Éileamh déanta ar chiste infreastruchtúir le stop a chur le ‘bánú’ na Gaeltachta

Dúradh ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais go bhfuil gá le ‘infheistíocht ollmhór leanúnach’ in infreastruchtúr bunúsach i gceantair Ghaeltachta chun a mbánú a stopadh

Éileamh déanta ar chiste infreastruchtúir le stop a chur le ‘bánú’ na Gaeltachta

Tá éileamh déanta ar an Rialtas ciste infheistíochta speisialta a bhunú a dhíreodh ar an infreastruchtúr i mbailte Gaeltachta a fheabhsú.

Agus a gcás á chur i láthair acu i dTeach Laighean inné, dúirt ionadaithe ó chomhlacht forbartha amháin i gConamara gur bánú na Gaeltachta a bheadh i ndán dúinn mura dtiocfadh athrú ar chúrsaí.

Tugadh cuireadh don eagraíocht Forbairt Chonamara Láir teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais chun an fhadhb a chruthaíonn easpa seirbhísí poiblí fuíolluisce do bhailte Gaeltachta a phlé ach tapaíodh an deis leis na dúshláin mhóra eile a bhí ag cur as do phobail Ghaeltachta faoin tuath a chur in iúl.

Dúirt Máirín Ní Choisdealbha-Seoige, oifigeach forbartha le Forbairt Chonamara Láir, gur minic do bhailte ar nós Chill Chiaráin agus Charna a bheith “ag titim idir dhá stól” ó thaobh maoinithe de toisc nach raibh ciste ann a bhí dírithe ar cheantair Ghaeltachta amháin.

Mhínigh Ní Choisdealbha-Seoige go mbíodh a leithéid de chiste ann roimhe seo agus go raibh plean ann chun córas séarachais i gCarna a mhaoiniú ach gur cuireadh deireadh leis an gciste sular thosaigh an obair.

Níl aon dul chun cinn déanta ó shin agus dar léi go mbíonn na bailte Gaeltachta san iomaíocht leis na bailte uile eile i gcontae na Gaillimhe chun maoiniú a fháil.

“Tagann airgead isteach sa gcontae ach ní chuirtear aon sciar ar leataobh don Ghaeltacht. Tá muid i gcomórtas leis na bailte móra agus, faraor, tá sé ag cruthú bánú tuaithe ag deireadh an lae.”

Dúirt Ní Choisdealbha-Seoige go bhfuil gá le “hinfheistíocht ollmhór leanúnach” in infreastruchtúr bunúsach i gceantair Ghaeltachta ar nós Chonamara Láir má tá stop le cur leis an mbánú sin.

“Gan daonra agus an t-infreastruchtúr cuí, ní bheidh aon phobal againn agus mar thoradh air sin beidh ár dteanga caillte go deo…Tá gach iarracht agus gach forbairt atá beartaithe ag brath ar an infreastruchtúr bunúsach sa cheantar.”

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go mbíodh an ciste infreastruchtúr a bhíodh ann á riaradh ag an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ach gur gheall le bheith “ag imirt ping pong” a bhí Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Forbartha Tuaithe i dtaobh an t-airgead sin a dháileadh ó scaradh iad.

Dúirt Máirín Ní Choisdealbha-Seoige go raibh Forbairt Chonamara Láir ag dul “ó dhoras go doras” sa tóir ar mhaoiniú ach nuair a bhíodh ciste Gaeltachta ar leith ann, “bhí fís ann le haghaidh infreastruchtúr a thabhairt suas chun dáta…agus le breathnú ar phleananna forbartha áitiúla agus conas forbairt chuí a dhéanamh orthu.”

Agus é ag tacú leis an moladh ciste infreastruchtúir ar leith a bhunú do cheantair Ghaeltachta, dúirt Tomás Ó hAllmhuráin, comhalta de Choiste Bainistíochta Fhorbairt Chonamara Láir, gur chóir go mbeadh an fhreagracht ar an dream a bhíonn ag dáileadh an airgid.

“Is cuma cé chomh mór is atá an pota, ba cheart go mbeadh duine amháin nó dream amháin á roinnt amach. Má tá duine amháin agat anseo, dream eile anseo agus ceann eile ansiúd, tá chuile dhuine dá tarraingt soir siar. Teastaíonn duine amháin a bheith i gceannas ar an rud seo.”

Dúirt Ó hAllmhuráin go raibh go leor caite ar an nGaeilge le cuid mhaith blianta anuas, idir phleanáil teanga agus straitéisí, ach gur theastaigh an t-airgead a chaitheamh san áit cheart lena chinntiú go mairfeadh an Ghaeltacht.

“Tá sé fíorshimplí má tá tú ag iarraidh áit a choinneáil beo. Má tá tithe agat agus má tá obair agat, tiocfaidh siad ann,” a dúirt sé.

Luaigh Ó hAllmhuráin Páirc na Mara agus Drioglann Chnoc Buí mar dhá thogra i gConamara Láir atá i mbaol mar gheall ar easpa infheistíochta i mbunriachtanais bhonneagair.

Dúirt sé go raibh airgead mór caite agus á chaitheamh ag tuismitheoirí chun oideachas a chur ar aos óg na Gaeltachta ach, gan tithíocht ná fostaíocht ina gceantar féin, nach raibh an t-airgead sin á chaitheamh ach ar mhaithe len iad “a chur thar lear nó áit eicínt eile”.

Mura dtiocfadh athrú ar an scéal, bheadh na Gaeltachtaí ar fad in iarthar na tíre bánaithe agus na bailte móra ag cur thar maoil.

“Caithfidh muid dúiseacht suas,” a dúirt sé, “nó sin réabhlóid mhór a bheith againn sa tír. Ceann den phéire.”

Fág freagra ar 'Éileamh déanta ar chiste infreastruchtúir le stop a chur le ‘bánú’ na Gaeltachta'

  • Conceanainn

    Tá deireadh le Páirc na Mara mar gheall ar neamhinniúlacht an Údaráis. Cé mhéid airgid caite acu sin ag cuir lógóanna ar gheansaithe agus píosaí plaisteach le caitheamh amach ag gasúir? Agus gan bunriachtannais an togra réitithe ar chor ar bith acu. Fadhb na Gaeltachta? Amaidí an Údaráis. Tá súil agam go gcuirfidh an fear nua rudaí ina gceart.

  • Eibhlín Ní Fhlaithearta

    An – obair dhă dhéanadh ag Foireann Connamara Lár
    Cuir I lâthair ìontach o Máirín agus Tom