Fáilte ag TG4 roimh an deis fadscannáin Ghaeilge a chur ar chúrsa nua Ardteiste 

Tá ábhar faoi chúrsaí drámaíochta agus scannánaíochta ar cheann de dhá ábhar nua a fógraíodh don Ardteist 

Fáilte ag TG4 roimh an deis fadscannáin Ghaeilge a chur ar chúrsa nua Ardteiste 

Ba mhaith le TG4 go mbeadh saothair an stáisiún mar chuid de chúrsa Ardteiste nua a fógraíodh le gairid. 

Mar chuid den athchóiriú a d’fhógair an Roinn Oideachais ar an tSraith Shinsearach an mhí seo caite, tá dhá ábhar nua – Drámaíocht, Scannánaíocht agus Amharclannaíocht; agus Gníomhú ar son na hAeráide agus Forbairt Inbhuanaithe – le forbairt do shiollabas na hArdteiste. Cuirfear na hábhair ar fáil ar dtús in 2024 do líon beag daltaí i “scoileanna líonra”.

Tá ráite ag TG4 go mbeadh siad sásta dá gcuirfí cuid de na scannáin Ghaeilge atá déanta don stáisiún le blianta beaga anuas ar shiollabas an ábhair nua sa drámaíocht.

“Níl scéim Cine4 ach ina tús go fóill ach is léir go bhfuil caighdeán an-ard á bhaint amach tríd an scéim seo ag léiritheoirí agus ag tallann lucht na Gaeilge maidir le drámaíocht agus cruthaitheacht,” a dúirt urlabhraí de chuid TG4.  

“In am trátha, bheadh TG4 an-sásta dá bhféadfadh scannáin Cine4 a bheith mar chuid den chúrsa nua Ardteiste agus síleann muid go mbeadh an-tacaíocht ann ó na páirtithe leasmhara ar fad atá ag plé le Cine4.”

Tá ardmholadh agus gradaim idirnáisiúnta bainte amach ag scannáin atá déanta faoin scéim Cine4, a fhaigheann maoiniú ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá gradaim go leor, ocht ngradam IFTA ina measc, buaite le gairid ag an scannán An Cailín Ciúin, a maoiníodh faoin scéim, agus bhuaigh Róise & Frank, atá á thaispeáint faoi láthair, gradaim ag féilte i Stáit Aontaithe Mheiriceá le roinnt seachtainí anuas.

Tugadh ardmholadh freisin do na trí scannán eile atá léirithe faoin scéim Cine4, Foscadh (2021), Arracht (2019), agus Finky (2019).

Seoladh scéim Cine4 ar dtús in 2017 agus maoiniú suas le €1.2 milliún a chuirtear ar fáil do na scannáin a roghnaítear.

Tá ráite ag TG4 go bhfuil mar aidhm faoin scéim seo gradam Oscar a bhuachan lá éigin.

Fág freagra ar 'Fáilte ag TG4 roimh an deis fadscannáin Ghaeilge a chur ar chúrsa nua Ardteiste '