€500,000 curtha ar fáil ag an Rialtas chun tacú leis an nGaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge

Tá maoiniú curtha ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge ar fud na tíre cúntóir teanga a fhostú

€500,000 curtha ar fáil ag an Rialtas chun tacú leis an nGaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge

Tá maoiniú leathchéad milliún euro fógartha ag an Rialtas chun tacú le múineadh na Gaeilge i scoileanna sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus na Líonraí Gaeilge ar fud na tíre.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, inniu go bhfuil ciste ar fiú €508,640 é ceadaithe aige thar thréimhse dhá bhliain chun go mbeidh bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i gceantair ar leith in ann cúntóir teanga a fhostú.

Is cainteoirí líofa Gaeilge iad na cúntóirí teanga a chuirtear ar fáil do scoileanna Gaeltachta le tacú le páistí an teanga a shealbhú ach faoin scéim a fógraíodh inniu, cuirfear iad ar fáil freisin i scoileanna lán-Ghaeilge sna seacht mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus sna trí Líonra Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga.

Deir Roinn na Gaeltachta go bhféadfaí suas le 25 cúntóir teanga a fhostú faoin scéim i 27 scoil i gCiarraí, i nGaillimh, i nDún na nGall, i gCorcaigh, i gcontae na Mí, i Maigh Eo, i mBaile Átha Cliath agus i gcontae an Chláir.

Is í an eagraíocht Glór na nGael a bheidh freagrach as an scéim nua a riar thar ceann na Roinne.

Tá 134 scoil ag baint leas cheana féin as Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid na Roinne ó cheann ceann na Gaeltachta agus 113 cúntóir teanga i mbun oibre faoi scáth na scéime atá á riar ag an dá eagraíocht Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne thar ceann na Roinne.

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan inniu gur “céim mhór chun cinn” é an beart nua.

Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Glór na nGael, gur cinnte go mbeidh tionchar dearfach ag an scéim ar fhorbairt na Gaeilge sna scoileanna a bheidh rannpháirteach.

“Is buntáiste iontach luachmhar do na pobail sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge a bheidh ann. Tá muid ag súil go mór a bheith ag obair leis na coistí pobail, scoileanna, tuismitheoirí agus le príomhoidí sna ceantair seo,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '€500,000 curtha ar fáil ag an Rialtas chun tacú leis an nGaeilge i scoileanna lán-Ghaeilge'