€1.5 milliún breise fógartha ag Kyne do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta in 2019

Fágann maoiniú breise ó na meastacháin athbhreithnithe gur €69 milliún a bheidh ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2019, seachas €67.5 milliún

€1.5 milliún breise fógartha ag Kyne do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta in 2019

Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil €1.5 milliún breise curtha ar leataobh le caitheamh ar chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán in 2019.

B’ionann sin agus ardú 15% ar an soláthar a cuireadh ar fáil i mBuiséad 2018, a dúirt sé.

Dúradh go gcaithfear leath den airgead breise, €750,000, ar Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga Roinn na Gaeltachta, agus ar scéimeanna oideachais agus óige go háirithe.

Cuirfear leathmhilliún eile le buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta. D’fhógair an tAire chomh maith go gcuirfear €700,000 eile d’airgead nár éirigh lena Roinn é a chaitheamh in 2017 le buiséad an Údaráis, rud a fhágann go mbeidh buiséad caipitil €9.7 milliún ag an Údarás in 2019. 

Fógraíodh le déanaí chomh maith go raibh €2.8 milliún ceadaithe don Údarás ó Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe na Roinne Gnóthaí Tuaithe agus Pobail agus go raibh €2 milliún curtha ar leataobh dó ón gCiste um Fhorbairt Fiontraíochta Réigiúnaí d’fhorbairt  Pháirc na Mara i Cill Chiaráin.

Caithfear an €250,000 eile den airgead a fuarthas sna Meastacháin Athbhreithnithe ar chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Stáit Seán Kyne  go gcuirfeadh an maoiniú €1.5 milliún breise ó na meastacháin ar chumas a Roinne   “níos mó fós a dhéanamh ar leas na Gaeilge, na Gaeltachta agus na n-oileán”. 

Dúirt sé go raibh “an-áthas” air faoin scéal agus gur “léiriú eile” é ar “tiomantas” an Rialtais dá bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 don Ghaeilge. 

B’údar díomá d’eagraíochtaí teanga a laghad d’ardú a tugadh do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i mBúiséad 2019 agus dúradh nach raibh cothrom na Féinne tugtha don teanga.

Ba lú an céatadán de mhéadú ar bhuiséad na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ná an céatadán i gcás na rannóg eile sa Roinn i mBuiséad 2019 – 8% d’ardú a bhí i gceist i gcomparáid le nach mór 14% do chúrsaí cultúir agus ardú 15%  do chúrsaí oidhreachta.

B’ionann an €5 milliún breise a tugadh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin agus 13.8% den €36 milliún breise a fuair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sa Bhuiséad.

€69 milliún a bheidh ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2019, seachas €67.5 milliún, mar a fógraíodh lá an Bhuiséid.

Fág freagra ar '€1.5 milliún breise fógartha ag Kyne do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta in 2019'