Tá an chéad sraith drámaíochta do dhaoine óga i nGaeilge ó craoladh Aifric le taispeáint ar TG4 agus maoiniú faighte ag an tsraith nua Saol Ella ón BAI.
Bhí an tsraith nua i measc na gclár nua ar éirigh leo sa bhabhta maoinithe is déanaí ag Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI).
€425,000 a fógraíodh don tsraith nua atá á léiriú ag Danú Media, an sciar is mó a fuair aon chomhlacht den €5.9 milliún a chuir an BAI ar fáil.
€240,000 a fuair an comhlacht teilifíse Gaeltachta Aniar chun clár faisnéise a dhéanamh faoi stair RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ag ceiliúradh 50 bliain a bhunaithe in 2022.
Fuair Stiúideo Cuan, an t-ionad cultúir agus ealaíne nua ar an Spidéal, €88,000 chun Jó Johnny Joe, dráma raidió deich gclár a dhéanamh do Raidió na Gaeltachta.
Gemma Breathnach agus Ailbhe Nic Giolla Bhríghde a scríobh Saol Ella, scéal faoi chailín óg Gaeltachta a n-iompaítear a saol bunoscionn ar fad nuair a shocraíonn a hathair Gaeilgeoirí a choinneáil.
Buiséad suas le €1.2 milliún atá ar fáil don léiriú faoin scéim atá á maoiniú ag TG4, an ciste WRAP, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus Fís Éirinn. Sé chlár 24 nóiméad a bheidh i gceist.
Fuair an comhlacht Tyrone Productions €258,000 chun sraith dhátheangach, Mo Chorpsa, a dhéanamh do TG4.
KaraokeNaGaeilge
Smaoineamh soar in aisce:
Clár faoi ghrúpa óg idir 16 agus 20 atá ag iarraidh banna ceoil a thosú.
Bíonn fadhbanna agus dúshláin acu lucht leanúna a aimsiú mar gheall go gcanann siad i nGaeilge amháin. (“Sing in English” a chloiseann siad á screadadh uaireanta ag a gcuid cheolchoirmeacha).
Agus dar ndóigh bíonn na fadhbanna, craic agus an grean a bhíonn ag an aoisghrúpa sin le feiceáil sa chlár chomh maith. Fágáil meánscoil – dul go hollscoil, buachaillí agus cailíní srl.
Bíonn amhrán nua le chloisteáil gach 2 nó 3 chlár.
An Teanga Bheo
Polasaí idirdhealú idir óg is sean an é sin polasaí comhionannais ? cé íocann ceadúnas teilifíse sa teach seo ? nach mar a chéile muid. Nár thug an sean-TG4 don aos óg