Dosaen na Bliana – scoth an cheoil traidisiúnta ó 2017

Roghnaigh Port eile! an dosaen albam is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi i mbliana

Dosaen na Bliana – scoth an cheoil traidisiúnta ó 2017

Tá breis agus céad dlúthdhiosca os mo chomhair arís i mbliana agus mé ag roghnú dhlúthdhioscaí na bliana astu. Caithfidh mé a rá go bhfuil ardchaighdeán ceoil agus amhrán orthu ar fad agus níl sé éasca ná baol air dosaen acu a roghnú. Is í slat tomhais an traidisiúin agus an fhíorcheoil dhúchasaigh atá á úsáid agamsa agus mé ag déanamh mo rogha phearsanta.

 

All in Good Time – Declan Folan

Ní raibh aon deacracht agam an taifead seo a roghnú as an slám mór a bhí os mo chomhair amach.  Seo an chéad albam aonair ón veidhleadóir seo as Sligeach. Is as an Trá Bháin i gConamara dá athair Pádraig Ó Cualáin.  Tá stíl bhreá veidhleadóireachta ag Declan agus blas na seanmháistrí ar a chuid ceoil agus tionchar Mhichael Coleman, James Morrison, Paddy Killoran le haithint air.  Ag tabhairt tionlacain dó ar an albam tá Shane McGowan, Paddy Kerr, Kevin Brehony, Junior Davey, Paul Gurney, Damien Stenson, John Carty, Michael Rooney agus Séamus O’Donnell.  Is é Declan féin a d’eisigh an t-albam seo.

The Torn Jacket – Tommy Guihen

Seo albam breá ó fhear Ros Comáin Tommy Guihen, fear atá ar dhuine de na ceoltóirí is mó cáil ó thaobh na fliúiteadóireachta de sa gcontae. Seo an chéad albam aonair ó Tommy agus is fada daoine ag súil leis go deimhin.  Tá cáil mhór ar fhliúiteadóireacht cheantar dúchais Tommy agus is í sin an stíl atá á casadh ag Tommy ar an taifead seo. Ina theannta ar an taifead tá Mary Corcoran ar an bpianó agus Paul Gurney ar an ngiotár.  Tá rogha bhreá thraidisiúnta casta aige agus is iad Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh é.

 

The Loom – Liam O’Connor

Seo albam eile a raibh daoine ag súil leis le fada.  Is ceoltóir den scoth é Liam O’Connor ar an bhfidil agus tá an chéad albam aonair seo thar cionn ar fad ó thús go deireadh. Tá a stíl álainn fhéin ag Liam cé go bhfuil tionchar an tsármháistir fidléireachta Tommie Potts le cloisteáil anseo agus ansiúd ina chuid ceoil.  D’fhás Liam suas i mBaile Átha Cliath dteaghlach a bhfuil an ceol go smior iontu.  Tá a athair Mick O’Connor le cloisteáil ina theannta ar an bhfliúit ar an albam seo chomh maith le John Blake ar ghiotár agus ar an bpianó agus Paddy McEvoy ar an bpianó.  Is é Liam fhéin a d’fhoilsigh an t-albam seo.

Scáthanna – Fíona Nic Conmara agus Tim Doyle

Is i mBaile Átha Cliath a d’fhás an bheirt cheoltói seo aníos agus tá cleachtadh maith acu ar chasadh i dteannta a chéile agus sin le tabhairt faoi deara agus tú ag éisteacht leis an gcéad albam seo uathu. Casann Fíona an fhidil agus casann Tim an consairtín agus an phíb uilleann. Tá rogha bhreá ceoil casta acu go paiteanta agus go ceolmhar lena chéile agus rian aonair an duine casta acu freisin, rianta atá deas blasta. Ina dteannta ar an albam seo tá Joey Doyle ar ghiotár, Gráinne Nic Ghiobúin ar an gcruit agus Kevin Meehan ar an mbodhrán. Is iad Tim agus Fíona a d’fhoilsigh an t-albam seo.

 

Concertinas – Cormac Begley 

Seo an chéad albam aonair ó Chormac Begley cé nach é an chéad taifead é atá tagtha óna láimh.  Tá leaganacha breátha casta ag Cormac de phíosaí ceoil a chuaigh i bhfeidhm air fhéin ó thosaigh sé ag casadh ceoil an chéad lá riamh agus iad casta aige ar réimse leathan consairtíní. Is cinnte go bhfuil a stíl aitheanta fhéin ag Cormac agus go bhfuil sé ag tabhairt ré nua i lár an aonaigh don bhoiscín beag. Is é Cormac a d’eisigh an t-albam seo.

Sweeping the Cobwebs Out of the Sky – Fergus McGorman

Is ceoltóir óg spleodrach fliúite é Fergus McGorman agus cá bhfágfadh sé é. D’fhás Fergus suas i dteaghlach ceolmhar i gCo. na Mí agus a mháthair Catherine McEvoy agus a athair Tom McGorman ag casadh ar an bhfliúit iad fhéin. Tá a stíl fhéin ag Fergus ach tá stíl aitheanta a mháthar Catherine le cloisteáil ina chuid ceoil agus freisin corrspléachadh ann de mháistrí eile na fliúite, Séamus Tansey agus Matt Molloy. Tá tionlacan aige óna dheartháir Ruairí McGorman ar an mbasúcaí, óna chol ceathrar Paddy McEvoy ar phianó agus ó John Blake ar ghiotár.  Is é Fergus a d’fhoilsigh an t-albam seo.

