Duggan ag breathnú roimhe

Labhraíonn Dave Duggan faoina dhráma nua atá á léiriú ag Aisling Ghéar agus a phléann ceisteanna a bhaineann le cúrsaí cumhachta, cúrsaí teanga agus cúrsaí teicneolaíochta.

dave duggan

Bhí sé ar na hagallaimh ab iontaí dá ndearna mé riamh. Bhí mé in otharlann Alt na nGealbhan i nDoire le labhairt le Dave Duggan, an scríbhneoir agus an drámadóir a bhfuil dráma thar a bheith nuálaíoch scríofa aige darb ainm Makaronik.

Bhí banaltraí ag baint fola as Dave a bhí istigh i gcomhar obráide nuair a chuaigh mé isteach san aireagal chun bualadh leis. Ba thráthúil mar a bhí sé timpeallaithe ag an teicneolaíocht is nua-aimseartha amuigh agus muid ag caint ar Markaronik, an dráma is déanaí uaidh a bheidh le feiceáil ar an 24 Deireadh Fómhair in Amharclann an Lyric mar chuid d’Fhéile Bhéal Feirste.

Tá Makaronik suite sa bhliain 2084 agus an domhan faoi smacht ag ‘An Impire’.

Ní cheadaítear ach teanga amháin, an Impiris, cineál Béarla bacach atá cosúil leis an Newspeak i 1984 le George Orwell. Cloistear fós teangacha eile mar an Ghaeilge, an Volaifis agus an Tagalog cionn is nach bagairt iad don Impireacht agus iad á labhairt i bhfo-ionaid i bhfad ó lár na cumhachta, ach nuair a tharlaíonn géarchéim i lár na hImpireachta, cuirtear beirt, Diarmaid agus Gráinne, amach le hiarsmaí na Gaeilge a charnadh agus a thabhairt ar ais go dtí stóras na hImpireachta.

Tá go maith go dtí go bhfaightear amach go bhfuil Diarmaid agus Gráinne ag dúil le páiste. Má théann siad ar ais chuig an Impireacht, tógfar an leanbh uathu agus caillfidh siad a bpostanna. An t-aon rogha eile atá acu ná fanacht i mBéal Feirste atá i mbaol a scriosta.

Cé go bhfuil an dráma suite i 2084 agus gur ficsean eolaíochta ata ann, baineann sé le saol an lae inniu, dar le Duggan.

“Baineann an dráma le cumhacht; cumhacht ar an leibhéal daonna agus ar an leibhéal domhanda. Ach ní dráma foclach teibí ata in Makaronik; carachtair dhaonna atá le fáil ann. Tá Gráinne ag iompar clainne agus caitheann siad a roghanna féin a dhéanamh chun leasa an pháiste agus chun a leasa féin.”

Ta teachtaireacht thábhachtach síos fríd Makaronik, ach deir Dave nárbh í an teachtaireacht a spreag é le dul i mbun pinn. Deir údar an ghearrscannáin Dance Lexie Dance, a ainmníodh le haghaidh Oscar, gurb ionann a bheith ag scríobh agus drúis a dhéanamh.

“Tá mé ag iarraidh mé féin, mo chuid thaithí agus an domhan a iniúchadh dom féin. Níl mé ag iarraidh a bheith ag déanamh gaisce ach thig liom sin a dhéanamh ar dóigh atá suimiúil do dhaoine eile, frí dhrámaí, frí úrscéalta, fríd an ghreann.

“Nuair a tháinig Aisling Ghéar chugam ag cur na ceiste an raibh smaointe ar bith agam, tháinig an dá ghné den scéal le chéile, an nóisean sin faoin chumhacht, an cultúr agus teanga agus an ghné eile, an teicneolaíocht.”

Rinne sé dráma eile le Aisling Ghéar blianta ó shin, Gruagairí, inar úsáideadh córas aistriúcháin comhuaineach, ach theastaigh rud éigin difiriúil an uair seo uaidh.

“Mheabhraigh mé agus mé ag smaoineamh ar an dráma sin go raibh cúigear ar an stáitse ach nár chuala lucht an Bhéarla sa lucht féachana ach guth amháin.

“Sin mar a thosaigh mé ag smaoineamh ar scéal Makaronik agus ar an seit. Beidh scáileáin ollmhóra ar an ardán agus sonraí ag dul fríd go síoraí. Ar an dóigh sin, beidh lucht an Bhéarla agus teangacha eile in ann an scéal a leanstan.”

Beidh Makaronik le feiceáil in Amharclann an Lyric idir an 24-26 Deireadh Fómhair agus ansin feicfear in áiteanna éagsúla é timpeall na tíre; sa Taibhdhearc i nGaillimh; in Amharclann an Gharáiste i Muineachán; The Playhouse i nDoire; An Carn i Machaire Rátha; agus sa The Project Arts Centre, i mBaile Átha Cliath.

– Tá n t-eolas go léir ina thaobh ar fáil anseo: https://www.aislingghear.com/production/makaronik-dave-duggan