‘English only’ – cosc ar oibrí de chuid AA Ireland seirbhís trí Ghaeilge a thabhairt do chustaiméir

Deir AA Ireland gur i mBéarla amháin a chuirtear seirbhís ar fáil dá gcustaiméirí agus gur ‘cúinsí praiticiúla’ is cúis le gan cead a bheith ag oibrithe dá gcuid Gaeilge a labhairt agus iad i mbun glaonna fóin

‘English only’ – cosc ar oibrí de chuid AA Ireland seirbhís trí Ghaeilge a thabhairt do chustaiméir

Chuir AA Ireland, an cumann seirbhísí gluaisteán, stop le duine dá bhfostaithe a bhí ag tabhairt seirbhíse i nGaeilge do chustaiméir.

Ba trí thimpiste a fuair Dáithí Mac Cárthaigh, an t-abhcóide aitheanta, seirbhís trí Ghaeilge ó fhostaí de chuid an AA nuair a ghlaoigh sé ar an gcumann, ach ní fada a mhair an tseirbhís sin mar dúradh leis an bhfostaí éirí as an nGaeilgeoireacht toisc cosc a bheith ar a leithéid ina chuid oibre.

Ag labhairt dó ar Cormac ag a Cúig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tráthnóna inné, dúirt Mac Cárthaigh gurb é an fostaí de chuid an AA féin a d’iompaigh ar an nGaeilge agus gurb é chomh maith a thug le fios ina dhiaidh sin go raibh treoir faighte aige Béarla a labhairt toisc cosc a bheith ar Ghaeilge ina chuid oibre.

Dheimnigh an AA gur i mBéarla amháin a chuirtear seirbhís ar fáil dá gcustaiméirí agus gur “cúinsí praiticiúla amháin” is cúis le gan cead a bheith ag oibrithe dá gcuid Gaeilge a labhairt agus iad i mbun glaonna fóin.  Thug siad le fios chomh maith go mbeadh costas breise ag baint lena gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, nó i dteangacha eile.

“AA staff members receive specific telephone training with respect to AA services and their calls are routinely monitored and evaluated. This is only provided in the English language. For us to offer the full range of services in Irish as well, along with the training, evaluation, monitoring and support that go with them, would not be practical. To do so would add considerable additional cost to AA products and services and we do not feel that it would be justified to charge our customers for those additional costs.

“I am very sorry that this position disappoints Mr MacCarthaigh but it is taken for practical reasons rather than any other consideration. We believe that this is the best way to serve our Members efficiently and well.”

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh gur “bocht an scéal” é go mbeadh a leithéid de pholasaí ag an eagraíocht agus chuir an eachtra as go mór dó.

“Iarradh orm mo sheoladh a dheimhniú agus nuair a chonaic sé gur Ráth Chairn an seoladh a bhí agam, thosaigh an fear óg ar an taobh eile den líne ag Gaeilgeoireacht liom … agus bhí sé sin go deas. .. bhí cúrsaí ag dul ar aghaidh go breá agus ansin gearradh an líne go tobann agus tháinig sé thar n-ais chugam ansin agus d’iompaigh sé ar an mBéarla.   Shíl mé go raibh sé saghas ait .. Bhris an líne go tobann, cosúil leis an Rúis fadó.” 

“Lean mé ar aghaidh i mBéarla … agus dúirt mé ‘arb é nach bhfuil cead agat an Ghaeilge a labhairt le haghaidh do chuid oibre?’  Níl, a deir sé.   Bhí sé sin go dona.  Ó tharla go raibh siad ag taifeadadh thosaigh mé ag óráidíocht. Dúirt mé gur bocht an scéal é agus nach mbeadh mé ag leanúint mar chustaiméir más é seo an leagan amach atá ag an AA,” arsa Dáithí Mac Cárthaigh, abhcóide agus iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, ar Cormac ag a Cúig.

Dúirt an tUasal Mac Cárthaigh gur chuir sé teachtaireacht chuig AA Ireland agus gur mhol sé go bhféachfaí ar a leithéid d’fhostaí mar bhuntáiste seachas mar mhíbhuntáiste, in áit “toirmeasc” a chur ar úsáid na Gaeilge “san ionad oibre”.

Dúirt Mac Cárthaigh go raibh a bhallraíocht le AA Ireland curtha ar ceal aige i bhfianaise na heachtra.

“Ní shin míniú.  Ní bheadh costas ar bith ar dhuine ar bith dá mbeadh cead ag an bhfear sin leanúint ar aghaidh i nGaoluinn … Ní raibh mé ag lorg seirbhís iomlán i nGaeilge … Ní raibh mé ach ag lorg ná ná beadh cosc ar an té a bhí ag labhairt liom Gaoluinn a labhairt,” a dúirt Mac Cárthaigh.

Mhol an t-abhcóide go bhféachfaí le reachtaíocht a thabhairt isteach a d’fhágfadh nach mbeadh cead ag fostóirí cosc a chur ar dhaoine Gaeilge a labhairt san ionad oibre mura mbeadh cúis an-mhaith acu leis an gcosc sin.

