Fanaimis glan ar pholasaithe míleata de chuid an AE

Ní chun leasa na tíre seo go bhfuil níos lú cainte san Aontas faoin bpolasaí talmhaíochta nó cúrsaí gnó agus níos mó faoi chúrsaí cosanta is trádála

Fanaimis glan ar pholasaithe míleata de chuid an AE

Taitníodh sé leat nó ná taitníodh ach tá an tAontas Eorpach, in éineacht lena stádas, a thionchar is a chumhacht, ag athrú. Ach cén t-athrú go fírinneach atá ann is céard is cóir don tír seo déanamh faoi?

Dar le Gerard Howlin, agus é ag scríobh san Irish Times, tá an tAE sna céimeanna luatha den athrú ó bhonn a fhágfaidh mar imreoir mór sa bpolaitíocht é, nó ar tí teip ina iarracht an stádas sin a bhaint amach.

Tá Howlin ar na daoine gar do Bhertie Ahern a thug comhairle dó nuair a bhí Bertie in Thaoiseach, is tá tuiscint mhaith aige ar pholaitíocht na hÉireann agus ar pholaitíocht an domhain. (Is minic nach n-aontaímse leis ach bíonn a chuid altanna spreagúil i gcónaí).

Sa gcás seo, ceapaim go bhfuil sé ródhóchasach faoina bhfuil i ndán don Aontas. Léirigh an géilleadh náireach do Trump nach bhfuil aon mhuinín ag an Aontas as féin, agus go hoibiachtúil tá sé le feiceáil go bhfuil an tAontas ag dul siar ar gach taobh.

Maidir le Meiriceá is léir nach fiú tráithnín an dílseacht a thug an Eoraip don Atlantachas, ag glacadh stádas fostáit nó stát vasáilleach dó féin. Tá sé sínte faon roimh an iomaíocht ón tSín. D’aon ghnó bhris sé an ceangal leis an Rúis a chuir fuinneamh ar phraghas íseal ar fáil dó. Agus tuigeann na hiarchoilíneachtaí sa Domhan Theas, an India, an Áise, is fiú an Afraic, nach bhfuil aon éadaí ar an impireacht a thuilleadh.

Ceapaim go ‘speánann an fhianaise gur ag claochlú atá an tAontas, is nach bhfuil an treise eacnamúil, pholaitiúil ná theicniúil aige leis an lámh is fearr a fháil ar an Domhan Theas.

Ach, má tá Howlin ródhóchasach ag ceapadh go bhfuil rogha os comhair an Aontais, tá an ceart ar fad aige nuair a deir sé go bhfuil fócas an Aontais dírithe ar cheisteanna eachtracha seachas ceisteanna inmheánacha mar a bhíodh.

Sé sin, go bhfuil níos lú cainte ann faoin bpolasaí talmhaíochta nó cúrsaí gnó, agus níos mó faoi chúrsaí cosanta is trádála.

Agus i lár an athraithe fócais seo, is léir go bhfuil níos mó cumhachta faighte (nó tógtha) ag an gCoimisiún, agus tá dearcadh na hÉireann níos neamhábhartha don fhócas nua.

Tá le feiceáil sa margadh a rinneadh le Trump gur éirigh leis an gCoimisiún faoiseamh áirithe a fháil do thionscal carranna na Gearmáine, ach go bhfuil baol níos mó ná riamh ann don tionscal cógaisíochta in Éirinn, agus Trump ag bagairt taraifí 150% nó 250% ar mhaithe le hiachall a chur ar na comhlachtaí Meiriceánacha in Éirinn a gcuid táirgíochta a thabhairt abhaile go SAM.

Tá muid níos treise mar chuid den Aontas i gcúrsaí idirbheartaíochta? An bhfuil?

