Deir Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns, gur fhadhb sa gcumann an easpa measa a léirítear ar réiteoirí agus go bhfuil athrú meoin ag teastáil ina leith.
“Caithfidh muid cultúr úr a fháil i gCumann Lúthchleas Gael a léireoidh níos mó measa do na réiteoirí,” a dúirt Burns.
Bhí Uachtarán CLG ag labhairt mar chuid de chlár nua atá le craoladh anocht, Réiteoirí (RTÉ One, 10.15in), clár faoin réiteoireacht, na dúshláin a bhaineann léi agus an tionchar a bhíonn ag an ngairm orthu siúd a bhíonn i bhfeighil na feadóige.
Ar na daoine atá faoi agallamh don chlár, tá an réiteoir aitheanta idirchontae, David Gough, agus é ag cur síos ar an drochíde atá faighte aige agus ar an tionchar a bhíonn ag botúin a dhéanann sé féin i gcluichí ar a mheabhairshláinte.
Deir Gough, a rinne réiteoireacht ar chluichí ceannais peile na hÉireann in 2019 agus 2023, go bhfuil litreacha fuatha faighte sa mbaile aige agus iad léite ag a thuismitheoirí.
“Nuair a thagann na litreacha chuig do theach, bíonn sé an-chrua, go háirithe ar mo mham agus mo dhaid. Bíonn a fhios ag mo dhaid agus mo mham gur drochlitreacha iad.”
Fear aerach é Gough agus deir sé gurb iad na litreacha is measa ná na cinn ina ndéantar ionsaithe homafóbacha air.
“Nuair a bhíonn mo chlann ag léamh na bhfocal sin agus iad scríofa fúmsa, bíonn sé an-deacair dóibh.”
De réir taighde a rinne Ollscoil Uladh dúirt 94% de réiteoirí CLG go raibh drochíde béil tugtha dóibh agus iad i mbun a ngairme agus dúirt duine as gach cúigear díobh go ndearnadh ionsaí fisiciúil orthu.
Deir Gough go gcuireann na botúin a dhéanann sé i gcluichí isteach go mór air féin chomh maith agus thagair do dhá eachtra chonspóideacha le roinnt blianta anuas.
In 2016, bhí Gough i mbun réiteoireachta ar an gcluiche idir Ciarraí agus Áth Cliath agus ní fhaca sé feall a rinneadh ar Peter Crowley na Ríochta i dtreo dheireadh an chluiche.
In áit cic saor do Chiarraí, chuaigh Áth Cliath ar an ionsaí, fuair siad pointe agus bhuadar an cluiche le dhá phointe.
Deir Gough gur thóg sé tamall fada air teacht chuige féin tar éis dó an botún a fheiceáil.
“I ndiaidh 2016, is dócha gur chuir sé isteach go mór ar mo mheabhairshláinte. Thóg sé a lán ama orm dul ar ais ag réiteoireacht,” ar sé.
“Bhí mé buartha faoi dhul ar an bpáirc. Bhí a fhios agam go raibh botún ollmhór déanta agam agus b’fhéidir nach raibh an mhuinín chéanna i mo chuid réiteoireachta. Bhí sé sin an-deacair domsa.”
Bhí conspóid eile ann i gcluiche ceannais Chonnacht anuraidh nuair a bhronn Gough cic saor cinniúnach ar Ghaillimh in ainneoin gur bhraith mórán go raibh feall déanta ar Conor Loftus Mhaigh Eo. Deir Gough go ngoilleann an cinneadh sin air go fóill.
“Ag an am, ag deireadh an chluiche, ní raibh a fhios agam go raibh botún déanta agam. Cosúil le cluiche leathcheannais na hÉireann in 2016. Ach ag féachaint siar air, bhí mé san áit mhícheart ag an am. Thug mé cic saor do Ghaillimh agus bhí mé mícheart, bhí sé tuillte ag Maigh Eo.
“Bhí sé sin deacair domsa agus cuireann sé isteach orm fós. Tá mé fós ag labhairt leis an síceolaí faoin meon diúltach atá agam mar gheall ar an bhfeall sin. Bímse fós buartha go dtarlóidh sé arís. Sin an dara huair gur tharla sé, 2016 agus 2024, agus cuireann sé sin isteach go mór orm.”
Sa gclár, a chuireann Gráinne McElwain i láthair, labhraítear chomh maith le beirt réiteoirí Gaeltachta faoina dtaithí – an réiteoir óg Eoghan Ó Muircheartaigh ó Dhún Síon i gCiarraí agus Siobhán Coyle ó Fhánaid i nDún na nGall, a bhíonn ag réiteoireacht ar chluichí na bhfear agus ar chluichí na mban.
Fág freagra ar 'Easpa measa ar réiteoirí ina fadhb ag Cumann Lúthchleas Gael – Jarlath Burns'