‘Éiríonn duine bréan de na ceapairí ‘tóstáilte’ sa tír seo’

Tá sé an-chontúirteach talamh slán a dhéanamh de faoi staid intinne duine éicint eile…

‘Éiríonn duine bréan de na ceapairí ‘tóstáilte’ sa tír seo’

Ní raibh Joe Biden éirithe as an rás chun na huachtaránachta nuair a rinne mé m’oilithreacht bhliantúil go hInis Meáin. Ach bhí go leor cainte agus díospóireachta faoi ar an aer agus sna meáin trí chéile ag an am. Bhí aois mhór aige. An raibh sin ag cur isteach ar a mheabhair, ar a cholainn?

Níorbh fhéidir na comharthaí a shéanadh. Ach, ar nós go leor daoine a mbíonn laigeachtaí meabhrach orthu, ní raibh siad riamh chomh soiléir ná chomh leanúnach sin.

Bíonn sé deacair do mhéar a leagan ar dheacrachtaí den chineál sin. Bíonn tréimhsí an-mhaith ag daoine a mbíonn an galar Alzheimer orthu, mar shampla. Agus bíonn drogall ar dhaoine a oibríonn leo tuairim a nochtadh faoin bhail a bhíonn ar a gcomhghleacaithe. Déanann daoine leithscéal fúthu an fhad is a fhéadfaidh siad.

Tá sé contúirteach a dhul sa seans faoin ábhar seo. Tá sé an-chontúirteach talamh slán a dhéanamh de faoi staid intinne duine éicint eile.

Ach sin a rinne mé féin ar an mbád ar ais as Inis Meáin. Bhí bean a bhí amach sna blianta ina suí taobh thiar dínn ar an deic íochtair. Ba chosúil go raibh daoine a bhí muinteartha léi taobh thiar di féin.

An créatúr, a dúirt mise liom féin. Le teann trua a d’fhreagair mé í nuair a thosaigh sí ag caint linn.

Bhí sí tar éis cúpla lá a chaitheamh san oileán agus thaitin sé go mór léi. Dúirt sí linn gur minic a chaith sí saoire in oileáin éagsúla an chósta thiar. Nach deas sin, a dúirt mé liom féin agus d‘fhiafraigh mé di an raibh mórán áiteacha eile ar thug sí cuairt orthu i mbliana nó aon uair, go deimhin. Bhí mé ag smaoineamh ar Chnoc Mhuire, nó lá siopadóireachta sa chathair, b’fhéidir.

‘Fan go bhfeicfidh mé,’ a d’fhreagair sí agus í á déanamh féin compordach sa suíochán taobh thiar.

‘I mbliana, bhí saoire an-deas agam sa tSeapáin agus thugamar cuairt ar an gCóiré freisin. Cúpla seachtain ó shin bhí mé sa nGearmáin. Agus ó thús na bliana bhí mé i Tenerife, sa Laitvia – don opera – agus sa Spáinn.’

‘Nach deas an rud a bheith in ann taisteal?’ arsa sise. ‘Éiríonn duine bréan de na ceapairí ‘tóstáilte’ sa tír seo.’

Shíl mé nach gcuirfeadh sé isteach rómhór uirthi dá bhfiafróinn di, cén aois a bhí aici. Bhí sí amach sna seachtóidí, cinnte.

‘Tá mé 87 bliain,’ a dúirt sí agus í sásta go maith léi féin.

D’inis sí dúinn go raibh an-suim ag a fear céile i gcúrsaí taistil. Théidís thar lear chuile bhliain, go hiondúil ar feadh míosa nó mar sin. Fiú amháin nuair a bhí páistí beaga acu, théidís ag taisteal.

Seisear mac a bhí acu – ‘buachaillí áille amach is amach’ a dúirt sí. Bhí duine acu ina shuí taobh thiar di in éindí lena bhean chéile – thángadar siúd chuig an oileán chun í a bhailiú. Ach beag an baol go raibh sí chun filleadh abhaile agus an tráthnóna a chaitheamh ar an tolg – bhíodar ar fad ag dhul a’ fanacht in óstán thar oíche i nGaillimh.

Ceithre bliana ó shin, cailleadh a fear céile tar éis saol fada sona lena chéile. Seasca bliain a bhíodar pósta. ‘Fear gnó a bhí ann,’ d’fhreagair sí nuair a chuireamar ceist faoi ngairm a bhí aige.

Thosaigh sí ag smaoineamh siar ar na háiteacha ar fad a thaistil siad le chéile lena gclann. An raibh aon áit ar leith a sheas amach?

