Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Cluiche Ceannais
Ciarraí v Dún na nGall – Páirc an Chrócaigh, 15:30 (Beo ar RTÉ & BBC)
Cé acu is fearr, Jack nó Jim? Clifford nó Murphy? Cnoc Bréanainn nó an Earagail? Gheofar freagra ar cheann nó péire de na ceisteanna sin tráthnóna nuair a thabharfaidh Ciarraí agus Dún na nGall aghaidh ar a chéile i gceann de na cluichí ceannais peile is mó a bhfuiltear ag súil leis le roinnt mhaith blianta.
Chuir na rialacha nua a tugadh isteach ag tús 2025 beocht nua sa gcluiche agus suim níos mó sa bpeil anois ná mar a bhí le fada an lá agus súil ann go gcuirfear barr maise ar an séasúr le cluiche ceannais idir an dá fhoireann is fearr sa tír.
Suimiúil go leor, seans go bhfuil Ciarraí agus Dún na nGall ar phéire de na foirne is lú a d’athraigh an cur chuige a bhí acu le teacht na rialacha nua. Tá an scór dhá phointe ar cheann de na hathruithe is feiceálaí a tugadh isteach agus cé go bhfuil imreoirí ar an dá fhoireann a gheobhadh na scóranna sin gan mórán stró, ní bhíonn Ciarraí ná Dún na nGall luite amach orthu féin leis na deiseanna sin a chruthú.
An t-athrú is mó atá déanta ag na rialacha nua, áfach, ná an luas ag a n-imrítear an cluiche agus níl amhras ar bith ach go raibh Ciarraí agus Dún na nGall ullamh chun leas a bhaint as sin. Níl an éagsúlacht idir stíleanna imeartha na Ríochta agus na gConallach chomh mór is a cheapfá ó chuid den chaint atá ann roimh an gcluiche ceannais agus tréith amháin atá go láidir sa dá fhoireann ná an bhéim a chuirtear ar an liathróid a bhogadh chun cinn chomh tapa in Éirinn is atáthar in ann. Is iad David Clifford agus Michael Murphy laochra na bhfoirne, níl aon amhras faoi sin, ach murach an obair a dhéanann leithéidí Gavin White, Brian Ó Beaglaoich, Joe O’Connor, Shane O’Donnell, Ciarán Moore, Ryan McHugh agus tuilleadh nach iad, ní fheicfí an liathróid i lámha na ngaiscíoch leath chomh minic.

An sprioc is mó a bheidh ag Dún na nGall ó thaobh na cosanta de ná a chinntiú nach n-éireoidh le Ciarraí an liathróid a chur chomh fada le David Clifford. Níl aon argóint ann ach gurb é fear an Fhosaidh an tosach is fearr sa tír ach tá an chuma air go bhfuil céim eile chun cinn tugtha aige agus é ag iarraidh cur leis an aon bhonn uile-Éireann atá aige go dtí seo. Clifford a d’iarr tuilleadh tacaíochta ó mhuintir Chiarraí nuair a ceistíodh an fhoireann i ndiaidh an chlisidh i gcoinne na Mí agus tá gach iarracht déanta aige na sluaite a ghríosú ó shin nuair a aimsíonn sé scór míorúilteach eile.
Brendan McCole a bheidh á leanúint tráthnóna, cosantóir tapa, láidir a chiúnaigh cuid de na tosaithe is fearr sa tír go dtí seo ach ach an teip a bheidh i ndán dó má iarrtar air srian a chur ar Clifford gan cabhair. Ní dócha go roghnófar fear amháin chun imirt mar chosantóir le cois, mar a rinne Tiobraid Árann in aghaidh Chorcaí sa gcluiche ceannais iomána, ach iarrfar b’fhéidir ar líne leathchúil Dhún na nGall céim siar a ghlacadh agus a chinntiú nach bhfágfar na bearnaí os comhair Clifford a fágadh sa gcluiche leathcheannais in aghaidh Thír Eoghain, nuair a d’aimsigh sé 1-9. Beidh ról tábhachtach ag Caolán McConagle, má thosaíonn sé mar leathchúlaí láir, an chosaint a stiúradh agus gan an spás sin a thabhairt do Clifford agus, aga am céanna, gan fuílleach ama a thabhairt do Sheán O’Shea lasmuigh den stua 40m ach an oiread.
