‘Fágfaidh sé a bhalcaisí romhat ar an staighre’

Sin a deir an sean-amhrán, ach cad a dhéanfaidh an chuid eile againn feasta lenár mbalcaisí nach bhfuil aon ghnó againn dóibh níos mó?

‘Fágfaidh sé a bhalcaisí romhat ar an staighre’

Má phósann tú seanduine, pósfaidh tú cladhaire!

Fágfaidh sé a bhalcaisí romhat ar an staighre.

Líne ansan as an amhrán cáiliúil ‘An Seanduine Dóite’.

Nach leis a bhí an seans áit éigin a bheith aige lena ghiobail a fhágaint ina dhiaidh fiú amháin más ag déanamh breis oibre nó ag teacht sa tslí ar dhaoine eile a bhíodar.

Cad a dhéanfaidh an chuid eile againn feasta lenár mbalcaisí nach bhfuil aon ghnó againn dóibh níos mó?

Ní ceist mhagúil í sin a thuilleadh, mar gur fadhb mhór mhillteach í.

Cad atá le déanamh leis an ualach mór diamhair balcaisí atá á gcaitheamh uathuu ag pobal an domhain mhóir sa lá atá inniu ann?

Is geall le ‘caitheamh aimsire’ ag daoine inniu é, idir óg is sean, ag dul ‘ag siopadóireacht’.

Bíodh ‘buzz’ ag gabháil leis. Cuireann sé éirí croí ar dhuine.

Rabharta dopaimín a’ sruthlú tríd an hipeacampas…is breá linn go léir é.

Vardrús gach éinne a’ pléascadh is a’ cur thar maoil le balcaisí éadaigh agus sinn fós ag síorcheannach.

In áit ar nós Ghána in iarthar na hAfraice, tá fadhb mhór cruthaithe ag na hualaí móra balcaisí seanchaite atá á n-iompórtáil acu ó thíortha ‘forbartha’ na hEorpa. Obroni wawu, éadaí an duine mhairbh ghil’ a bhaisteann siad orthu.

Faigheann Kantamanto, ceann de na margaí éadaí ‘dara láimhe’, breis is míle tonna balcaisí gach aon tseachtain. Bhí tamall ann, a deir mangaire amháin, go mbíodh cuid den éadach seo ar chaighdeán maith, éadach go bhféadfaí a dhíol agus a chaitheamh arís, ach de réir a chéile is drochstuif atá san éadach agus níl aon díol air.

An t-éadach nach bhfuil aon cheannach air, déantar é a chaitheamh i leataobh.

Go minic is in aibhneacha agus i ngnáthóga bogaigh a chríochnaíonn sé, ag déanamh díobháil thar na bearta don nádúir is don dtimpeallacht.

Thug trádálaithe as Gána cuairt ar na ‘húdaráis san mBuiséil’ ag iarraidh orthu a chur ina luí ar tháirgeoirí éadaigh freagracht a ghlacadh as athchúrsáil a dhéanamh ar a dtáirge.

Mo léir is beag dul chun cinn atá déanta sa chúram.

Thosnaigh dearthóir Sasanach, Wendy Ward as Sheffield, ‘Feachtas Poist’ le déanaí nuair a sheol sí ar ais go dtí príomhfheidhmeannach an chomhlachta Sainsbury, Simon Roberts, seanabhairlín (braillín) a bhí déanta as poileistear, éadach nach raibh sí ábalta a athchúrsáil ar shlí a bhí ‘inbhuanaithe’ agus an ola mar bhunábhar ina dhéantús.

‘Bhaineas deich mbliana mhaithe as’ ar sí, ach níl aon tslí anois go bhféadfainn paiste a chur air ná é a thabhairt d’aon ‘siopa carthanachta’.

Níl aon tslí ach oiread, ar sí, go bhféadfainn giobail bheaga ghlantacháin a dhéanamh as, mar ná súnn sé suas aon leacht.

Ní theastaíonn uaim é a chur i mbosca ‘bailiúchán athchúrsála’ ach oiread a dhearbhaigh bean Sheffield.

Aon ní a chuirtear sna boscaí san, measann sí gurb amhlaidh a deintear iad a dhó, nó a easpórtáil thar lear go dtí tíortha bochta na hAfraice agus ligint dóibhsean deileáil leo.

Deineann comhlachtaí móra brabús thar na bearta ar na balcaisí a dhíolann siad gach aon lá. Na mílte milliún.

Tá sé thar am acu, pinginí breise a chaitheamh agus taighde ceart a dhéanamh ar conas is cirte fadhb na hathchúrsála a réiteach.

Agus b’fhéidir go bhfuil sé in am againn féin, éirí as an síorcheannach agus caitheamh aimsire éigin eile nach bhfuil chomh díobhálach dár dtimpeallacht a tharrac chugainn féin.

Fág freagra ar '‘Fágfaidh sé a bhalcaisí romhat ar an staighre’'