Eagrán nua de ‘Cruinnscríobh na Gaeilge’ ar fáil agus ceachtanna bunaithe ar an ngraiméar curtha ar líne

Rinneadh an cinneadh eagrán nua den ghraiméar cáiliúil a fhorbairt nuair a fógraíodh ar dtús go raibh Caighdeán Oifigiúil 2016 ar na bacáin

Eagrán nua de ‘Cruinnscríobh na Gaeilge’ ar fáil agus ceachtanna bunaithe ar an ngraiméar curtha ar líne

Ciarán Mac Murchaidh, údar ' Cruinnscríobh na Gaeilge'

Tá eagrán nua den leabhar gramadaí Cruinnscríobh na Gaeilge le Ciarán Mac Murchaidh ar fáil anois ón gcomhlacht foilsitheora Cois Life agus ceachtanna ar líne bunaithe ar leabhar curtha ar fáil freisin. Tá an t-eagrán nua de Cruinnscríobh na Gaeilge curtha in oiriúint chomh maith don leagan uasdátaithe den Chaighdeán Oifigiúil, a seoladh an samhradh seo.

Deir Cois Life go bhfuil leasú “an-suntasach” déanta an an graiméar aitheanta ó foilsíodh den chéad uair é in 2002.

Tá na cleachtaí atá sa leabhar féin oiriúnach don seomra ranga, ach tá thart ar 150 cleachtadh bunaithe ar an séú heagrán den leabhar ar fáil ar líne anois agus deis ag foghlaimeoirí tabhairt fúthu “ar a suaimhneas”.

CruinnscríobhNua

Is é Ciarán Mac Murchaidh a scríobh Cruinnscríobh na Gaeilge, an leabhar gramadaí is mó díol ó Chois Life, agus tá súil aige go gcuirfear fáilte roimh an eagrán is déanaí dá shaothar.

“Ó cuireadh an chéad eagrán amach beagnach cúig bliana déag ó shin, tá Cois Life tar éis aire ar leith a thabhairt do leagan amach agus do dhearadh an tsaothair seo.

“Tá an t-eagrán nua níos snasta ná riamh agus sílim go bhfáilteofar go croíúil roimh na leasuithe atá déanta acu air,” a dúirt Mac Murchaidh.

Rinneadh an cinneadh eagrán nua den ghraiméar cáiliúil a fhorbairt nuair a fógraíodh go raibh Caighdeán Oifigiúil 2016 ar na bacáin. Dúirt Cois Life go raibh sé “an-tábhachtach” gurbh fhéidir le mic léinn agus le lucht teagaisc “brath ar iontaofacht an leabhair i gcónaí”.

Cruinnscríobh na Gaeilge dírithe go príomha ar an bhfochéimí agus ar an iarchéimí Gaeilge.

Fág freagra ar 'Eagrán nua de ‘Cruinnscríobh na Gaeilge’ ar fáil agus ceachtanna bunaithe ar an ngraiméar curtha ar líne'

  • Scéilín

    Mhínigh mé do m’iníon óg le déanaí faoi na huimhreacha pearsanta. Áit a mbíodh trácht aici ar ‘dhá bhó’, anois bíonn sí ag cur síos go cúramach ar ‘beirt bhóanna’ atá tagtha isteach thar an gclaí ag ithe mo chuid bláthanna deasa.

  • padraig

    Aithne agam ar sheanduine (trócaire sa chré air) agus an chéad abairt Bhéarla a d’fhoghlaim sé ar scoil ‘I am hungry’…pictiúir de bhó agus a ceann thar claí aici ag iarraidh goblach a chogaint.