Eoin Warner ar ais ar TG4 le clár nua, Mo Scéal Fhéin le Gearóid Willie Ó Fátharta, Rap nua ó Ghaelscoil Pheig Sayers, Le Boom i Luimneach

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh 

Eoin Warner ar ais ar TG4 le clár nua, Mo Scéal Fhéin le Gearóid Willie Ó Fátharta, Rap nua ó Ghaelscoil Pheig Sayers, Le Boom i Luimneach

AN NOLLAIG

Nollaig do Chách – Rap Nollag ó Ghaelscoil Pheig Sayers

Seoladh rap nua an tseachtain seo a chum daltaí Rang 5 agus Rang 6 i nGaelscoil Pheig Sayers mar chuid de thionscadal cruthaitheachta ‘Gaeilge sa Rithim’, comhléiriú idir Léiriú Súgradh Teo, Barr na gCnoc (COC), GMCBeats agus Foghlaim TG4. Díríonn an saothar nua seo ar théama atá fíorthábhachtach do pháistí ar fud an domhain, an tacaíocht, comhbhá agus tuiscint do na daoine atá ag fulaingt mar gheall ar chogadh, géarchéimeanna agus cruatan.

Scríobh na daltaí an rap le cabhair chruthaitheach ó @GMCBeats agus Barr na gCnoc (COC). ‘Nollaig do Chách’ an t-ainm atá ar an amhrán, píosa fuinniúil é atá lán le croí, fuinneamh agus spraoi.  In éineacht leis an bhfíseán ceoil, tá pacáiste foghlama ‘Nollaig do Chách’ ar fáil freisin don seomra ranga ina bhfuil gníomhaíochtaí bunaithe ar na téamaí seo: síocháin, dóchas, ceiliúradh agus an Nollaig, a bhfuil sé d’aidhm acu deis a thabhairt do pháistí machnamh a dhéanamh agus an chruthaitheacht a chleachtadh. 

Naisc anseo: Físeán agus pacáiste foghlamtha ar Foghlaim TG4 https://foghlaim.tg4.ie/ceacht/6385839785112

Margadh na Nollag in Amharclann Chois Fharraige

Cuirfear Margadh na Nollag ar bun in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) ar an Domhnach, 7 Nollaig, ón 11:00am go dtí a 4:00pm it a Beidh suas le 20 seastán ag ceardaithe áitiúla ag díol táirgí lámhdhéanta, bia agus deoch. Gealltar neart inspioráide don té atá ar thóir bronntanais Nollag atá speisialta agus sainiúil. Tá scéala faighte go mbeidh aoi an-speisialta ag bualadh isteach go dtí an margadh freisin an lá sin agus cuairteoir ón Mol Thuaidh ar an mbealach le bualadh le gasúir Chois Fharraige. Beidh Daidí na Nollag ag bualadh le gasúir óna 1:00pm. go dtí a 3:00pm Tá saorchead isteach.

CEOL

Dhá Gael-Rave eile ag Le Boom roimh dheireadh na bliana

Beidh dhá Gael-Rave eile á n-eagrú ag Le Boom roimh dheireadh na bliana, an chéad cheann san oíche, an 27 Nollaig ag tosú ag 11:00 i.n. agus beidh rave lae ar an 28 Nollaig, ag tosú ag 2:00 i.n. i Dolans Warehouse i Luimneach. Dísreach ceoldamhsa as An Uaimh i gCo. na Mí iad Le Boom a bhfuil cáil ar leith orthu as clubcheol fuinniúil, leictreonach a chothaíonn atmaisféar bríomhar, spraíúil. Úsáideann siad liricí i nGaeilge agus i mBéarla ina gcuid ceoil.

Gné ar leith a bhaineann leo ná an cumas atá acu buillí láidre ceoil a nascadh le fuinneamh pléascach na seónna beo a chuireann siad i láthair. Tá seónna díolta amach acu ag ionaid ar fud na hÉireann agus na hEorpa agus tacaíocht mhór faighte ag a dtraiceanna ó DJanna agus cláir raidió.

Tuilleadh eolais agus ticéid anseo:  www.weareleboom.com

LEABHAIR

Seoladh Mo Scéal Fhéin le Gearóid Willie Ó Fátharta

Beidh an leabhar Mo Scéal Fhéin le Gearóid Willie Ó Fátharta á sheoladh ag ócáid i dTigh Chualáin, Coill Rua, Indreabhán ar an gCéadaoin, 10 Nollaig ag 8:00 i.n. Is é Pádhraic Ó Ciardha a sheolfaidh an leabhar go hoifigiúil agus is í Caitlín Ní Chualáin a bheidh mar bhean an tí. De bhunadh Chois Fharraige i ndeisceart Chonamara an t-údar agus chaith sé blianta ar na misiúin i Meiriceá Theas, sa tSile agus sa Bhrasaíl go háirithe, le hOrd Naomh Colmbán. Seo scéal a bheatha, óna óige, a ghairm chun na sagartóireachta, agus an chaoi ar chinn sé a ghairm mar shagart a fhágáil agus aghaidh a thabhairt ar an saol mar fhear pósta is clainne.

