D’úsáidfeadh suas le duine as gach cúigear seirbhísí stáit trí Ghaeilge – pobalbhreith nua

Tugann na torthaí léargas ar líon na ndaoine ó dheas agus ó thuaidh ar mian leo go ndéanfaí freastal orthu i nGaeilge agus iad ag plé leis an stát agus le comhlachtaí poiblí eile

D’úsáidfeadh suas le duine as gach cúigear seirbhísí stáit trí Ghaeilge – pobalbhreith nua

Deir sciar suntasach den phobal ó thuaidh agus ó dheas go mbainfidís úsáid as seirbhísí trí Ghaeilge dá mbeadh a fhios acu go raibh a leithéid ar fáil.

De réir pobalbhreith nua, duine as gach ceathrar ó dheas agus duine as gach cúigear ó thuaidh a deir gur mó seans go mbainfeadh siad úsáid as seirbhís trí Ghaeilge dá gcuirfí in iúl dóibh go raibh a leithéid ar fáil.

Tugann na torthaí léargas ar líon na ndaoine ar mian leo go ndéanfaí freastal orthu i nGaeilge agus iad ag plé leis an stát agus le comhlachtaí poiblí eile.

Deir Conradh na Gaeilge, a choimisiúnaigh an phobalbhreith, go léiríonn na figiúirí an tábhacht a bhaineann le tairiscint ghníomhach i dtaobh seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal agus go bhfuil gá le polasaí láidir ina leith.

Dúirt 24% de na daoine ar cuireadh an cheist orthu ó dheas gur mó seans go n-úsáidfeadh siad seirbhís i nGaeilge dá gcuirfí in iúl dóibh go raibh a leithéid ar fáil. 44% a thug le fios nach raibh seans níos mó ann go n-úsáidfeadh siad an tseirbhís trí Ghaeilge fiú dá mbeadh siad ar an eolas faoin rogha sin a bheith acu.

Ó thuaidh, 21% den phobal a dúirt gur mó seans go mbainfeadh siad úsáid as an tseirbhís trí Ghaeilge, i gcomparáid le 62% a dúirt nach raibh seans níos mó ann.

“Tá sciar suntasach den phobal ar mhaith leo úsáid a bhaint as seirbhísí poiblí as Gaeilge, ach ar fháthanna éagsúla cuirtear bac orthu sin a dhéanamh,” a deir Caolán Mac Grianna, Feidhmeannach Cumarsáide le Conradh na Gaeilge.

“Is minic a bhaintear úsáid as seirbhísí i mBéarla más sin an chéad teanga teagmhála ón tseirbhís féin, má cheaptar nach bhfuil seirbhís i nGaeilge ar fáil, nó má cheaptar nach mbeidh a comhionann de sheirbhís ar fáil trí Ghaeilge. Is gá bacainní a bhaint ó na seirbhísí poiblí trí sheirbhís ar ardchaighdeán Gaeilge a chinntiú agus tairiscint ghníomhach a thabhairt don phobal le go mbeidh a fhios acu go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil.”

Tá soláthar seirbhísí trí Ghaeilge ar cheann de phríomhspriocanna na leasaithe a rinnneadh ar an Acht Teanga  ó dheas in 2021 agus tá feidhm le tabhairt san fhómhar d’fhoráil sa reachtaíocht chéanna go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada agus a chinntiú gur féidir leis an bpobal ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge a úsáid i gceart.

Sa phobalbhreith a rinne an comhlacht Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, agus a bhfuil a torthaí á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc mar shraith scéalta an tseachtain seo, dúirt 72% de dhaoine gur chóir go mbeadh an rogha ag saoránaigh suíomh gréasáin a chuireann ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí ar fáil a úsáid trí Ghaeilge dá mba mhian leo. Níor easaontaigh leis an tuairim sin ach 13%.

Ó thuaidh, dúirt beagnach leath den phobal, 48%, gur chóir go mbeadh suíomhanna gréasáin ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí ar fáil i nGaeilge. Níor cheap 45% gur cheart go mbeadh sé amhlaidh.

