‘Éilím cead bollocks de dhuine a chumadh’ – aighneas idir beirt scríbhneoirí Gaeilge faoi léirmheas

Léirmheas le Anna Heussaff ar an úrscéal is déanaí de chuid Alan Titley a foilsíodh ar Comhar a spreag rud is annamh – an t-aighneas litríochta sa Ghaeilge

‘Éilím cead bollocks de dhuine a chumadh’ – aighneas idir beirt scríbhneoirí Gaeilge faoi léirmheas

Is minic ráite go mbíonn saol litríocht na Gaeilge ábhairín leamh agus go mbíonn scríbhneoirí Gaeilge beagáinín rómhilis lena chéile, go poiblí pé scéal é.

Údar iontais mar sin, b’fhéidir, go bhfuil éirithe idir beirt de na scríbhneoirí is aitheanta agus is bisiúla i saol na Gaeilge – Alan Titley agus Anna Heussaff.

Léirmheas le Heussaff ar an úrscéal is déanaí de chuid Titley is údar leis an aighneas.

Foilsíodh an léirmheas fíorcháinteach ar Lámh, Lámh eile ar eagrán mhí Eanáir de Comhar agus spreag sé freagra bríomhar ó Titley féin ar an eagrán is déanaí den iris liteartha.

Cé go dúirt Anna Heussaff go raibh úrscéal bleachtaireachta Titley “breac le habairtí pléisiúrtha” dúirt sí nár thaitin an “greann chlós scoile na mbuachaillí” ann léi. Mhaígh sí go raibh an iomarca “droch-chainte” ann agusgur éirigh sí bailithe den stíl ann tar éis tamaill.

“Sula raibh leath an leabhair léite agam, is oth liom gur thuirsigh mé den bhladhmann, den áibhéil, den athrá mórchúiseach, agus fiú den síor-imeartas focal, dá dheisbhéalaí é,” a scríobh sí.

Ach níorbh í sin an chuid den léirmheas a spreag Titley chun freagra a thabhairt ar an gcáineadh ach an t-ionannú a rinne Heussaff, dar leis, idir a chuid tuairimí féin agus tuairimí phríomhcharachtar an leabhair, an bleachtaire, Shamus.

Mhaígh Heussaff gur trua nach ndearna sé athscríobh ar an leabhar ionas go mbeadh na tuairimí ann faoin lucht siúil agus faoi mhná ag teacht níos mó leis an gcineál tuairimí a bhíonn ag Titley féin ina cholún seachtainiúil san Irish Times.

“Nó abraimis go raibh an leagan den scéal atá againn fágtha i leataobh ag an údar mar dhréacht, an mbeadh athmhachnamh déanta aige air tar éis cúpla mí, i bhfianaise na dtuiscintí íogaire a léiríonn sé ina cholúin nuachtáin?

“An bpléifeadh sé a chuid smaointe don phlota le duine ar nós John Connors, a chuir sraith teilifíse den scoth maidir le dúchas agus stair an lucht siúil i láthair le déanaí ar RTÉ?”

Dar le Titley gur léirigh an léirmheastóir míthuiscint bhunúsach faoi chúrsaí litríochta agus faoi chúrsaí léirmheastóireachta araon.

“Is róchuma liom cad deir aon duine ar bith faoi mo chuidse scríbhneoireachta. Is binn mar a fuair batráil cheana agus í tuillte, (b’fhéidir), agus gheobhaidh arís. Ach ionsaí ar mo chuidse tuairimíochta, sin rud eile, mura bhfuil sin ag dul dom.

“Bainim de thuiscint as an léirmheas gurb ionann mo chuidse tuairimí agus tuairimí Shamus. Is deacair dom a shamhlú go gceapfaí sin. Bunurlár de chuid na critice é. Ní James Joyce é Stephen Dedalus (nó a mhalairt timpeall), ní Bram Stoker é Dracula, ní J.K.Rowling é Harry Potter, ní Máirtín Ó Cadhain é Caitríona Pháidín, ní Pádraic Ó Conaire é Neil, ní Stendhal é Julien Sorel, ní Walt Disney é Mickey Mouse…”

Deir Titley gur léir gur gean le Heussaff a chuidse colún maidir “le seasamh polaitíochta agus daonnachta de” agus go gcreideann sí dá bharr nach foláir dó sin a leanúint ina chuid scríbhneoireachta cruthaithí chomh maith.

“Sin mise agus Shamus inár n-aon duine amháin,” ar sé.

Tagraíonn Titley chomh maith do léirmheas eile a rinneadh ar Lámh, Lámh eile inar dúradh gur ‘unapologetically, a bollocks’ é  an príomhcharachtar, Shamus.

“Is ea. B’fhéidir é. Ach ní mise é. Ní mise Shamus. Ní shílim gur bollocks mé formhór an ama ach éilím cead bollocks a chumadh im chuid samhlaíochta,” arsa Titley.

Mhaígh an scríbhneoir as Corcaigh gur mhúscail an léirmheas ar a leabhar ar Comhar ceist bhunúsach faoi chúrsaí litríochta agus faoi shaoirse an scríbhneora.