Níl aon ní i reachtaíocht comhionannais nó teanga na hÉireann a chuirfeadh bac ar fhostóir cosc a chur ar Ghaeilge sa láthair oibre. Faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, níl an teanga atá ag duine nó grúpa i measc na “bhforas idirdhealaitheacha’.

De réir na míre san Acht ina leagtar amach na forais sin, bíonn leithcheal i gceist más rud é go ndéantar idirdhealú idir daoine ar bhonn inscne, stádais pósta, teaghlaigh, gnéaschlaonta, creidimh, aoise, míchumais, cine, nó más duine den Lucht Siúil atá i gceist.

Níl aon ní ach an oiread i reachtaíocht teanga na hÉireann a chuireann bac ar fhostóir cosc a chur ar an nGaeilge, cé go mbeadh a leithéid d’éileamh i gcoinne an dlí i ndlínsí eile, Ceanada agus an Bhreatain Bheag, mar shampla.

Bhí cúrsaí cearta teanga sa láthair oibre go mór i mbéal an phobail nuair a tháinig sé chun solais arú anuraidh gur éirigh oibrí beáir i dteach tábhairne mór le rá i gcathair Chorcaí as a phost tar éis dó rabhadh a fháil gan Gaeilge a labhairt agus é ar dualgas.

Tharla easaontas idir Cormac Ó Bruic, ó Chorca Dhuibhne, agus úinéirí teach tábhairne an Flying Enterprise mar gheall ar nós an fhir óig a theanga dhúchais a labhairt agus é i mbun oibre.

Fág freagra ar '‘English only’ – cosc ar oibrí de chuid AA Ireland seirbhís trí Ghaeilge a thabhairt do chustaiméir'

  • Learraí

    Má bhíonn sé de mhisneach agat do theanga dhúchais a labhairt in áiteanna áirithe in Éirinn nó i Londain is duine cróga thú.

  • AnRógaire

    Bliain na Gaeilge? Athbheochan? Comhionnanas? #CurigCéill!

  • Eoghan ONeill

    An teach leanna i gCorcaigh, an Bank of Ireland agus anois an AA samplaí den bhrú ‘English only’ atá sa tír seo atá i gcomh-chéim leis na trumpadóirí thall. D’Aonghuth go léir – NO PASARÁN!

  • Roddy

    Bíonn polaiteoirí, IDA agus IBEC i gcónaí ag rá “But aren’t we the only English-speaking country left in the EU and won’t that attract the multinationals in to support corporate Ireland. “ B’fhiú éisteacht le hIan McAndrew ball de bhoirdÚdaráis na Gaeltachta ar Adhmhaidin RnaG inné agus é ag maíomh as na buntáistí atá ag muintir na Gaeltachta mar Bhéarlóirí agus ag an am céanna é ag bladráil faoi “pleanáil teanga”. Cineál íoróineach nach ea?… ach ar stáisiún raidió lánBhéarla Erris FM i mBelmullet theGaeltacht service town Teo.

  • Gearóid

    Bíodh náire oraibh, a AA. Cosc ar Gaeilge, an ea? Sa tír seo? Tá mise i mo bhall den AA ag an bhomaite – déanaigí rud éigin faoin mhasla seo go gasta, le bhur dtoil. Bulaí fir, a Dháithí,

  • Traolach Ó Sioradáin

    Tá droch-mheas agam ar an AA anois mar gheall ar an eachtra seo.

  • Proinsias Brinkley

    Ní raibh gá agam gnó a dhéanamh leis an AA riamh. Mar a tharla, anois agus mé ag dul in aois, bhíos díreach chun liostáil mar ball leo as seo amach. Nach maith an rud é nach raibh sé déanta agam! Anois is ag scaipeadh an scéal scannalach seo le mo cháirde go léir a bhéas mé.

  • Fidelma

    Beidh mise ag cealú mo bhallraíochta amárach. AA Ireland! AA bradach dímheasúil – mór an náire iad!

  • Maire

    Bhí comhlacht aistriúcháin .i. Oisín a raibh an Béarla mar lingua franca acu freisin. Bate dat!

  • AnRógaire

    Ó tharla nach féidir seirbhís a fháil ón earnáil phríobháideach i ngaeilge ar chor ar bith, beidh sibh gan seirbhís más ea. (Ní hé gur féidir libh bhur ngnó a bhronnadh ar chomhlucht eile a dhéanfaidh freastal oraibh i ngaeilge).

  • Éamonn Ó Floinn

    Conas is féidir le comhlachtaí sa Bbreatain Bheag, i dTír na mBasach, sa Chatalóin, San Fhionlainn agus go leor tíortha role seirbhís dhátheangach a chur ar fáil. Cén fáth nach féidir le comhlachtaí in Éirinn é seo a dhéanamh don Ghaeilge?