 

Foxglove & Fuschia – Muireann Nic Amhlaoibh

Tá aithne mhaith againn ar cheol agus ar amhráin Mhuireann faoin tráth seo. D’fhás sí suas i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne agus ceol agus amhráin ón taobh sin tíre le cloisteáil againn anseo agus iad curtha inár láthair go snasta ag Muireann. Bronnadh Gradam Amhránaí TG4 ar Mhuireann in 2011 agus bhí sí mar amhránaí leis an ngrúpa Danú ar feadh roinnt blianta freisin. Tá idir cheol agus amhráin ar an albam seo. Tá na hamhráin i nGaeilge agus i mBéarla agus tá ceol fliúite agus feadóige den scoth aici chomh maith. Á tionlacan tá slám mór ceoltóirí, Gerry O’Beirne ar ghiotár agus ar bhainseó, Donogh Hennessy ar ghiotáir, Dónal O’Connor agus Jeremy Spence ar an bhfidil, Donnchadh Gough ar an mbodhrán, Michael Rooney ar an gcruit, John McSherry ar an bpíb uilleann agus Billy Mag Fhloinn ar bhasúcaí. Tá Pádraig Ó Sé ar an mbosca ceoil, Fergal Mac Amhlaoibh ar an bhfidil agus ag comh-amhránaíocht léi tá Séamus Begley, Éilís Kennedy, Méabh Ní Bheaglaoich agus Pauline Scanlon. Is í Muireann a d’fhoilsigh an t-albam seo.

Tiarnán Ó Duinnchinn ‘Reggish Paddy’

Is as Co. Mhuineacháin do Thiarnán agus é ar dhuine de na píobairí is fearr atá againn i láthair na huaire. Tá a chuid píobaireachta an-bhinn agus an-cheolmhar go deo. Tá gradaim go leor bainte ag Tiarnán i rith na mblianta, ina measc bonn óir Sheáin Uí Riada in 2013. Tá réimse breá ceoil ag Tiarnán anseo idir fhoinn mhalla agus thapa tá tionlacan aige ó Steve Cooney ar ghiotár agus Trevor Hutchinson ar an dord. Is é Tiarnán a d’fhoilsigh an an t-albam seo.

 

Bernadette Nic Gabhann ‘Here to Play’

As Co. na Mí do Bhernadette agus d’fhás sí aníos i dteaghlach fíorcheolmhar. Tá a hathair Antóin Mac Gabhann, as Co. an Chabháin ó dhúchas, aitheanta ar dhuine d’fhidléirí móra ár linne agus tá a chuid ceoil tugtha go fonnmhar aige do go leor ceoltóirí óga, a chlann fhéin ina measc. Seo an chéad albam aonair ó. Is í bean St. Louis, Eileen Gannon atá á tionlacan ar an gcruit anseo agus tá a hathair Antóin le cloisteáil ina teannta ar na hamhráin. Thaistil Bernadette ar fud an domhain mhóir agus í ag casadh na fidle le compántas Mhichael Flatley Lord of the Dance. Is í Bernadette fhéin a d’fhoilsigh an t-albam seo.

Live in New York – Noel Hill

Tá aithne mhaith ar an gceoltóir Noel Hill as Lios Uí Chathasaigh i gCo. an Chláir. Fáisceadh as an traidisiún láidir ceoil consairtín atá sa gceantar sin é, traidisiúin atá go láidir ina chlann fhéin freisin. Is ag ceolchoirm i Nua-Eabhrac Mheiriceá a rinne Jack Talty, nia le Noel, taifead ar an gceol atá le cloisteáil ar an albam seo agus is ceol aonair an chonsairtín atá le cloisteáil ann ó thús go deireadh. Mar a bheifeá ag súil leis tá togha an cheoil anseo ó thús go deireadh. An lipéad Raelach Records a d’fhoilsigh.

 

Ceoltaí Oirialla – Pádraigín Ní Uallacháin

Bailiúchán den scoth d’amhráin ó cheantar Oirialla atá curtha le chéile anseo ag Pádraigín Ní Uallacháin. Tá Pádraigín ar dhuine de na hamhránaithe traidisiúnta is aitheanta as an gceantar seo. Is dlúthdhiosca dúbailte atá curtha le chéile aici agus ocht n-amhrán fichead ar fad ann, ceithre cinn déag le tionlacan agus ceithre cinn déag gan tionlacan. Tá amhráin sa mbailiúchán seo nach bhfuil cloiste againn cheana agus cinn eile a bhí ligthe i ndearmad.  Tá suíomh idirlín curtha le chéile ag Pádraigín freisin atá ag dul leis an taifead seo agus focal na n-amhrán le fáil ann chomh maith le heolas faoi cheol agus amhráin Oirialla. Is í Pádraigín fhéin a d’eisigh an bailiúchán seo.  www.orielarts.com

Hiding Daylight in Dark CornersJames Carty

Seo taifead ó cheoltóir óg eile de bhunadh Ros Comáin. 

Seo a chéad albam aonair ach ní cheapfainn gurbh é an ceann deireanach é mar tá an ceol go smior i James. Is mac é leis an gceoltóir bainseó, fidle agus fliúite John Carty a bhfuil an-cháil air fhéin agus gradaim go leor bainte aige. Tá John le cloisteáil i dteannta James anseo ar an bhfidil agus ar an bhfliúit, agus ina theannta freisin tá Brian McGrath ar an bpianó, Francis Gaffney ar an ngiotár, seanathair James, John P. Carty ar an bhfliúit, a uncail James ar an bhfliúit agus Ted McGowan ar an mbodhrán. Is iad Racket Records a d’fhoilsigh.

Fág freagra ar 'Dosaen na Bliana – scoth an cheoil traidisiúnta ó 2017'