“Is oth linn leithscéalta a chloisteáil in 2023 maidir le cúiseanna go bhfuil suíomhanna rialtais agus suíomhanna de chuid chomhlachtaí poiblí go fóill ann nach bhfuil fáil orthu i nGaeilge, nó nach bhfuil a chomhionann d’eolas ar fáil orthu i nGaeilge is atá ar na leaganacha Béarla,” arsa Caolán Mac Grianna. Deir Mac Grianna go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach don stát eolas a fhoilsiú i nGaeilge.

“Is ar shuímh ghréasáin a fhoilsítear agus a fhaightear rochtain ar mhéid suntasach d’eolas ó rannaí rialtais agus comhlachtaí poiblí sa lá atá inniu ann, rud nach mbeidh ach ag fás amach anseo.”

Roghnaíodh 2,696 duine don suirbhé do Chonradh na Gaeilge.

I measc na gceisteanna a cíoradh sa taighde a choimisiúnaigh an Conradh, bhí dearcadh an phobail ar úsáid na teanga, an Ghaelscolaíocht, coláistí samhraidh, cearta teanga ó thuaidh agus maoiniú na teanga ó dheas.

Roghnaíodh rannpháirtithe don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh ‘claonadh reiligiúin’ san áireamh ó thuaidh. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.0% ó thuaidh.

Fág freagra ar 'D’úsáidfeadh suas le duine as gach cúigear seirbhísí stáit trí Ghaeilge – pobalbhreith nua'

  • Seán ÓM

    Is minic a bhíonn cainteoirí Gaeilge ag tabhairt amach faoi na drochscéalta atá acu agus iad ag dul i ngleic le státchóras nach n-aithníonn a gcearta mar shaoránaigh.

    Is rud tábhachtach é seo.

    Ach ba chóir dúinn na deascéalta a insint agus scaipeadh chomh maith le taispeant do na eagraisí stáit atá níos leisciúile go bhfuil a leithéid rud mar dhea-sheirbhisí i nGaeilge indéanta agus go bhfuil deachleachtas ann.

    Ar an ábhar sin, ba mhaith liom mo “réalt óir” a bhronnadh ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha mar gheall ar an suíomh idirlín iontach atá acu chun pás a nuashonrú. Tá fhios agam nach bhfuil ach “seirbhís digiteach” i gceist anseo (níl aon teagmháil pearsanta ar bith ann) ach fós féin, bhí sé sách simplí gach rud a dhéanamh as Gaeilge agus fuair mé an pas tar éis coicíse.

  • Saoranách

    @ SeánÓM. Comhghairdeas leat. Ba bhreá linn go léir a bheith in ann dea-scéalta a scríobh ach, faraoir, ní minic a bhíonn deis mar sin ann. Mar shampla, in Ard-Oifig an Phoist i mBleá Cliath i 2023, d’iarr mé foirm iarratais le haghaidh pas a athnuachaint.
    ‘I don’t speak Irish’ a d’fhreagair an cléireach mé. ’That’s OK’, a deir mise -cé nach raibh i ndairíre- agus d’iarr mé labhairt leis an saoiste ann. ’She doesn’t speak Irish either.’ a dúradh liom, go lán muiníneach. ’Perhaps she can tell me that herself? arsa mise leis. Nuair a tháinig an saoiste go dtí haiste, thosaigh sí mar seo: ‘I don’t speak Irish, what do you want?’ D’fhiafraigh mé di cén t’ainm a bhí uirthi agus d’freagair sí le: ‘Oh, I’m not going there there!’ .i. freagairt a thabhairt i nGaeilge, agus lean sí uirthi: ‘You don’t have to speak to work here.’ B’é sin in Ard-Oifig an Phoist, B-Á-C. An gcreidfeá a leithéid? Ansin d’iarr mé labhairt leis an mBainisteoir. Tháinig eisean chuig an cuntar agus é ar an ionsaí ag rá, sula labhair mé féin fiú: ‘I don’t speak Irish.’ Tar éis dom a fhiafraigh desean cén t’ainm a bhí air d’fhreagair sé: ‘I’ve already told you, I don’t speak Irish’. Bhí custaiméirí eile thart agus iad in ann é seo go léir a chloisteáil. Le scéal fada a dhéanamh gairid, brudh foirm ghearáin im’ threo ag rá: ‘You might like to make a complaint’. Sea, bhí an fhoirm chéana i mBéarla amháin!
    Tá dualgais reachtúil ó thaobh an tseirbhís cuntar i nGaeilge a chur ar fáil ar An Post.