Eacuadór agus an fhoireann bhaile le tús a chur leis na cluichí sa Chatar

Caitheann Tuairisc súil chun cinn ar an chéad lá den chomórtas conspóideach sa Chatar

Eacuadór agus an fhoireann bhaile le tús a chur leis na cluichí sa Chatar

Cuirfear tús inniu le Corn an Domhain 2022 agus an fhoireann bhaile, Catar, ag tabhairt aghaidh ar Eacuadór i nGrúpa A.

Rogha an Lae

Catar v Eacuadór – 4pm (Grúpa A)

Agus drogall ar go leor daoine an iomarca ama a chaitheamh leis an gcomórtas conspóideach seo, ní mheallfaidh an chéad chluiche mórán acu atá in amhras faoin rud uilig.

Ní hamháin go bhfuil obair mhór curtha isteach ag Catar chun an comórtas seo a reáchtáil, tá obair mhór déanta chun go mbeadh foireann réasúnta maith acu freisin. Rugadh breis agus dhá thrian den scuad i dtíortha eile agus mealladh chun imirt le Catar iad, seift a mbeadh taithí againn uirthi anseo in Éirinn. Fear a bhíodh ag obair le foirne faoi aois Barcelona, Félix Sánchez, atá i gceannas ar an bhfoireann agus bhuaigh siad Corn na hÁise in 2019. Tosaithe maithe iad Akram Afif agus Almoez Ali.

Toradh gan choinne a bhí ann nuair a d’éirigh le hEacuadór áit a bhaint amach ag an gcomórtas ach tá siad ar cheann de na foirne is mó a bhfuil gortuithe ag cur as dóibh. Foireann óg atá ag Eacuadór agus is tá Moises Caicedo agus Piero Hincapie ar bheirt de na himreoirí is cumasaí atá acu.

Fág freagra ar 'Eacuadór agus an fhoireann bhaile le tús a chur leis na cluichí sa Chatar'

  • Mac Billings/Bilie Dónall Mór

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Corn an Domhain sa Chatar

    Mo cheol thú a Phádraic Uí Chiardha ,

    as an alt den scoth seo a chuireann sinn ar an eolas faoin easpa cearta daonna do mhuintir na tíre sin agus do na himircigh, do na mná do na daoine aeracha áta á gceilt ag FIFA agus lucht rachamais caipitiligh an Domhain lena gcuid bolscaireachta náireach.

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    An Ghaeltacht/Jailteacht
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Focal Scoir :—

    (Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
    ar láthair thógála ‘Bloc E ‘agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach timpeall orm i gcónaí )

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************