Dóchas an fhómhair maolaithe agus na Breatnaigh tagtha go Baile Átha Cliath

Cé go bhfuil Éire ar bharr Ghrúpa D faoi láthair, d’fhéadfadh gortuithe agus easpa muiníne cur isteach go mór ar fhoireann Martin O’Neill anocht

Dóchas an fhómhair maolaithe agus na Breatnaigh tagtha go Baile Átha Cliath

Martin O'Neill inné. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Cúig mhí i ndiaidh bhua mór na hÉireann sa Vín, tá an dóchas a bhí ag lucht leanúna na foirne ídithe agus an Bhreatain Bheag ag teacht chomh fada leis an Aviva anocht. Tá foireann Martin O’Neill fós ar bharr Ghrúpa D agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach i gCorn an Domhain an bhliain seo chugainn ach tá cuid mhaith den fhuinneamh a bhí iontu i mí na Samhna tráite anois.

Is iad na himreoirí a bheidh ar iarraidh anocht is cúis cuid mhaith leis sin.

Fógraíodh na trí chúl is fearr a scóráil Éire in 2016 ag searmanas bronnta de chuid an FAI Dé Domhnaigh. Tá go maith ach ní bheidh fáil anocht ar an bhfear a scóráil an ceann is fearr díobh, Robbie Brady (in aghaidh na hIodáile), ná ar Wes Hoolahan, a scóráil an cúl a tháinig sa dara háit agus a chruthaigh ceann Brady an cúl a tháinig sa tríú háit (James McClean na hOstaire)).

Tá deacrachtaí ag Martin O’Neill i measc na gcosantóirí chomh maith agus gortuithe ag cur as don bheirt a thosaigh sa lár in aghaidh na hOstaire, Shane Duffy agus Ciaran Clark. Seans maith gurb iad John O’Shea agus Richard Keogh a bheidh ag imirt anocht mar sin agus cé nach bhfuil sé chomh fada sin ó ba iad an bheirt sin ab ansa le O’Neill (thosaigh siad sa chluiche comhscóir in aghaidh na Seirbia mí Dheireadh Fómhair) is beag seans a bheadh ann go mbeadh siad ag tosú anocht mura mbeadh daoine eile gortaithe.

Dea-scéal – agus ní mórán acu a bhí ann –d’fhoireann na hÉireann le cúpla mí anuas ná aiséirí Aiden McGeady agus é ag imirt do Preston North End. Roghnaíodh é mar imreoir na míosa do mhí Feabhra sa tsraith agus tá ceithre chúl scóráilte aige le hocht gcluiche anuas. Fós féin b’fhéidir nach dtosóidh sé anocht. Agus Gareth Bale ar ais ag imirt do na Breatnaigh, beidh O’Neill ag iarraidh go ndéanfaidh a chuid cliathánaithe obair na gcapall, rud nach luaitear le McGeady go minic.

D’imir McClean, Shane Long agus Jon Walters i measc na dtosaithe sa chéad chluiche den chomórtas cáilithe seo in aghaidh na Seirbia, cluiche a chríochnaigh 2-2, agus d’fhéadfadh go mbeadh an-choslúlacht idir an fhoireann sin agus foireann na hoíche anocht. Seans gurb iad na himreoirí céanna a rachaidh chun páirce anocht seachas athrú amháin – James McCarthy i lár na páirce in áit Brady. Mura n-éiríonn le fear Everton an gortú a bhí ag cur as dó a chur de, d’fhéadfaí David Meyler a chur san ionad sin i lár na páirce.

Pé rud faoi na himreoirí a théann chun páirce, beidh O’Neill ag iarraidh a chinntiú go mbeidh meon na foirne i gceart.

Le roinnt blianta anuas, bíonn fadhbanna ag foirne na hÉireann nuair  a thugann siad aghaidh ar fhoirne atá ar aon chaighdeán leo.

Bhí an méid sin soiléir sa chluiche in aghaidh na hAlban i gcomórtas cáilithe EURO 2016. Nuair a chas na foirne ar a chéile i nGlaschú in 2014, bhí na hÉireannaigh faoi chois ó thús ag an bhfoireann baile a thug an lá le a bhuíochas le cúl Shaun Maloney. Chas siad ar a chéile arís i mBaile Átha Cliath an samhradh dár gcionn agus cé gur chuir foireann na hÉireann tús maith leis an gcluiche, agus gur aimsigh Jonathan Walters cúl sa chéad leath, thosaigh siad ag cúlú siar sa dara leath agus bhí an t-ádh orthu comhscór a fháil ar deireadh.

Tá gaisce déanta ag foireann O’Neill go dtí seo san fheachtas agus barr an tábla bainte amach acu, ach má éiríonn leis an mBreatain Bheag cluiche na hoíche anocht a bhuachan, cuirfear cuid mhaith den dea-obair sin ó mhaith. Fiú agus imreoir chomh maith Gareth Bale rompu, ba cheart go mbeadh dóthain muiníne ag foireann na hÉireann cluiche mar seo a bhuachan sa bhaile.

An ndéanfaidh siad an beart? Sin scéal eile. Cuireann an bainisteoir stíl theoranta go maith i bhfeidhm ar chluichí mar seo agus cheapfá go mbeadh sé sásta le comhscór.

Fág freagra ar 'Dóchas an fhómhair maolaithe agus na Breatnaigh tagtha go Baile Átha Cliath'