Éiginnteacht faoi impleachtaí ghéarchéim Stormont d’Fhoras na Gaeilge

Ní fios go fóill cad iad na himpleachtaí a bheadh ann d’eagraíochtaí, ar nós an Fhorais, dá gclisfeadh ar an bhfeidhmeannas, ach nuair a chlis ar Fheidhmeannas Stormont cheana thángthas ar shocrú a lig do na heagraíochtaí trasteorann leanúint orthu

4/2/2010 Stormont in Northern Ireland. Pictured is Stormont, home of the Northern Ireland Assembly. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá feidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge ag coimeád súil ghéar ar imeachtaí i Stormont agus a bhfuil i ndán don bhfeidhmeannas Thuaidh-Theas idir dhá cheann na meá i gcónaí.

D’fhógair Peter Robinson tráthnóna go bhfuil sé ag seasamh i leataobh mar Chéad Aire ar Thionól Stormont agus go raibh Airí eile an DUP, seachas Arlene Foster, ag eirí as oifig.

Leanfaidh ranna an Fheidhmeannais orthu ag obair leo go fóill ach ní bheidh aon tionól den Fheidhmeannas féin ann. Tabharfar seachtain don DUP chun airí a athainmniú agus mura ndéanfaidh siad amhlaidh titfidh an Feidhmeannas as a chéile agus d’fhéadfadh toghchán a bheith ann dá bharr.

Ní fios go fóill cad iad na himpleachtaí a bheadh ann d’eagraíochtaí, ar nós an Fhorais, dá gclisfeadh ar an bhfeidhmeannas. Nuair a chlis ar Fheidhmeannas Stormont cheana thángthas ar shocrú a lig do na heagraíochtaí trasteorann leanúint orthu, ach cheana féin tá éiginnteacht ann faoin struchtúr faoina bhfeidhmíonn siad.

Tá ráite cheana ag an DUP nach mbeidh siad ag freastal ar chruinnithe aireachta thuaidh-theas, na cruinnithe ag a ndéantar cinntí faoi eagraíochtaí ar nós an Fhorais.

Chomh maith leis sin, toisc nach bhfuil aon bhuiséad aontaithe fós, tá ceist mhaoiniú Stormont fós gan réiteach, rud a chiallaíonn go rithfidh an Feidhmeannas a dhéanann cómhaoiniú ar na eagraíochtaí trasteorann amach as airgead roimh dheireadh na míosa seo.

Thug Foras na Gaeilge le fios inniu gur bhain a bhfuil i ndán do Stormont leis an aos polaitiúil ach go raibh súil ghéar á choiméad acu ar an scéal.

Fág freagra ar 'Éiginnteacht faoi impleachtaí ghéarchéim Stormont d’Fhoras na Gaeilge'