Eugene McCabe, an scríbhneoir nár chum ‘ach sárshaothair’, ar shlí na fírinne 

Thuill a phrós lom fileata agus an ionramháil mhacánta ealaíonta a rinne sé ar chás an phobail i gceantar na teorann ardmheas ar Eugene McCabe

Eugene McCabe, an scríbhneoir nár chum ‘ach sárshaothair’, ar shlí na fírinne 

Tá an scríbhneoir agus drámádóir aitheanta Eugene McCabe tar éis bháis. Bhí sé 90 bliain d’aois.

Áirítear an scríbhneoir a rugadh i nGlaschú i 1930 ach a d’aistrigh go hÉirinn lena mhuintir sna 1940idí, ar dhuine de mháistrí próis na tíre seo.

Dúirt an t-úrscéalaí Colm Tóibín faoi, ‘Ní sholáthraíonn Eugene McCabe ach sárshaothair’. 

Ar na saothair is mó a thuill cáil dó bhí an dráma King of the Castle agus Cancer, Heritage agus Siege a thriológ de dhrámaí teilifíse faoi na Trioblóidí a craoladh ar RTÉ i 1973.

Tá an t-aon úrscéal leis Death and Nightingales, a foilsíodh in 1992, áirithe ar cheann de sheoda litríocht na hÉireann. Thuill Christ in the Fields, a chnuasach scéalta bunaithe ar na drámaí teilifíse ardmholadh chomh maith.

I 1999 foilsíodh Tales From The Poorhouse, ceithre mhonalóg leis faoin nGorta Mór. D’aistrigh Liam Mac Con Iomaire an saothar sin go Gaeilge agus craoladh leagan teilifíse de Scéalta Ó Theach na mBocht ar TG4 a raibh na príomhpháirteanna ann ag Brendan Gleeson, Mick Lally agus Ruth McCabe, iníon Eugene féin.

A phrós lom fileata agus an ionramháil mhacánta ealaíonta a rinne sé ar chás na ndaoine i gceantar na teorann agus ar cheisteanna amhail an seicteachas is mó a thuill moladh do McCabe mar scríbhneoir den chéad scoth.

Bhuaigh sé iliomad duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta agus ba bhall d’Aosdána é.

Maireann a bhean Margot, agus a leanaí Ruth, Marcus, Patrick agus Stephen.

Fág freagra ar 'Eugene McCabe, an scríbhneoir nár chum ‘ach sárshaothair’, ar shlí na fírinne '