 

Seoladh Castar Linn É: Scríbhinní Saoil le Peadar Neilí Ó Domhnaill

Beidh an leabhar Castar Linn É: Scríbhinní Saoil le Peadar Neilí Ó Domhnaill á seoladh ag ócáid i Halla an Acadaimh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, ar an Déardaoin, 11 Nollaig ag 7:00 i.n. Is í Cáit de Bhailís a sheolfaidh an leabhar go hoifigiúil. Is iad Cló Iar-Chonnacht atá á fhoilsiú agus é curtha in eagar ag Máire Ní Chualáin, Éamon Ó Cíosáin agus Peadar Ó Flatharta. Cnuasach cuimsitheach scríbhinní le scríbhneoir as an gCeathrú Rua, Conamara, Peadar Neilí Ó Domhnaill (1903–61), údar Seoda Aistí as Conamara. Leabhar próis é seo ina bhfuil ficsean agus neamhfhicsean, béaloideas, seanchas, logainmneacha, drámaí agus ábhar áitiúil eile.

TEILIFÍS

Oileán Glas, Fásach Bán, Eoin Warner ar ais le clár nua ar TG4

Sa gclár nua dúlra, Oileán Glas, Fásach Bán, caitheann Eoin Warner, fear dúlra, tréimhse bliana ag siúl na gcnoc is na leac go léiríonn sé saol ceilte réigiún Bhoirne. Sa tsraith dhá chlár seo, déanann Eoin a mhachnamh ar stair na dúiche, tagann ar áit adhlactha na ndaoine is túisce a rinne cónaí anseo, a ghlan na foraoisí agus a chruthaigh ceantar Bhoirne mar is eol dúinne inniu é agus siúlann sé bóithre gan ceann scríbe a rinneadh aimsir an drochshaoil, ré ghruama de stair Bhoirne.

Díol suntais an Bhoirinn gur gnáthóg de dhéantús an duine atá ann; ba iad na daoine a bhí in Éirinn i ré luath na staire a leag na crainn ionas gur fágadh na leaca aolchloiche lom.

Ainmhithe, éin, gnéithe de stair an dúlra agus stair mhuintir an réigiúin féin príomhthéamaí na sraithe seo faoi cheantar Bhoirne. Feictear Eoin i mbun coisíochta ar fud na réimsí is iargúlta den réigiún ag faire ainmhithe agus éin fhiáine agus na háiteanna ina maireann siad.  I gceantar Bhoirne atá ceann de na séadchomharthaí seandálaíochta is iomráití sa tír seo, dolmain Pholl na Brón. Síneann réimse geolaíochta Bhoirne go hOileáin Árann agus in Inis Mór atá Dún Aonghasa, ceann de na dúnta ceann tíre is cáiliúla in iarthar na hEorpa. Arna léiriú ag Crossing the Line Productions.

Craoladh an chéad chlár ar TG4 ar an gCéadaoin, 3 Nollaig agus beidh an dara clár á chraoladh ar an 10 Nollaig ag 9:30 i.n.

Féach ar bhlaiseadh ón gclár ar YouTube ag an nasc seo: https://www.youtube.com/watch?v=QWLmCn4S1ik&feature=youtu.be

SCOIL GHEIMHRIDH

 

Bríd Ó Gallchóir agus Gearóíd Ó Cairealláin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin i mBéal Feirste

Beidh Scoil Gheimhridh in ómós do Ghearóid Ó Cairealláin á reáchtáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich idir an 5 agus an 6 Nollaig. Cuirfear réimse imeachtaí ar bun i rith na scoile cothrom le bliain ó d’imigh Gearóid ar shlí na fírinne.

I measc na n-imeachtaí beidh oíche scannáin tráthnóna Dé Sathairn, 5 Nollaig, ag a dtaispeánfar clár faisnéise a rinne RTÉ faoi Ghearóid Ó Cairealláin agus taispeánfar an scannán Is Olc an Ghaoth ina dhiaidh.

Beidh pléphainéal cainte ar siúl níos luaithe an lá céanna agus ‘Iriseoireacht na Gaeilge agus Tógáil Pobail’ mar ábhar ann, ag tosú ag a 3pm. Tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Instagram Chultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Fág freagra ar 'Eoin Warner ar ais ar TG4 le clár nua, Mo Scéal Fhéin le Gearóid Willie Ó Fátharta, Rap nua ó Ghaelscoil Pheig Sayers, Le Boom i Luimneach'