógáil croí agus pléisiúr dúinn an t-ardán seo a roinnt le grúpaí agus Gaeilgeoirí ar fud an domhain.”

Deir Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is ócáid bhliantúil lán le spraoi é Comhrá, a nascann daoine le chéile trí Ghaeilge. Beidh craobhacha Chonradh na Gaeilge agus grúpaí eile fud fad an domhain páirteach san fheachtas arís i mbliana agus is mór an spreagadh iad na grúpaí a ghlacann páirt ann gach bliain. Guím gach rath orthu agus ar #Comhrá22.”

Beidh Tráth na gCeist speisialta á reáchtáil mar chuid den Chomhrá anocht ag 9.00in. Craolfar Tráth na gCeist beo ar YouTube agus beidh deis ag daoine páirt a ghlacadh ann agus duaiseanna a bhuachan.

Fág freagra ar 'Feachtas seolta i Singeapór le daoine ar fud na cruinne a chur ag caint as Gaeilge'

  • Thelma Blackford

    Tá mé í mo chonaí san Astráil le 52 blian agus le déanaí thug mé spéis san Ghaeilge. Tá mé ag baint úsáid as Duo Lingua and ag éisteacht le 2 nó 3 cláranna Tús Áite gach seachtain
    Táim freisin ó am go ham ag baint úsáid as an phódcraoibh Foireann Peig.
    Tá mo Ghaeilge ag neartú
    Thelma Blackford as Baile Locha Riach Contae na Gaillimhe D’fhág mé an Baile 1970.

  • Seán Ó M

    Ar aghaidh leat Thelma!

  • S Mhic G

    Maith thú! Coinnigh leis, a Thelma.