€3,000 a chosain leacht ‘Galway Bay’ a bhí chomh breac le botúin Ghaeilge gur baineadh anuas é

Tá an leacht a cuireadh in airde i mBóthar na Trá bainte anuas anois ag an gComhairle chun an saothar aistriúcháin air a chur ina cheart

€3,000 a chosain leacht ‘Galway Bay’ a bhí chomh breac le botúin Ghaeilge gur baineadh anuas é

Chosain leacht a chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe in airde i mBóthar na Trá, a bhí breac le botúin Ghaeilge, €3,000.

Cuireadh an leacht, ar a bhfuil liricí an amhráin cháiliúil Galway Bay greanta i gcloch i gceithre theanga suas níos túisce i mbliana mar chuid de thogra idir an Chomhairle, an fhéile ‘Cúirt’ agus Kenny’s Gallery.

Tá an leacht anois bainte anuas ag an gComhairle go mbeifear in ann dhá cheann de na leaganacha aistrithe den amhrán a chur ina gceart. Bhí bunleagan Béarla an amhráin a scríobh Arthur Colahan greanta ar an gcloch, chomh maith le haistriúchán go Gaeilge, go Fraincis agus go Laidin.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid na Comhairle Cathrach do Tuairisc.ie gur aithin an Chomhairle go raibh botúin ar an leacht agus gur baineadh anuas é lena gceartú. Cuirfear an leacht in áit arís nuair a bheidh na leasuithe cuí déanta.

Dúirt an t-urlabhraí freisin gur costas €3,000 a bhain leis an leacht ó coimisiúnaíodh ar dtús é.

Bhí ainm an údair luaite leis an leagan Béarla ar an leacht, agus bhí ainm an aistritheora luaite leis an leagan Fraincise (Gilles Martin) agus leis an leagan Laidine (Brian Arkins). Ní raibh ainm ar bith leis an leagan Gaeilge, áfach.

Cumadh an bunleagan den amhrán i 1947 agus bhain leagan a chan Bing Crosby cáil amach i measc imircigh na hÉireann ar fud an domhain. Bhí sé le cloisteáil freisin sa scannán cáiliúil The Quiet Man.

Bhí an oiread botún sa leagan Gaeilge go mbeadh sé ionann is dodhéanta iad a áireamh. Ní raibh an leagan Béarla saor ó bhotúin ach an oiread; bhí ‘stragers’ greanta i gcloch san áit ar cheart go mbeadh ‘strangers’.

Mar shampla amháin den aistriúchán lochtach Gaeilge, aistríodh na línte:

“The winds that blow across the bogs of Ireland

Get perfumes from the heather as they go”

go Gaeilge mar seo:

“Beireann gaoth a shéideann trasna móna Eirinn

Boladh bin an fhraoich nuair a théann sí leo”

Fág freagra ar '€3,000 a chosain leacht ‘Galway Bay’ a bhí chomh breac le botúin Ghaeilge gur baineadh anuas é'