Easpa reachtaíocht Gaeilge ‘bun agus barr na faidhbe’ – Comhairle na hEorpa

Bhí toscaireacht de chuid Chomhairle na hEorpa i mBéal Feirste inné, mar ar phléigh siad ceist an achta Gaeilge le grúpaí teanga

Easpa reachtaíocht Gaeilge ‘bun agus barr na faidhbe’ – Comhairle na hEorpa

Tá ráite ag toscaireacht ó Chomhairle na hEorpa gur chóir acht teanga a thabhairt isteach ó thuaidh.

Dúirt ceann na toscaireachta a bhí ar chuairt ar Bhéal Feirste inné, an Dr Alexsandra Oszmiańska-Pagett, go raibh sé riachtanach go dtabharfaí an reachtaíocht teanga isteach. “Sin é bun agus barr na faidhbe,” a dúirt sí.

Ní dhearna Rialtas na Breataine tagairt ar bith don Ghaeilge i dtuarascáil faoi mhionteangacha a chuir siad faoi bhráid Chomhairle na hEorpa níos túisce i mbliana.

Tá dualgas ar Rialtas na Breataine faoin gCairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh eolas a chur ar fáil don Chomhairle gach ceithre bliana faoi chosaint mionteangacha ach ní luaitear sa tuarascáil is déanaí ach Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais, an Mhanainnis agus an Choirnis.

“An reachtaíocht a bheith ann, sin ceann de na dualgais is tábhachtaí atá ann maidir leis an gCairt,” a dúirt an Dr Oszmiańska-Pagett.

Dúirt Oszmiańska-Pagett go raibh cúis “phraiticiúil” ann chomh maith go dtabharfaí acht isteach mar go raibh a leithéid “riachtanach” chun cosaint ó “theannas polaitiúil” a thabhairt don Ghaeilge i gcúrsaí oideachais, i réimse an chultúir agus sna meáin.

“Dá mbeadh bille Gaeilge ann bheadh dualgas reachtúil i gceist le soláthar a dhéanamh do leanaí ar mhaith leo oideachas a fháil trí Ghaeilge agus ní bheadh sé [an ceart sin] ag brath ar an gcineál atmaisféir a bhí ann,” a dúirt sí.

Chas an toscaireacht de chuid Chomhairle na hEorpa le grúpaí Gaeilge i mBéal Feirste inné agus thug siad cuairt chomh maith ar Bhunscoil Phobail Feirste.

Dúirt Janet Muller, stiúrthóir POBAL, gur chuir an brúghrúpa sin in iúl don toscaireacht gur gá don Ríocht Aontaithe acht Gaeilge a thabhairt isteach agus dúirt sí gur thuig na saineolaithe Eorpacha “chomh deacair is a bhí cúinsí na Gaeilge abhus”.

‘Arís eile, theip ar rialtas na Breataine agus ar an Tionól eolas cruinn a chur ar fáil do na Saineolaithe ar chur i gcrích na Cairte. Roimhe seo, ní raibh an Tionól sásta teacht ar chomhaontú ar thuairisc Chomhairle na hEorpa, agus dar ndóigh, faoi láthair, tá an Tionól ar fionraí. Ciallaíonn sin go bhfuil obair POBAL ar an Chairt níos tábhachtaí anois ná riamh roimhe seo,” a dúirt Janet Muller.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur chuir an eagraíocht sin “in iúl go soiléir” do Choiste na Saineolaithe ó Chomhairle na hEorpa “go bhfuil ag teip go hiomlán ar Rialtas na Breataine a gcuid dualgas i dtaobh na Cairte Eorpaí a chur i bhfeidhm, mar aon leis na dualgais shoiléire atá orthu ó Chomhaontú Chill Rímhinn, 2006”.

Dúirt sé go raibh “dian-cháineadh” déanta ar Rialtas na Breataine i ngach tuarascáil mhonatóireachta a rinneadh ar chur i bhfeidhm na Cairte le beagnach fiche bliain anuas.

“Beidh muid ag súil leis an toradh céanna sa tuarascáil seo, agus don chéad uair, go dtabharfaidh Rialtas na Breataine aird ar na moltaí sin agus faoi dheireadh, go ndéanfaidh siad gníomh diongbháilte i dtreo achta Gaeilge,” a dúirt Comer. 

Chuir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge fáilte roimh an Straitéis Teangacha a d’fhoilsigh Comhairle na hEorpa inné.

Fág freagra ar 'Easpa reachtaíocht Gaeilge ‘bun agus barr na faidhbe’ – Comhairle na hEorpa'