Easpa seirbhísí Gaeilge ina cúis imní do Chonradh na Gaeilge agus an Straitéis á plé i mBÁC

Tá díospóireacht ar siúl ó mhaidin sa Roinn Oideachais faoin méid atá bainte amach de bharr na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge ó cuireadh tús léi cúig bliana ó shin

Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Easpa seirbhísí Gaeilge ón Stát — sin í an cheist is mó a bhfuil Conradh na Gaeilge ag díriú uirthi ag comhdháil faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá ar siúl i mBaile Átha Cliath inniu.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill, go gcaithfear fiafraí an bhfuil an Rialtas ag iarraidh go mbeadh daoine ag éileamh seirbhísí Gaeilge agus an bhfuil a ndóthain daoine ann le Gaeilge sa Státseirbhís chun an tseirbhís sin a sholáthar.

“Tá coras na scéimeanna teanga lochtach agus tá sin aitheanta ag an gCoimisinéir Teanga. Le córas caighdeánaithe, bheadh sé níos soiléire don saoránach cé na cearta atá aige agus bheadh sé níos soiléire don eagraíocht cén dualgas at orthu. Má bhíonn a fhios ag duine go díreach cad iad na seirbhisí atá sé i dteideal a fháil ó eagraíochtaí, is mó seans go ndéanfaidh sé na seirbhísí sin a éileamh,” a dúirt Ó Cearbhaill.

Anuas ar fhadhb na scéimeanna teanga, dúirt an tUachtarán go gcaithfeadh an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh ceannaireacht a léiriú agus meon na gcomhlachtaí Stáit a athrú.

Tá díospóireacht ar siúl sa Roinn Oideachais ó mhaidin faoin méid atá bainte amach faoin Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ó cuireadh tús léi cúig bliana ó shin. Mar chuid den phlé sin, táthar ag breathnú chun tosaigh ar a bhfuil i ndán don Straitéis sa tréimhse cúig bliana atá amach romhainn. Cuirfidh plé an lae inniu deireadh le sraith cruinnithe atá á reáchtálil le cúpla seachtain anuas inár pléadh cur i bhfeidhm na Straitéise.

Díreofar ar dheich gcinn de shaincheisteanna mar chuid den díospóireacht inniu:

– Cé na gníomhaíochtaí atá ag feidhmiú go héifeachtach?

– Cé na gníomhaíochtaí nach bhfuil ag feidhmiú go héifeachtach?

– Cé na céimeanna is gá a thabhairt chun gníomhaíochtaí nach bhfuil ag feidhmiú a chur i gcrích?

– Céard is féidir a dhéanamh chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí i nGaeilge?

– Céard is féidir a dhéanamh chun feasacht teanga an phobail, státseirbhísigh agus seirbhísigh phoiblí i leith na Gaeilge a fheabhsú?

– Cén bhail atá ar na struchtúir atá ann chun an Straitéis a chur i bhfeidhm?

– Cén chaoi ar féidir gníomhaíochtaí ábhartha na Straitéise a chur i bhfeidhm ar fud an Státchórais?

– Cén chaoi ar féidir an próiseas pleanála a chur i bhfeidhm?

– Cé na gníomhaíochtaí ar chóir tosaíocht a thabhairt dóibh do na cúig bliana amach romhainn?

– Cén t-ord tosaíochta ba cheart a thabhairt do ghníomhaíochtaí ar leith do na cúig bliana amach romhainn?

Tugadh an Straitéis isteach i mí na Nollag 2010 tar éis di tacaíocht a fháil ó na páirtithe uile i dTithe an Oireachtais agus tar éis próiseas comhairliúcháin agus taighde.

Leagadh naoi réimse gnímh amach sa Straitéis chun trí bhunsprioc na Straitéise a chur i gcrích: líon na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais a ardú go 250,000; líon na gcainteoirí Gaeltachta a ardú faoi 25%; agus líon na ndaoine a úsáideann na seirbhísí Stáit i nGaeilge agus a bhfuil teacht acu ar an teilifís, an raidió agus na meáin chlóite i nGaeilge, a mhéadú.