Dónal Óg Cusack – ceapachán cinniúnach don Chlár toisc go bhfuil ‘an x factor’ aige

Le linn a thréimse mar bhainisteoir ar iománaithe Chorcaí, bhí ár gcolúnaí thar a bheith tógtha le Dónal Óg Cusack mar dhuine lách dílis a rinne a dhícheall chun go mbuafadh Corcaigh i gcónaí

REPRO FREE***PRESS RELEASE NO REPRODUCTION FEE*** 2013 Camogie All Stars Awards in Association with Liberty Insurance, Citywest Hotel, Dublin 2/11/2013 Chairman of the Gaelic Players Association (GPA) and former Cork goalkeeper Donal Og Cusack at the awards Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
 ©INPHO/James Crombie

Bhíos ag éisteacht le déanaí leis an iarimreoir rugbaí Ronan O’Gara agus é ag caint faoi na príomhimreoirí a bhí agus atá ag glacadh páirte i gCorn an Domhain. Is breá liom bheith ag éisteacht leis. Ceapaim go bhfuil an-tuiscint aige ar an gcluiche rugbaí agus ar bhuanna na n-imreoirí is fearr.

Dar ndóigh, tá an-chur amach aige ar an tábhacht a bhaineann leis na himreoirí a chaitheann geansaí uimhir a deich. Tá an-chur amach aige freisin ar thábhacht na gcaptaen agus na gceannairí ar na foirne rugbaí. Bhí Seán Ó Ruairc á cheistiú an mhaidin áirithe seo faoi imreoir éigin agus sheas rud amháin a dúirt O’Gara amach dom, agus sin an cheist a chuir sé, “ach an bhfuil ‘an x factor’ aige?”. Dúirt sé go mbíonn fíorbheagán imreoirí ag imirt, is cuma cén ré, go mbíonn an ‘x factor’ sin acu.

Ar an Luan seo caite, tháinig an scéal go raibh iarchúl báire iománaithe Chorcaí, Dónal Óg Cusack, ainmnithe ar dhuine de thraenálaithe iománaithe an Chláir. Tháinig an scéal sin aniar aduaidh orm. Thóg sé tamall orm a thuiscint agus a chreidiúint go raibh sé chun a phost ar an Sunday Game a ligean le sruth, a shaol club le Cluan Uamha a chríochnú, mar aon lena phost deonach mar chathaoirleach Chumann na nImreoirí a chaitheamh in aer chun dul i mbun oibre le Davy FitzGerald agus a chairde.

Ach is fear ann féin é an Cíosógach céanna. Ceapaim go bhfuil an ‘x factor’ sin a luaigh Ó Gara aige. Chaitheas tamall maith de bhlianta ag plé le foirne Chorcaí a raibh  Cusack mar bhall díobh. Sheas sé amach domsa an-luath. Ba cheannaire é sa seomra feistis agus ar pháirc na himeartha. Níos déanaí bhí sé ina cheannaire láidir sa seomra boird agus tuairimí an-láidir aige i gcónaí. Bhí sé ina laoch mar chúl báire, é i gcónaí ag iarraidh feabhsú.

Trí seachtaine ó shin, luaigh mé na stailceanna a bhí ag imreoirí i gCorcaigh agus chomh haontaithe is a bhíodar. Bhuel, bí cinnte de gur Cusack a sheas go láidir bródúil mar cheannaire orthu ar fad.

Le tamall bhí alt seachtainiúil á scríobh don Irish Examiner aige agus bhí an-mheas ar na hailt chéanna. Ansin rinne sé ainm dó féin ar an Sunday Game mar anailísí cliste tomhaiste nach raibh drogall air a thuairimí a nochtadh.

Le linn mo thréimse mar bhainisteoir ar iománaithe Chorcaí, bhíos thar a bheith tógtha leis mar dhuine lách dílis a rinne gach a raibh ag teastáil chun go mbuafadh Corcaigh. Ba í an iomáint bun agus barr a shaoil agus is cosúil go raibh tionchar nach beag aige sin ar a chinneadh.

I mo thuairimse, is láidre go mór iad foireann an Chláir agus Dónal Óg ar an taobh líne acu. Cé is moite de Bhrian Cody a fhógairt go bhfuil sé ag fanacht ina phost (táimid ag feitheamh leis an scéal bliantúil sin i gcónaí), seo an ceapachán bainistíochta is cinniúnaí san iomáint do 2016.

Is dócha gurb í an cheist is mó a chuirfeadh tinneas ar lucht leanta an Chláir ná conas a réiteoidh sé féin agus Davy FitzGerald lena chéile. Is pearsana láidre an bheirt acu. Beimid ag faire amach don ‘chomtharthaíocht choirp’ eatarthu ar an taobhlíne.

Ach bí cinnte de go mbeidh na foirne ullamh chun catha dos na cluichí móra, ag tosnú leis an gcéad cheann sraithe idir an Clár agus a gcomharsana béal dorais, Luimneach (más mar sin a bheidh).

Táim ag súil leis cheana féin.

Fág freagra ar 'Dónal Óg Cusack – ceapachán cinniúnach don Chlár toisc go bhfuil ‘an x factor’ aige'