Tá’s agam go bhfuil an-chuid daoine ann nach dtaitníonn leo glacadh leis mar fhírinne: a haon, go bhfuil an tAontas ag meath; a dó, gur cuma leis an Aontas faoi leas na hÉireann sa deireadh thiar. Ach ní imeoidh an fhírinne toisc nach dtaitníonn sí linn. Ní mór na fadhbanna a phlé go hionraic agus bealach ar aghaidh a aimsiú a bheidh bunaithe ar an bhfírinne.

Sé freagra Howlin ar an bhfócas nua seo ag an Aontas ná go gcaithfidh muid glacadh le tús áite a thabhairt don tslándáil is na ceisteanna eachtracha seo atá ag déanamh buartha do na poblachtaí Bailteacha. Deir sé go lom: Ní cic saor ó thaobh na polaitíochta de a thuilleadh é bheith inár súmairí maidir le cúrsaí cosanta.

Ach an fíor sin?

Chuaigh muid isteach sa gCómhargadh, mar a bhí, ar mhaithe le geilleagar níos fearr a chruthú, rochtain a bheith againn ar mhargadh mór, praghsanna níos airde a fháil ar earraí talmhaíochta, agus cúnamh airgid a fháil d’fhorbairt na tíre.

Go sonrach dúirt lucht molta na hEorpa ag an am nach raibh aon bhaol ann go gcaillfeadh muid ár neamhspleáchas mar stát, go mbeadh muid páirteach i gcogaí, nó in aon rud den chineál sin.

Ach féach muid anois: inár mbaill den Chomhpháirtíocht ar son na Síochána (PIP) (teideal Orwellach má bhí ceann riamh) NATO, ag baint airgid den chiste sóisialta len é a chaitheamh ar airm.

Ní chun leasa na hÉireann é muid a cheangal le seachmall an Aontais faoi bheith in ann máistreacht a bheith aige ar an domhan. Ní chun leasa na hÉireann é, ach an oiread muid a cheangal le long eacnamaíochta an Aontais atá ag dul poll tóin.

Ní gá imeacht ón Aontas, ach tá gá go bhféachfaimid amach dár leas féin, ag leanacht polasaí eachrach a oireann dár n-oidhreacht – sé sin polasaí neodrachta d’Éirinn ar fad, saor ó impiriúlachas agus gan aon pháirt againn i gcogaí. Agus saoirse a bheith againn briseadh leis an Aontas nuair a oirfidh.

Fág freagra ar 'Fanaimis glan ar pholasaithe míleata de chuid an AE'

  • Gabriel Rosenstock

    An féidir caint ar shlándáil sa ré núicléach seo? An féidir caint ar chosaint? Más saoirse agus síocháin bhuan atá uainn, caithfear deireadh a chur le hairm agus le lón cogaidh, ar fud an domhain. Samhlaigh é, mar a dúirt John Lennon.

  • Seán Ó Donnchaidh

    Caithfear a rá go bhfuil stair na hÉireann lán de cailliúintí agus clistí mhíleata. Scéalta tragóideacha iad go léir – Eachrom – Cath na Bóinne – Luimneach- Vinegar Hill agus ar uile.
    Ba cheart dúinn bheith neodarach ach ní hionann é sin agus a bheith lag. Ar lámh amháin, b’fhéidir nach bhfuil gá le fórsaí mhíleata mhóra mar ní théimid timpeall an domhan ag cruthú naimhde dúinn féin ach ar an lámh eile ní rabhamar ag súil leis na Lochlannaigh go dtí an lá a tháinig siad i dtír agus thosaigh siad ag déanamh scrios orainn. An rud céanna i 1169 – bhí na Taoisigh Gaelacha sásta bheith ag troid lena chéile agus theip orthu seasamh le chéile agus na Normannaigh a thiomáint ar ais san fharraige. Mar is eol dúinn – “ni hé lá na gaoithe lá na scolb” agus ní féidir leat ábaltacht mhíleata a chur ar fáil go tapa in am an ghá.

  • An Teanga Bheo

    Dó dhúthaigh brea i sheilbh meirleach ? is tú diolta leis na …………………………….?