Deir Teachta Dála agus iar-phríomhoide scoile gur gá a chur in iúl do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí go bhfuil sé indéanta agus inmholta go nglacfadh páistí a bhfuil díolúine acu páirt sa rang Gaeilge.
Ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais i dTeach Laighean inné, dúirt oifigigh shinsearacha ón Roinn Oideachais go bhfuil sé leagtha amach go soiléir gur chóir deis a thabhairt do dhalta ag a bhfuil díolúine páirt a ghlacadh sa rang Gaeilge a mhéid agus féidir. Dúirt an Teachta John Connolly ó Fhianna Fáil nach bhfuil sin á chur i bhfeidhm, áfach.
“Is í an tuiscint atá ag tuismitheoir [atá ag lorg díolúine dá bpáiste] ná nach mbeidh aon Ghaeilge á déanamh ag a bpáiste arís,” a dúirt sé. Dúirt an Teachta Connolly gurb amhlaidh go raibh an tuairim chéanna i measc múinteoirí.
Dúirt Connolly, a bhí ina phríomhoide ar bhunscoil i mBaile Átha an Rí sular toghadh é chun na Dála, gur ceist chasta a bhí i gceann na ndíolúintí agus gur bhraith sé i gcónaí gur ag iarraidh a ndícheall a dhéanamh ar son a bpáistí a bhí tuismitheoirí nuair a tháinig siad chuige ag lorg díolúine.
Luaigh sé arís moladh atá déanta ag an gcoiste go scaipfeadh an Roinn Oideachais bileog eolais ar scoileanna agus ar thuismitheoirí ina leagfaí amach na himpleachtaí a bheadh ann amach anseo do dhaltaí nach ndéanann staidéar ar an nGaeilge.
Dúirt oifigigh ón Roinn go raibh an t-eolas sin ar fáil cheana féin ar shuíomh idirlín na roinne ach géilleadh “nach léann tuismitheoirí na ciorcláin ar shuíomh na roinne gach lá” agus go raibh obair ar bun cheana féin chun bileoga eolais nua a fhorbairt.
Dúirt Brendan Doody, a bhíonn ag obair ar pholasaí oideachais speisialta na Roinne, go raibh sé soiléir go raibh páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu in ann an Ghaeilge agus teangacha eile a fhoghlaim agus nach raibh aon chúis ann, mar shampla, nach bhféadfadh dalta ag a raibh díolúine Gaeilge labhartha a fhoghlaim.
Dúirt Doody gur thart ar 2% de dhaltaí a bhí cláraithe i ranganna speisialta agus go mbíonn an-deacrachtaí acu le gnéithe den churaclam ach nach gciallaíonn sé sin nach bhfuil siad in ann teanga a fhoghlaim.
Bhí díolúine ón nGaeilge ag 2.2% de dhaltaí bunscoile anuraidh ach d’ardaigh sé sin go dtí 14.3% ag leibhéal na hiarbhunscoile.
“Tá sé ráite go soiléir sa gciorclán, mar shampla, nach é nach bhfoghlaimíonn tú an teanga díreach mar gheall go bhfuil díolúine agat. Ciallaíonn díolúine nach bhfuil ort gach gné den teanga a fhoghlaim ach má tá tú in ann éisteacht léi agus í a labhairt, níl aon chúis ann nach féidir leat do leibhéal cumais féin a bhaint amach,” a dúirt Doody.
“Ó thaobh an oideachais speisialta de, bheadh muid ag iarraidh agus ag súil nach ndéantar leatrom ar pháistí mar nach bhfuil ach rochtain acu [ar an nGaeilge] ó bhéal nó leis an gcluas.”
Dúirt Doody go raibh fadhbanna ann ag leibhéal na hiarbhunscoile leis an dearcadh atá ann maidir leis an nGaeilge. Dúirt sé go bhfeictear scoileanna áirithe ag déanamh cinnidh ranganna speisialta a chur ar siúl ag an am céanna leis an rang Gaeilge, rud a fhágann go mbíonn ar dhaltaí agus tuismitheoirí rogha a dhéanamh idir an dá rang.
“Tá a fhios agam go raibh cigirí istigh in iarbhunscoileanna agus nuair a bhreathnaigh siad ar an amchlár, bhí gach rud ag teacht salach ar an nGaeilge. Aon duine le riachtanas speisialta oideachais, [bhí na tacaíochtaí a cuireadh ar fáil dóibh] ag teacht salach ar an rang Gaeilge.
“Ní dea-chleachtas atá ansin, ní bheadh aon duine á mholadh sin mar ní thugann sé an deis dul i ngleic leis na riachtanais ar leith atá ag dalta,” a dúirt Doody.
Dúirt an Teachta Shonagh Ní Raghallaigh ó Shinn Féin go raibh páistí a raibh deacrachtaí acu le figiúirí sa rang aici nuair a bhí sí ina múinteoir Gaelscoile ach nár iarradh riamh díolúine ón Mata. Dúirt sí gur “easpa measa” ar an Ghaeilge agus “claontacht i gcoinne ár dteanga náisiúnta” a d’fhág go raibh an díolúine ann agus an líon ar a mbronntar sin ag dul i méid gach bliain.

Fág freagra ar 'Eolas faoi na himpleachtaí a bhaineann le díolúine a fháil ón nGaeilge le scaipeadh ar scoileanna agus tuismitheoirí'