Bhí cuimhne ar leith aici faoin turas a thugadar ar Machu Picchu i bPeiriú roinnt mhaith blianta ó shin. Chuimhnigh sí ar na boinn a bhí ar an mbus a híreáil siad. ‘Bhíodar ar nós síoda!’

Agus ag taisteal ar bhóithre cama, contúirteacha amuigh sa bhfiántas, ní raibh aon chosaint ná fál ar thaobh an bhóthair agus iad ag dul in airde an t-am ar fad. Ba chuimhin léi an scanradh a bhí uirthi nuair a d’fhéach sí amach agus ní fhaca sí tada ach an abhainn shuaite agus carraigeacha i bhfad síos uaithi.

‘Agus bhíomar ar ár n-aire mar gheall ar na treallchogaithe ‘Shining Path’ a bhíodh ag ionsaí turasóirí an uair úd,’ a dúirt sí.

Thaitin an turas go dtí an India léi freisin ach amháin gur tharla sciorradh talún agus scaradh iad ón mbuíon saighdiúirí a bhí ag taisteal ó thuaidh freisin.

Ní raibh aon bhia acu agus ba léir go dtógfadh sé dhá lá, ar a laghad, an bóthar a ghlanadh. Bhreathnaigh a fear céile timpeall, suas agus síos an gleann. Chonaic sé teach beag feilme agus sicíní ag rith timpeall air. D’iarr sé ar an tiománaí, a raibh an teanga aige, rith síos agus sicín a cheannach.

Ach ba Hiondúch a bhí sa tiománaí agus feoilséantóir a bhí ann. Ní raibh seisean róthógtha leis an smaoineamh toisc gur thuig sé go mbeadh air an sicín a chur den saol freisin. Ach thug sé an sicín beag ar ais chuig an mbus, mharaigh a fear céile é sciobtha go maith agus bhruith an tiománaí é sa sáspan beag a bhí ar iompar aige dá chuid bia féin. ‘Ba é sin an dinnéar ab fhearr a bhí agam riamh,’ d’fhógair sí ar an mbád.

Bhí mé ag éirí fiosrach faoin bhfear gnó seo a raibh sí pósta leis cé go raibh sé ríshoiléir gur bean chumasach a bhí inti féin.

‘Thosaigh sé le leoraí ag dul thart sa cheantar ag bailiú meala,’ a dúirt sí. ‘Chonaic sé go raibh bearna sa mhargadh agus go raibh go leor daoine a raibh mil á déanamh acu thart faoin tuath.’ Ach diaidh ar ndiaidh tháinig deireadh leis an táirgeadh sin a bhí ar scála an-bheag. B’fhacthas dó go raibh gá le mil a iompórtáil agus an gnó a mhéadú. B’in é tús Boyne Valley Honey.

Malachy McCloskey an t-ainm a bhí air agus ba léir gur fear iontach gnó a bhí ann. Thosaigh sé le leoraí amháin agus chríochnaigh sé leis an iliomad gnóthaí a raibh baint acu le bia agus earraí tí. Bhronn Rialtas na Spáinne onóir air de bharr chomh maith agus a d’éirigh lena ghnó ola olóige Don Carlos. Bronnadh MBE air de bharr an méid a bhain sé amach chun gnó idir Éirinn agus an Bhreatain a chur chun cinn.

Thug Ruairi Quinn, a bhí ina Aire Rialtais ag an am, cuairt air nuair a bhí lag trá eacnamaíochta ann i lár na n-ochtóidí. D’iarr sé air an bhféadfadh sé aon rud a dhéanamh dá cheantar (thart ar Dhroichead Átha). Bhunaigh Malachy Killeen Products – mapaí, lámhainní, málaí bruscair agus a leithéidí. Tá na céadta fostaithe sa lá inniu i ngnóthaí éagsúla a bhunaigh fear an leoraí.

‘Agus is dócha go bhfuil tú ag dul a’ ligean scíthe’ anois?’ a d’fhiafraigh mé den bhean shiúlach. ‘Bhuel, beidh mé ag tabhairt cuairt ar Stratford i mí Mheán Fómhair,’ d’fhreagair sí. ‘Sin don Shakespeare, a bhfuil a fhios agat,’ a mhínigh sí go cineálta dom.

Tá súil agam go mbeidh caoi mhaith ar na boinn ar an turas sin.

Fág freagra ar '‘Éiríonn duine bréan de na ceapairí ‘tóstáilte’ sa tír seo’'

  • Sinéad ní c

    Alt den scoth. Tá aithne agam ar sheandaoine fíor-chumasacha atá fós ag obair go rathúil agus ar dhaoine óga nó meán-aoiseacha nach bhfuil in ann ag a gcuid poist de bharr fadhbanna meabhairshláinte