€500,000 le cur ar fáil do Chonradh na Gaeilge chun 6 Sráid Fhearchair a fhorbairt

Agus í ag labhairt sa Dáil, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh an t-airgead le cur ar fáil mar chuid den €4.2 milliún breise a bhí faighte ag a Roinn i mBuiséad 2024 do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta

€500,000 le cur ar fáil do Chonradh na Gaeilge chun 6 Sráid Fhearchair a fhorbairt

Tá sé fógartha ag Aire na Gaeltachta go bhfuil €500,000 le cur ar fáil chun ceannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a fhorbairt.

Agus í ag labhairt sa Dáil, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh an t-airgead le cur ar fáil mar chuid den €4.2 milliún breise a bhí faighte ag a Roinn i mBuiséad 2024 do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Thug an tAire tuilleadh eolais maidir le leithdháileadh an airgid bhreise ach mar sin féin ní léir go díreach go fóill cá mbeidh an maoiniú ar fad ag dul.

Is sa Dáil a thagair sí den chéad uair go mbeadh airgead caipitil le cur ar fáil chun ceannáras Chonradh na Gaeilge ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad Gaeilge.

Fuair an Conradh cead pleanála ag deireadh 2020 chun a gceannáras a fhorbairt mar lárionad Gaeilge. Is í an chéad chéim eile san obair forbartha ná dearadh sonrach a dhéanamh ar na háiseanna a chuirfí ar fáil sa spás nua. Tá caifé agus stiúideo raidió nua i measc na n-áiseanna a d’fhéadfaí a thógáil ansin, dar le Conradh na Gaeilge.

Agus é ag labhairt in 2020 nuair a bronnadh an cead pleanála don lárionad, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta ag an am, Jack Chambers, go mbeadh an spás nua “mar áit lárnach d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath” agus go gcuirfeadh sé go mór le “feiceálacht na teanga agus stádas na Gaeilge sa chathair”.

Ag labhairt di sa Dáil aréir, dúirt an tAire Catherine Martin gur €1 milliún a chuirfeadh a Roinn ar fáil faoi Bhuiséad 2024 ar mhaithe le scéim nua a chur ar bun a thacóidh le múinteoirí scoile agus oibrithe in earnáil an luathoideachais “barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teanga”.

Luaigh sí freisin go mbeadh €1.1 milliún breise ann do bhuiséad riaracháin Údarás na Gaeltachta, go mbeadh €500,000 ar fáil chun daoine óga faoi mhíbhuntáiste a chur chuige coláistí samhraidh na Gaeltachta agus go mbeadh €500,000 breise ann do chur i bhfeidhm an Achta Teanga.

Cháin urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh buiséad an Rialtais arís agus dúirt gur léir gur “cuma sa sioc” leis an Rialtas faoin Ghaeilge a chaomhnú nó a chur chun cinn.

Fág freagra ar '€500,000 le cur ar fáil do Chonradh na Gaeilge chun 6 Sráid Fhearchair a fhorbairt'

  • Siobh

    B’fhearr 500 euro an ceann a thabhairt do 1000 duine a éiríonn leo sa scrúdú B2/C1 sa Ghaeilge.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Má tá smaointe ag daoine a chuirfeadh le labhairt na Gaeilge, is fiú iad a chur chun cinn. Ní gá a mholadh go séanfaí maoiniú ar thograí eile chuige sin.

  • Siobh

    Chuir mé smaoineamh os do chomhair amach. Tá an Ghaeilge ag fáil bháis. Tá sé in am dúinn an t-airgead a thabhairt do fhoghlaimeoirí chun iad a spreagadh cur leis an Ghaeilge a bhfuil acu agus tabhairt faoin scrúdú B2/C1 – seachas an maoiniú ina iomlán a thabhairt d’eagraíochtaí. Bheinn sásta bhur moltaí féinig a chloisteáil seachas mo chuid smaointe a shéanadh orm. Go raibh maith agat.

  • Seán ÓM

    Bhuel tá súil agam go gcuireann CnaG béim ar chúrsaí cultúrtha agus ar áiteanna is spásanna a chur ar fáil don phobal chun teacht le chéile agus a úsáid mar áis cimhroinnte (in ionad – mar shampla – oifigí deasa a thógáil dá n-oibrithe féin).

    Tá neart cainteoirí Gaeilge i mBÁC a bheadh spéis acu imeachtaí cultúrtha a chur ar siúl i nGaeilge (drámaí, ceolchoirm, musicals, greann stand-up) ….. Dá mbeadh spás bua. Agus iontaofa saor in aisce ar fáil dóibh.

    Saghas “cultúr-lann” má thuigeann sibh leat mé.