Fiú má éiríonn le Clifford ocht nó naoi gcinn de phointí a fháil, líon ollmhór i gcluiche ceannais, beidh cúnamh ag teastáil mar ceann de na buanna is mó atá ag Dún na nGall ná go bhfuiltear in ann na scóranna a roinnt idir seachtar nó ochtar imreoirí ar a laghad. Aimsíonn Michael Murphy, Conor O’Donnell agus Oisín Gallen sa líne lántosaithe formhór na scóranna ach is minic le Shane O’Donnell, Ciarán Thompson, Ciarán Moore, Michael Langan, Peadar Mogan agus Ryan McHugh suas le deich bpointe nó níos mó a fháil eatarthu, gan trácht ar Patrick McBrearty agus Daire Ó Baoill ag teacht isteach ón mbinse.

Léiríodh neart Dhún na nGall sna taispeántais a thug siad sa dara leath dá gcluichí sna babhtaí leathcheannais agus ceathrú ceannais i gcoinne na Mí agus Mhuineacháin ach ábhar imní é freisin do Jim McGuinness na deiseanna a thug siad uathu sa gcéad leath den dá chluiche sin. Scóráil Muineachán 1-15 sa gcéad 35 nóiméad agus ba cheart go mbeadh níos mó ná sin aimsithe acu. Coicís ó shin, bhí 22 iarracht ar scór ag contae na Mí sa gcéad leath agus cé nach iad na hiarrachtaí ab fhearr a bhí i gcuid acu, léiríodh nach bhfuil cosaint na gConallach dosháraithe.
Is fiú a lua chomh maith nach bhfuil ach dhá fhoireann ó Roinn 1 imeartha ag Dún na nGall ó bhuaigh siad Craobh Uladh ag tús mhí na Bealtaine. Chaill siad ceann acu in aghaidh Thír Eoghain agus bua drámatúil aon phointe amháin ar Mhaigh Eo a bhí sa gceann eile i lár mhí an Mheithimh. Níl aon neart ag Dún na nGall ar na foirne a bhí os a gcomhair ó shin ach b’fhéidir nach iad na scrúduithe ba dhéine a bhí iontu.
Rud maith é don lucht féachana nach mbeidh cosaint Dhún na nGall chomh docht is a bhí in 2014, nuair a chas na contaetha céanna ar a chéile sa gcluiche ceannais, ceann de na cluichí ceannais ba mheasa a imríodh le 20 bliain anuas.
Ceacht amháin atá le foghlaim ón lá sin, áfach, nach féidir a bheith cinnte faoi thada i gcluiche ceannais. Cé a cheapfadh roimh an gcluiche sin, mar shampla, nach scóráladh James O’Donoghue – a roghnaíodh mar Imreoir na Bliana an bhliain chéanna – tada sa gcluiche ceannais agus gurbh iad Paul Murphy agus Aidan O’Mahony beirt de na laochra is mó a bheadh ag Ciarraí ar an lá.
Tá chuile seans ann gur fear éigin eile seachas Clifford ná Murphy a bheidh muid a cheiliúradh faoi dheireadh an tráthnóna, ach pé duine agus pé foireann a mbeidh greim acu ar Chorn Mhig Uidhir faoin tráth sin, is cinnte go mbeidh sé saothraithe go maith acu.
Fionnbarra
Féadfair an gadhar a chur sa ghleo ach ní fhéadfair an gleo a chur sa ghadhar.
B’in ionú ag na Conallaigh inniu is oth liom a rá.
Cá raibh an spionnadh, an speach nó an spadhar?
An chuma ar chuid de na Conallaigh go mb’fhearr leo bheith imithe abhaile, iad marbhánta, maolchluasach agus meata….seachas fogha fánach searraigh ó am go ham nuair a mhaolaigh buachaillí na Ríochta, de bheagán.
Bhíodar san ar tinneal agus amuigh chuige ó thús deireadh, gach fear acu ina bheirt.
Rud a d’fhág nach raibh aon chluiche ceart againn….