€405 milliún caite ar thógáil agus forbairt scoileanna lán-Ghaeilge le cúig bliana anuas

Cé gur ceadaíodh airgead caipitil do bheagnach an líon céanna scoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh le cúig bliana anuas, caitheadh cúig huaire níos mó airgid ar na scoileanna sa bpríomhchathair

€405 milliún caite ar thógáil agus forbairt scoileanna lán-Ghaeilge le cúig bliana anuas

Chaith an Roinn Oideachais €405 milliún ar thógáil, ar fhorbairt agus ar athchóiriú scoileanna lán-Ghaeilge le cúig bliana anuas.

De réir figiúirí atá curtha ar fáil do Tuairisc, ar scoileanna lán-Ghaeilge a caitheadh 8% den thart ar €5 billiún a chaith an Roinn ar thograí caipitil idir 2020-2024.

Scoileanna lán-Ghaeilge, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, iad beagnach 9% de líon iomlán na scoileanna sa stát.

Beagnach 300 scoil lán-Ghaeilge san iomlán a bhain leas as an €405 milliún d’airgead caipitil a cheadaigh an Roinn le linn na tréimhse seo – 247 bunscoil agus 50 iarbhunscoil.

Maidir leis na tograí sin ar ceadaíodh maoiniú dóibh, deir an Roinn go bhfuil obair thógála ar bun ar 28 acu agus go bhfuil pleananna beagnach curtha i gcrích i gcás 29 scoil eile.

Caiteachas Caipitil ar Scoileanna Lán-Ghaeilge 2020-2024
(Scoileanna 1-10)
Contae Scoil Leibhéal Iomlán €m
Corcaigh Gaelcholáiste   Charraig Ui Leighin Iarbhunscoil €29,518,103
Luimneach Gaelcholáiste   Luimnigh Iarbhunscoil €25,694,494
Ciarraí Gaelcholáiste   Chiarraí Iarbhunscoil €22,806,119
Baile Átha   Cliath Gaelscoil Eiscir   Riada Bunscoil €19,333,350
Baile Átha   Cliath Gaelscoil Chnoc   Liamhna Bunscoil €14,235,388
Baile Átha   Cliath Scoil Chaitlin Maude Bunscoil €13,406,967
Tiobraid   Árann Gaelscoil Charraig Na   Siúire Bunscoil €13,090,622
Uíbh Fhailí Gaelscoil Na Laochra Bunscoil €9,912,805
Baile Átha   Cliath Gaelscoil Cholaiste   Mhuire Bunscoil €8,795,298
Corcaigh Gaelscoil Mhichíl Uí   Choileáin Bunscoil €8,094,977

An foirgneamh nua a tógadh do Ghaelcholáiste Charraig Uí Leighin i gCorcaigh an togra ba mhó a fuair maoiniú as na scoileanna lán-Ghaeilge uile. Beagnach €30 milliún ar fad a cuireadh ar fáil chun an scoil nua, a d’oscail mí na Samhna 2021, a thógáil. Tá an Gaelcholáiste sin lonnaithe ar an gcampas céanna le scoil nua a tógadh do Ghaelscoil Charraig Uí Leighin.

Is i gcúige Mumhan atá an dá scoil lán-Ghaeilge eile is mó ar caitheadh airgead caipitil orthu – Gaelcholáiste Luimnigh agus Gaelcholáiste Chiarraí. Mí Eanáir na bliana seo caite a bhog Gaelcholáiste Luimnigh isteach san fhoirgneamh nua €26 milliún ar Shráid an Chláir sa gcathair. Tógadh foirgneamh nua do Ghaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí ar chostas €23 milliún agus d’oscail sí sin san earrach 2023.

Caitheadh os cionn leath den €405 milliún a cuireadh ar fáil ar 20 scoil. Níos lú ná €1 milliún a caitheadh ar fhormhór mór na scoileanna a bhí i gceist le caiteachas caipitil na Roinne idir 2020-2024.

Ba í Scoil Chuimsitheach Chiaráin, iarbhunscoil ar an gCeathrú Rua i gConamara, an scoil Ghaeltachta a fuair an deontas is mó, mar ar ceadaíodh €5 milliún chun seomraí ranga breise a thógáil.

Ceadaíodh tograí caipitil do gach iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa stát le cúig bliana anuas, an 21 iarbhunscoil lán-Ghaeilge Gaeltachta agus an 29 Gaelcholáiste.

Caitheadh níos mó ná an ceathrú chuid den mhaoiniú – €113 milliún – ar scoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Ceadaíodh airgead caipitil do gach ceann den 51 Gaelscoil agus Gaelcholáiste atá sa gcontae sin idir 2020-2024.

Cé gur ceadaíodh airgead do níos mó scoileanna i nGaillimh le linn na tréimhse céanna, ní raibh ach aon chúigiú cuid den airgead iomlán a caitheadh i mBaile Átha Cliath i gceist – €23 milliún idir 53 scoil. Scoileanna faoin tuath den chuid is mó a bhí i gceist le scoileanna na Gaillimhe.

Ceadaíodh €66 milliún d’airgead caipitil do 34 scoil i gCorcaigh agus caitheadh beagnach leath de sin ar Ghaelcholáiste Charraig Uí Leighin. €28 milliún a bhí i gceist i gCiarraí ach, nuair a chuirtear an caiteachas ar Ghaelcholáiste Chiarraí as an áireamh, roinneadh an €5.5 milliún a bhí fágtha idir 20 scoil.

Caitheadh beagnach €24 milliún ar 42 scoil lán-Ghaeilge i nDún na nGall, €11 milliún ar 11 scoil i gcontae na Mí agus €3.6 milliún ar naoi scoil i bPort Láirge.

I Maigh Eo, ceadaíodh €8 milliún ar thograí do 12 scoil ach ní bhfuair ach 30% (6 scoil as 20) de na bunscoileanna Gaeltachta sa gcontae airgead caipitil ón Roinn Oideachais, céatadán i bhfad níos lú ná na contaetha Gaeltachta eile. Fuair gach bunscoil Ghaeltachta i gCiarraí, i gCorcaigh agus i bPort Láirge airgead caipitil le cúig bliana anuas, mar shampla, agus fuair os cionn 75% de na bunscoileanna Gaeltachta i nGaillimh agus i nDún na nGall deontais sa tréimhse chéanna.

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil coimitmint tugtha sa chlár Rialtais níos mó deiseanna a thabhairt do pháistí agus daltaí le freastal ar Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí.

Tá feachtais ar bun i mbailte agus i gcathracha timpeall na tíre ag éileamh scoileanna lán-Ghaeilge nua agus luaitear easpa soláthair, go háirithe ag an dara leibhéal, ar cheann de na cúiseanna go bhfuil líon na ndaltaí scoile a fhaigheann a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge tite le ceithre bliana anuas.

Tá liosta iomlán na scoileanna le feiceáil anseo.

Fág freagra ar '€405 milliún caite ar thógáil agus forbairt scoileanna lán-Ghaeilge le cúig bliana anuas'

  • Muireann Ní Mhóráin

    Níl an nasc chuig an liosta iomlán ag obair ach an ionann maoiniú a cheadú agus a íoc?

    Fadhb ollmhór ann airgead ‘ceadaithe’ a fháil.

  • Colette

    Céard is brí le scoil LánGhaeilge Gaeltachta?
    An é go bhfuil gach duine idir mhúinteoirí agus daltaí ag caint i nGaeilge a luaithe is a ghabhann siad isteach tríd gheataí na scoile?
    An bhfuil a leithéid ann?