Domhan diostóipeach eile ar Netflix, ach an t-údar imní is mó go rachaidh sé chun leadráin

Má tá an goile agat chuige, sraith ghruama é Snowpiercer a dhíríonn ar fhuíoll áir an chine dhaonna atá ag teitheadh leo ar thraein ó oighearaois nua

Domhan diostóipeach eile ar Netflix, ach an t-údar imní is mó go rachaidh sé chun leadráin

Dhein Bong Joon Ho agus a shaothar mór-ráchairte Parasite gaisce oíche Oscar mhí Feabhra. D’éirigh le Ho agus a shaothar ceithre dhuais Oscar a chrochadh leo, an ceann don scannán agus stiúrthóir is fearr san áireamh. Sa rannóg dheireanach acu sin fuair sé an fear maith ar Martin Scorsese, Quentin Tarantino agus Sam Mendes.

A leithéid de ghaisce do scannán nach raibh i mBéarla.

Bhí aithne de shaghas curtha ag lucht an Bhéarla ar fhear na Cóiré Theas roinnt blianta ó shin nuair ba é a bhí ar an stiúir agus ar an bpeann don scéinséir Snowpiercer in 2013. Bhí glacadh maith leis an saothar úd a bhí bunaithe ar an úrscéal grafach Francach Le Transperceneige.

Seo chugainn an leagan teilifíse ar Netflix agus Ho fillte le peann a chur le pár do thrí ghála as na deich gcinn. Cinntíonn an cháil atá bainte amach ag Ho go bhfuil tuilleadh búis faoi tsraith.

Aithneoidh siad siúd a chonaic an chéad scannán cuid mhaith den mhéid a bhí le feiscint sa chéad dá ghála a scaoileadh ar Netflix. Domhan diostóipeach mar a bhfuil ar fhuíoll áir an chine dhaonna teitheadh leo ar thraein ó oighearaois nua atá cruthaithe ag truailliú agus cogaíocht.

Ní théitear i bhfad scéil leis an míniú ar an domhan agus na carachtair mar a bhí, ná ar na cúinsí ba chúis leis an tubaiste timpeallachta.

Vae linn ar an traein ar an bpointe; traein mhór ghroí atá ag taisteal na cruinne de shíor agus 3,000 duine ar bord.

Tá léiriú duairc ar an deighilt aicme ina phríomhthéama sa saothar. Lucht an rachmais i dtosach na traenach ag cnáimhseán agus ag caitheamh a dtóna amhail is go bhfuilid in ionad saoire cúig réalt. Siar leat tríd an traein chuig na paisinéirí dara agus tríú grád.

Caite fé thóin chártaí i dtóin na traenach tá na ‘Tailies’, an dream a d’éalaigh ar bord i dtosach na hanachaine. Tá siad ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal agus ag beartú réabhlóide. Duine díobh siúd é Daveed Diggs (Andre Layton), ceann feadhna na sraithe.

Ba phóilín fiosraithe dúnmharuithe ab ea Diggs sa saol mar a bhí agus nuair a thagtar ar chorp iarrtar air dul i mbun fiosraithe.


’Sí Melanie (Jennifer Connelly) an bainisteoir de shaghas atá ar an traein agus ceann feadhna eile na sraithe. Í ag iarraidh na daoine ardnósacha a chur ar a suaimhneas agus an chosmhuintir a choimeád faoi chois agus cad é tagairt á déanamh an t-am go léir do Mr. Wilford, úinéir mistéireach na traenach. Tagann casadh gan choinne maidir leis siúd (casadh nach raibh sa scannán) ag deireadh an chéad chláir.

Tá an dara séasúr ar na bioráin cheana féin, ach dar liom féin go mbeidh sé deacair go maith adhmad deich gclár a bhaint as an gcoincheap seo.

Ciúta amháin is ea fiosrúchán dúnmharaithe agus beimid i bhfochair Diggs agus sinn ag dul fud fad na traenach. Léargas á fháil againn i rith an ama ar an saol aduain seo agus an deighilt aicme. Ciúta eile ná léargas ar an tslí a bhfuiltear a maireann daoine ar thraein; ag fás glasraí, ag cothú beithíoch, scolaíocht srl.

Déanfar sinn a thabhairt carráiste ar charráiste sa traein seo atá 1001 carráiste ar a fad.

Is cinnte go mbeidh ról níos lárnaí ag Melanie (taispeántas breá ó Connelly mar is dual di) ná mar a bhí ag an mbithiúnach sa scannán. Go deimhin nílimid cinnte an bithiúnach amach is amach í.

Cuibheasach gan a bheith maíteach atá scéal agus carachtar Diggis, cé go bhfuil gá le carachtar dá leithéid.

An locht is mó a bhí agam go dtí seo ná nár samhlaíodh an saol seo chun mo shástachta.

Bhí an radharc i gclub oíche go hainnis agus cé go raibh na radharcanna i gcarráiste na mbeithíoch snasta, níl struchtúr agus leaganacha amach na dtraenacha soiléir nó pointeáilte go leor dom.

Bhraitheas ar uairibh go raibh sonra nó íomhá amháin ag teacht salach ar chinn eile. 

Suimiúil agus eachtrúil in áiteanna ach tá eagla orm go mb’fhéidir go rachaidh rudaí chun leadráin nó chun seafóide go hiomlán roimh cheann scríbe.

Fág freagra ar 'Domhan diostóipeach eile ar Netflix, ach an t-údar imní is mó go rachaidh sé chun leadráin'