“An é nach bhfuil cead againn ár rogha charachtar a cheapadh gan dul faoi scrúdú éigin a chomhlíonfaidh réamhthuairimí agus réamhbhunurláir chreidimh/reiligiúin/náisiúnta/stíle/inscne/aicme/Ghalldachta/Ghaelachais/ inchlúisíobhtachúlachtachais nó pé rud atá ag an bhfaisean atá in airde láin i gcaitheamh na huaire sa spás ama seo a bhfuilimid ann anois agus mar sin de?

“An bhfuil boscaí áirithe le ticeáil ag an scéalaí anois mar a bhíodh ag an mbord cinsireachta fadó? Más mar sin atá, tá chomh maith againn éirí béal na gclár as. Nó, mar a deirtí ar Dragons Den tráth: ‘I’m out!’.”

Saol na teanga a bheith chomh beag sin an chúis is minice a luaitear le gan oiread sin faobhair a bheith uaireanta ar léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge nó leis na deacrachtaí a bhíonn ag eagarthóirí léirmheastóirí a fháil.

Deir Eagarthóir Litríochta Comhar Tristan Rosenstock go bhfuil gá leis an uile chineál léirmheasa.

“ ‘Níl a leithéid de rud ann agus drochphoiblíocht – seachas tuairisc do bháis féin’. Bhí an ceart ar fad ag Breandán Ó Beacháin sa mhéad sin, agus spreagann gach aon chineál léirmheasa daoine le leabhar a léamh agus a mheas iad féin. Tá súil agam gur spreag léirmheas Anna daoine le húrscéal Alan a léamh,” arsa Tristan Rosenstock.

Deir Alan Titley féin go mbeidh “an mhíthuiscint ealaíne farainn i gcónaí, mar sin é is brí leis an litríocht” agus nach gá gur rud maith é gur annamh aighneas litríochta sa Ghaeilge.

“Dá mbeimis ar aon fhocal agus ar an aon rámh níorbh fhiú caicíní asail nó bualtraíní bó sinn. Go deimhin, is fada ó bhí aon aighneas ceart litríochta againn sa Ghaeilge. Táimid ródheas lena chéile. 

“Tá gach aon fhile go maith, agus gach aon úrscéal go hiontach, mar is eol dúinn. Ba ghann iad na sáiteáin agus na sceana ó aimsir Sionnach ar Mo Dhuán agus filí INNTI nuair a ceapadh nárbh fhilí in aon chor iad, gan trácht ar na haighnistí timpeall ar an teoiric liteartha agus a lean sular cuireadh chun báis í.”

Tagairt é sin do léirmheas conspóideach a scríobhadh faoi úrscéal uirbeach Bhreandáin Uí Eithir Sionnach ar Mo Dhuán agus don doicheall a léirigh daoine áirithe roimh shaothar fhilí óga na seachtóidí amhail Nuala Ní Dhomhnaill, Michael Davitt agus Gabriel Rosenstock.

Beidh le feiceáil an fíor d’údar Lámh, Lámh eile nach bhfuil “go leor ualaigh” san aighneas idir é féin agus Anna Heussaff “le go músclófaí criticeoirí as a suan”.

Fág freagra ar '‘Éilím cead bollocks de dhuine a chumadh’ – aighneas idir beirt scríbhneoirí Gaeilge faoi léirmheas'

  • Traolach Ó Sioradáin

    De réir na bhfíricí san alt thuas, aontaím le Alan Titley.

  • An clósachán

    Ráig na meastóirí maola gan aird!

  • Seán Mag Leannáin

    Díol spéise é an t-easaontas seo idir beirt scríbhneoirí. Cruthaíonn sé go bhfuil beocht éicint ann fós i saol litríocht na Gaeilge. Cuireann sé i gcuimhne dom an chonspóid a lean léirmheas ar leabhar Bhreandáin Uí hEither, Sionnach ar mo Dhuán, siar sa bhliain 1988. Cuirtear i gcuimhne freisin an t-easaontas is binbe riamh i saol litríocht na Gaeilge – b’shin an ceann a spreag fhoilsiú Ar Thóir Mo Shealbha sa bhliain 1960 idir an t-údar Tarlach Ó hUid agus Máirtín Ó Cadhain.

    Sa bhliain 1960 a foilsíodh an saothar dírbheathaisnéiseach seo. Rinne Ó Cadhain ionsaí fíochmhar air san iris Feasta, Iúil na bliana sin. Chaith sé corradh agus 13,000 focal á dhíspeagadh. Mar a dúirt Risteard Ó Glaisne ‘níor fhág sé fuíoll cáinte air.’ Dúirt Ó Cadhain go ligfeadh sé thairis ‘uilig é, marach é bheith dhá fheiceáil dom go bhféachfar le cuid de chaint Í Uid a chur chun fóint mar fhianaise staire.’

