FAOI GHLAS AG AN nGALAR: B’fhearr fós an scothchnuasach seo a léamh os ard i nGaeilge Thír Chonaill

Sa mhír nua seo moltar leabhair ar son do leasa is d’aimhleasa agus sinn faoi ghlas ag an ngalar

FAOI GHLAS AG AN nGALAR: B’fhearr fós an scothchnuasach seo a léamh os ard i nGaeilge Thír Chonaill

Tá oiread sin filíochta den scoth timpeall gur deacair cromadh ar aon rud faoi leith a roghnú (ach déanfar é!), agus is é bua amháin a bhíonn aici mar fhilíocht gur féidir í a phiocadh suas nó ligean leat de réir mar a oireann duit idir na prátaí a scumhadh agus an gabhar a chrú sa chás is go bhfuil ceann agat. Go deimhin, ní thig filíocht a léamh róthapaidh agus fónann moill di.

Ach earra eile is ea an dán fada nach bhfuil go leor dá cineál sa Ghaeilge chomhaimseartha in aon chor, fág nár nath ar bith é d’fhilí aoise eile. Dá réir sin, más mian leat suí síos go cluthar agus tamall ceart léitheoireachta as a chéile a dhéanamh ar dhán, mholfainn go láidir Múscail, a Ghiorria le hEithne Ní Ghallchobhair (Arlen House, gp).

Tá aithne ar Eithne cheana mar scéalaí beo agus mar údar an chnuasaigh gearrscéalta Súil (CIC €10), leabhar ina bhfuil an dúlra mar lárchuid de. Is é a dhála céanna é sa dán fada seo ina n-éiríonn léi an béaloideas agus an miotas a fháisceadh le chéile in aon insint ealaíonta amháin.

Is gean linn athghabháil a dhéanamh ar na seanscéalta mar atá déanta ag Leabhar Breac le tamall, ach ar shlí is dúshlánaí an béaloideas a thabhairt isteach ar urlár an lae seo go héiritheach mar tá clais idir intinn an bhéaloideasa agus litríocht an lae inniu ar deacair léim thairsti.

Agus tá sin déanta anseo, óir is dán agus is scéal é in éineacht.

Eachtra faoi ghiorria agus faoi chailleach í – agus fágtar faoin léitheoir an ceangal eatarthu a réiteach, agus tá scríte le fuinneamh agus le ráigeanna ruthacha reitriciúla. Baintear leas as foirmeacha éagsúla filíochta siar síos a chuireann éagsúlacht sa rithim agus sa ghluaiseacht, agus go deimhin is minic línte cúplála ríme ann, nós a bhíodh coitianta riamh sa dán fada. B’fhearr é seo a léamh os ard; b’fhearr fós é a léamh os ard i nGaeilge Thír Chonaill; b’fhearr fós fós é a léamh os ard i nGaeilge dheisceart Tír Chonaill; b’fhearr fós é a léamh.

Fág freagra ar 'FAOI GHLAS AG AN nGALAR: B’fhearr fós an scothchnuasach seo a léamh os ard i nGaeilge Thír Chonaill'