Duaiseanna iriseoireachta buaite ag ceathrar daltaí Gaeltachta

Bronnadh duaiseanna i gcomórtas náisiúnta iriseoireachta.ar cheathrar daltaí as Gaeltacht na Mumhan agus dalta amháin as Gaelcholáiste i gCúige Mumhan

Duaiseanna iriseoireachta buaite ag ceathrar daltaí Gaeltachta

Tá duaiseanna buaite ag cúigear daltaí as scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge i gcomórtais náisiúnta iriseoireachta NewsBrands Ireland Press Pass.

Thug an cúigear, a freastalaíonn ar scoileanna i gCúige Mumhan, duaiseanna leo i gcatagóirí éagsúla – gné-ailt, nuacht, spóirt agus fóta-iriseoireacht.

Bhuaigh Méabh Ní Chonaill ó Choláiste Ghobnatan i mBaile Mhic Íre an chéad duais sa chatagóir ‘gné-ailt’ dá scéal  ‘An Art Form Worth Retaining’, píosa faoi na hamhráin saothair. Foilsíodh an t-alt san Irish Times inniu.

Thug Michael Holden ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne leis an dara háit sa chatagóir chéanna. Ina alt, dar teideal ‘Hanging onto the Yardarm: The journey of a lifetime’, rinne Michael cur síos ar an seal a chaith sé ar bhord na loinge ard HMS Pelican of London.

Sa chatagóir ‘nuacht’ tháinig Kaylin Ní Ghealbhái ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne sa tríú háit agus duais buaite aici do scéal a scríobh sí faoi lucht an Dreoilín i nDaingean Uí Chúis.

Tháinig dalta eile ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Mahdi Ní Chonmhaoile, sa dara háit sa rannóg spóirt lena phíosa ‘Cloudy With a Chance of Pooh Bears’ a d’inis scéal an oighearscátálaí as an tSeapáin, Yuzuru Hanyu.

Sa rannóg fóta-iriseoireachta, thug Cian Ó Grifín ó Ghaelcholáiste Chiarraí i dTrá Lí leis an duais don dara háit dá phictiúr d’fheirmeoir ar tharracóir.

Is í Ella Kennedy, dalta ó Mount Sackville i Séipéal Iosóid i mBaile Átha Cliath a thug léi an phríomhdhuais náisiúnta.

Is féidir saothar na mbuaiteoirí uile a fheiceáil anseo.

Fág freagra ar 'Duaiseanna iriseoireachta buaite ag ceathrar daltaí Gaeltachta'