Donnú bréige gan tubaiste?

Táirge nua a ghealann dath álainn éadrom donn duit, gan stríoc gan stró

St Tropez

Is cuid de chultúr an fhaisin é go gcaithfidh duine donnú bréige a úsáid sa lá atá inniu ann le dath na gréine a chur orthu féin go háirithe ag ullmhú d’oíche ‘amuigh’ nó d’ócáidí sóisialta. Ní dóigh go bhfuil aon duine ar domhan go dtaithníonn an stró leo a bhaineann leis an donnú bréige a chur orthu agus bíonn ar gcroí inar mbéal againn ar fhaitíos stríoca nó tubaiste eile. Agus is annamh nach bhfeictear toradh na dtubaistí céanna sin, an dath ró-oráisteach, na lámha ródhonn.

Ach tá táirge nua ar an margadh agus a cháil ag scaipeadh i bhfad is i ngearr. Bhí oiread cainte faoin lóis nua seo ón gcomhlacht St Tropez go raibh liosta feithimh de 8,500 duine ag fanacht leis nuair a seoladh é i dtús mhí an Mheithimh. An chúis go raibh oiread suime sa táirge nua seo ná go maítear gur féidir leat é a úsáid le linn duit a bheith ag tógáil cithfholcadh agus nach nglacann sé ach 3 nóiméad ina aghaidh an lae é a chur ort. Níos fearr fós, deirtear go bhfuil sé chomh héasca sin nach féidir le haon tubaiste donnaithe tarlú ach na treoracha a leanúint go cúramach. Agus tá ola almóinn mar chuid den lóis seo, rud a chiallaíonn nach gá duit maothóir colainne a úsáid ina dhiaidh.

ST-TROPEZ1

Tá sé tábhachtach, áfach, cloí go cruinn leis na cúig cinn de chéimeanna a bhaineann le húsáid an táirge nua seo agus aird ar leith a thabhairt ar chúrsaí ama (úsáid clog, fón nó eile mar threoir). Cithfholcadh te an chéad chéim, an lóis a chur ort le do láimh agus tú a chuimilt i gciorcail, na lámha a ní láithreach, fanacht 3 nóiméad go díreach, an farasbarr lóis a bhaint díot le sruthlú sa chithfholcadh agus tú féin a thriomú.   

Tá sé riachtanach cloí go docht leis an teorainn 3 nóiméad agus gan dul thairis. Má dhéantar sin, gealltar dath álainn éadrom donn duit, gan stríoc gan stró. Tógann sé tamall beag ar an dath bláthú ar do cholainn agus oibríonn an táirge nua seo níos fearr ach é a úsáid go rialta.

Tugaim faoi deara go bhfaigheann daoine áirithe beagán beag de bholadh air ach ní fíor sin i ngach cás.

Tá luach ar leith ar an donnú bréige seo do dhaoine óga nach bhfuil ach ag dul i dtaithí ar an gcúram sin. 

Tá ‘St Tropez Gradual Tan In Shower Lotion’ ar fáil i Boots ar chostas €19.99.

Fág freagra ar 'Donnú bréige gan tubaiste?'