‘Feachtas ollmhór’ beartaithe agus imní ar lucht na gCultúrlann ó thuaidh faoina bhfuil i ndán dóibh

Maíonn lucht stiúrtha Chultúrlann McAdam Ó Fiaich nach mbeadh an dara rogha ag an ionad cultúir ach “a gcuid doirse a dhruidim” dá nglacfaí le moltaí Fhoras na Gaeilge

‘Feachtas ollmhór’ beartaithe agus imní ar lucht na gCultúrlann ó thuaidh faoina bhfuil i ndán dóibh

Tá sé i gceist ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, i mBéal Feirste, agus Cultúrlann Uí Chanáin, i nDoire, “feachtas ollmhór” a reáchtáil in éadan na moltaí atá curtha chun cinn ag Foras na Gaeilge mar chuid den phróiseas comhairliúcháin maidir le maoiniú a chur ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud fad na tíre.

Maíonn lucht stiúrtha Chultúrlann McAdam Ó Fiaich nach mbeadh an dara rogha ag an ionad cultúir ach “a gcuid doirse a dhruidim” dá nglacfaí le cuid de na moltaí a foilsíodh i gcáipéis chomhairliúcháin a d’fhoilsigh an Foras an tseachtain seo caite.

Ar cheann de na roghanna a bhfuiltear ag lorg tuairimí an phobail faoi, tá an moladh go  gcuirfí uasmhéid €70,000 (£50,000) ar fáil d’ionaid Ghaeilge ar fud na tíre agus go mbeadh maoiniú laghdaithe dá réir sin ag an dá Chultúrlann ó thuaidh.

Deirtear chomh maith go bhféadfaí an maoiniú bliantúil don dá chultúrlann ó thuaidh a laghdú thar thréimhse trí bliana (2018-2021), chun maoiniú a chur ar fáil do scéim úr na nIonad Gaeilge.

Dúirt stiúrthóir na Cultúrlainne, Aisling Ní Labhraí, gur “buille uafásach do phobal na Gaeilge” ar fud na hÉireann a bheadh ann dá ndúnfaí na Cultúrlanna ceal maoiniú a bheith ar fáil.

Tá triúr fostaithe ag an gCultúrlann ar Bhóthar na bhFál — Timire Tí, Bainisteoir Imeachtaí agus Oifigeach Forbartha Gnó. Is leis an airgead a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil atá an triúr sin fostaithe. Deir Ní Labhraí nach bhféadfaí na daoine sin a fhostú gan an t-airgead ón bhForas agus go bhfágfaí an Chultúrlann gan duine ar bith leis an áit a choinneáil oscailte, le himeachtaí a eagrú, agus le maoiniú breise a aimsiú.

“Crann taca na hathbheochana sa Tuaisceart í an Chultúrlann, agus is eiseamláir í do phobal na Gaeilge ar fud an oileáin. Tá sé i gceist ag pobal na Cultúrlainne, agus ag pobal Chultúrlann Dhoire, feachtas ollmhór a eagrú lena chinntiú go bhfanfaidh na doirse againne ar oscailt.

“Rinneadh an Chultúrlann a oscailt is a fhorbairt trí allas agus trí dhíograis ghnáthmhuintir Bhéal Feirste. Beidh an dua agus an díograis sin in úsáid againn agus muid ag déanamh cinnte de nach mbaintear an t-airgead ríthábhactach seo dínn,” a dúirt sí.

Dúirt sí go n-aontaíonn lucht na Cultúrlainne gur chóir “infheistíocht cheart a dhéanamh” in ionaid Ghaeilge in áiteanna eile in Éirinn ach nach n-aontaíonn siad gur chóir an “dá ionad ceannródaíocha a scrios” agus “scéim lochtach leamh” a chur chun cinn lena dhéanamh.

Mhaígh Ní Labhraí gur “sop in áit na scuaibe” a bheidh á fháil ag pobal na Gaeilge i mBéal Feirste má dhúntar an Chultúrlann agus gur chóir don Fhoras “a bheith ag troid ar bhonn laethúil leis na hacmhainní cuí a fháil ón dá rialtas” agus ciste €1.5m a fháil do lárionaid Ghaeilge.

Dúirt cathaoirleach Bhord na Cultúrlainne, Áine Nic Gearailt, go bhfuiltear ag moladh sa cháipéis “deireadh a chur leis an Chultúrlann i bhfírinne” agus gur “buille tromchúiseach do phobal na Gaeilge ó thuaidh” a bheadh ann, go háirithe faoi láthair agus feachtas mór ar bun le hAcht Gaeilge a bhaint amach.

Osclaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich in 1991 le freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge i mBéal Feirste. Cuirtear imeachtaí ealaíon ar siúl i gcaitheamh na bliana agus ó thús na bliana seo amháin, tá 15,000 duine tar éis cuairt a thabhairt ar an áit.

Sa Chultúrlann, tá amharclann, dánlann agus ionad léirmhíniúcháin, oifig eolais do thurasóirí in iarthar Bhéal Feirste, siopa leabhar, agus oifigí de chuid eagraíochtaí Gaeilge éagsúla.