Fadscannán Gaeilge ag dul i bhfeidhm ar an lucht féachana i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Bhuaigh an scannán Róise agus Frank Gradam an Lucht Féachana agus duais airgid ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Sonoma in California 

Fadscannán Gaeilge ag dul i bhfeidhm ar an lucht féachana i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Tá fadscannán Gaeilge ag dul i bhfeidhm ar dhaoine i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Gradam an Lucht Féachana buaite ag féile mhór aige den dara huair le cúpla seachtain.

Bhuaigh an scannán Róise agus Frank Gradam an Lucht Féachana agus duais airgid ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Sonoma a bhí ar siúl in California. Bronnadh Gradam an Lucht Féachana ar an scannán céanna ag Féile Santa Barbara in California níos túisce an mhí seo. 

Ghnóthaigh an scannán gradam aisteoireachta don ensemble is fearr ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media.

Rinneadh Róise agus Frank faoin scéim Cine4 a fhaigheann maoiniú ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann. 

Stiúrtha agus scríofa ag Rachael Moriarty agus Peter Murphy, insíonn an scannán scéal Róise (Bríd Ní Neachtain), baintreach atá faoi bhrón ag bás a fir céile. Éiríonn sí mór le madra a d’fhéadfadh a bheith ina fear céile athionchollaithe. Ceapann a mac (Cillian Ó Gairbhí) go bhfuil sí go hiomlán as a meabhair.  

Tá ualach gradam buaite ag scannáin de chuid Cine4 le tamall anuas agus moladh mór faighte ag leithéidí An Cailín Ciúin, Foscadh, Róise agus Frank agus Arracht.

Bronnadh duais eile le déanaí ar an aisteoir Gaeltachta Dónall Ó Héalaí ag na Gradaim Oscar Wilde in Los Angeles. 

Bhí an phríomhpháirt ag Ó Héalaí sa scannán Foscadh a roghnaíodh mar iontráil na hÉireann do na Gradaim Oscar i mbliana agus in Arracht, iontráil na bliana seo caite.

Comhaontas Stáit Aontaithe Mheiriceá-Éireann eagraíonn na Gradaim Oscar Wilde chun aitheantas a thabhairt do ról na hÉireann i gcúrsaí scannáin, teilifíse agus ceoil.

Agus é ag glacadh leis an ngradam, labhair Ó Héalaí faoin gcaoi gur bheag nár éirigh sé as an aisteoireacht sula bhfuair sé script Arracht, scannán a d’athraigh a shaol, a dúirt sé. 

Tá borradh faoi na scannáin Ghaeilge le cúpla bliain anuas.

Níos túisce an mhí seo bhuaigh An Cailín Ciúin, scannán eile de chuid na scéime Cine4, ocht ngradam IFTA, an phríomhdhuais don ‘Scannán is Fearr’ ina measc. Fuair An Cailín Ciúin an ceann is fearr ar leithéidí Belfast, a bhí san iomaíocht ag na gradaim Oscar an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'Fadscannán Gaeilge ag dul i bhfeidhm ar an lucht féachana i Stáit Aontaithe Mheiriceá'