    Céard go díreach a bhí sa leabhar seo a chuir an Cadhnach ar buile? Is léir gurbh é cuntas Uí hUid ar fheachtas míleata an IRA, agus an meon a léirigh sé i dtaobh easpa fiúntais agus moráltachta an fheachtais sin, ar an bpríomhrud a chuir fearg air. Cé gur tháinig siad ó chúlraí an-éagsúla ar fad mar fhir óga chuaigh siad araon leis an IRA. Bhí sé sa chinniúint fosta ag an mbeirt acu blianta an Chogaidh a chaitheamh ina n-imtheorannaithe. Fad is a bhí Ó hUid i bpríosúin sa Tuaisceart bhí Ó Cadhain ‘idir trí nó ceathair de phríosúin’ sa Deisceart ‘ach ba sa gcampa géibhinn ar Churrach Chill Dara a chaith [sé] an chuid is mó dhe.’ Bhí seisean idir 33 agus 38 bliain d’aois sa tréimhse sin. Bhí Ó hUid thart ar deich mbliana níos óige.

    Sa phríosún dóibh is cinnte nach raibh ceachtar acu díomhaoin. Rinne Ó hUid an t-uafás léitheoireachta agus chuaigh sé i mbun ranganna dá gcomhphríosúnaigh. Rinne an Cadhnach na rudaí ceannann céanna sa Churrach. Chuir Ó hUid eagar ar an bpáipéar lámhscríofa príosúin Faoi Ghlas. Ar an gcuma chéanna bhí Ó Cadhain ‘i mbun páipéar a bhí ag na géibheannaigh Barbed Wire ar feadh tamaill.’ Scríobh Ó hUid a chéad leabhar sa phríosún. In 1969 dúirt Ó Cadhain ‘[gurbh] shin iad na laethantaí dháiríre [agus é sa Churrach] ar thosaigh mé ag scríobh. Is cuimhneach liom an stróbh a bhí mé a chur ar m’intinn agus an fiucha a bhí inti agus mé dhá scríobh sin [An Bóthar go dtí an Ghealchathair].’

  • Séamus

    Tá pointe maith ag Alan Titley anseo. Léim féin léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge i gComhar nó áiteanna eile agus de ghnáth bíonn gach leabhar á mholadh – ní féidir le gach leabhar agus gach údar a bheith go hiontach!

  • Colmán Ó Drisceoil

    Táim ar aon intinn le hAlan. An leabhar críochnaithe le fíordhéanaí agam agus an-taitneamh bainte agam as. Deineann an carachtar fonóid faoi gach duine lena mbuaileann sé: muintir Mhuineacháin, An Chabháin, na Mí, an Lú, Chiarraí, Chorcaí, Bhaile Mhic Andain, Dhoire, Thiobrad Árann, Luimní is go leor eile. Mheasas an deireadh a bheith saghas lag, ach is mar sin a bhíonn a bhformhór, sílim. Is sa scéal atá an pléisiúr, ní sa chríochnú.

  • Balacs dhe Chonamarach!

    Ní theastódh mórán grinnis léirmheastóireachta lena shonrú go bhfuil tóir ag Titley ar charnadh focal, agus amanta fearacht an Chadhanaigh go dtéann sé i bhfad scéil leo, ach is suarach í an léirmheastóireacht a d’éileodh ar scríbhneoir ar bith a chuid tuairimí féin a fhoilsiú ina shaothar cruthaitheach. Cén sórt ealaíne í sin?
    Cén Corcaíoch nach bhfuil ina bhalacs? Ach is balacs spraoiúil, spleodrach, meanmnach, goilliúnach é AT, bail ó Dhia air.
    Go bhfágtar a’inn é!

  • Philip Cummings

    Cad é an Ghaeilge cheart ar ‘dí-ardánú’? Tá ‘comharthaíocht suáilce’ ag tearma.ie ar ‘virtue signalling’ ach sílim gurbh fhearr liom féin ‘mór-is-fiúchas’ don tréith sin. Cibé, sin an dá rud atá ar bun ag Heusaff ina ‘doiléirmheas’ ar leabhar Titley, agus an ceart ar fad ag Titley gearán a dhéanamh fúthu.

    Ní léirmheas ar an leabhar féin atá ann, ar dhóigh amháin. Níor léigh mé féin an oiread sin den mhodh choinníollach i léirmheas riamh: ‘dá mbeadh an leabhar mar seo …’, ‘da ndéanfadh an t-údar a leithéid eile seo …’ etc. Na fíricí, a bhean uasail, rud ar bith ach na fíricí.

  • Feardorcha

    Chuaigh an scríbhneoir óg seo go dtí an máistir ag lorg comhairle mar ba mhór aige a bheith ina scríbhneoir agus seiceanna móra ramhra a fháil go rialta.

    D’fhéach an máistir ar a chuid iarrachtaí agus léigh go cúramach iad.
    ‘Tá rud amháin nár bhain tú triall as fós,’ ar seisean go meáite.
    ‘Agus cad é sin, muran miste leat?’
    ‘Níor bhain tú triall as bheith i do dhuine eile.’

    – Alan Titley, Fabhalscéalta, ‘Comhairle don Scríbhneoir Óg’