Dlús á chur faoi obair athchóirithe dhá cheann de na hóstáin is aitheanta sa Ghaeltacht

Tá sé deimhnithe ag úinéirí Óstán Radharc na Mara ar an Bhun Bheag agus Óstán Ghaoth Dobhair i Machaire Chlochair go nglacfar an chéad chéim eile in athfhorbairt na n-óstán an samhradh seo

Dlús á chur faoi obair athchóirithe dhá cheann de na hóstáin is aitheanta sa Ghaeltacht

An samhradh seo a chuirfear dlús faoin obair athchóirithe atá le déanamh chun dhá óstán aitheanta sa Ghaeltacht a oscailt arís.

Tá sé deimhnithe ag úinéirí Óstán Radharc na Mara ar an Bhun Bheag i nGaeltacht Thír Chonaill go gcuirfear tús le hobair thógála ar an óstán an samhradh seo agus go lorgfar cead pleanála chun Óstán Ghaoth Dobhair i Machaire Chlochair a athfhorbairt thart ar an am céanna.

Tá an obair mar chuid d’infheistíocht mhór a d’fhógair Athbheochan an Bhuna Bhig Teoranta, fochomhlacht de chuid an chomhlachta infheistíochta Vesada Private, in 2020.

Deir Athbheochan an Bhuna Bhig Teoranta go dtosófar ar an obair thógála ar Óstán Radharc na Mara ag deireadh an tsamhraidh. Tá an t-óstán dúnta ó 2015 ach fuarthas cead pleanála don fhorbairt nua anuraidh.

Tá sé i gceist athchóiriú a dhéanamh ar an 36 seomra codlata, an beár agus an bhialann atá ar an suíomh faoi láthair chomh maith le 44 seomra codlata nua, caifé agus bialann eile a thógáil. Leagfar an club oíche aitheanta a bhíodh ag an óstán san athfhorbairt seo.

Tá sé deimhnithe freisin gur sna míonna amach romhainn a chuirfidh Athbheochan an Bhuna Bhig Teoranta isteach ar chead pleanála chun Óstán Ghaoth Dobhair a athfhorbairt.

Bhíodh an-tóir ar an óstán sin do bhainiseacha agus ócáidí eile sa cheantar mar gheall ar áilleacht na háite ina bhfuil sé agus tá súil ann go meallfar na sluaite arís i ndiaidh an athchóirithe.

Tuigtear go bhfuil sé i gceist breis seomraí a thógáil chomh maith le seomra ócáide nua agus ionad fóillíochta.

Cé go bhfuil obair ar siúl ar shuíomh an óstáin an tseachtain seo, dheimhnigh urlabhraí ó Athbheochan an Bhuna Bhig Teoranta don Donegal News nach rabhthas ach ag glanadh amach a raibh fágtha ann.

Dúradh go raibh daoine ag briseadh isteach san óstán chun pictiúir agus físeáin a thógáil agus go raibh obair ar bun chun an áit a dhúnadh i gceart.

D’fhógair Athbheochan an Bhuna Bhig Teoranta in 2020 go raibh €15 milliún le caitheamh ar cheannach, athchóiriú agus athoscailt na n-óstán aitheanta.

Buille mór ab ea dúnadh na n-óstán do Ghaeltacht Dhún na nGall agus táthar ag súil go gcuirfidh a n-athoscailt borradh faoi chúrsaí turasóireachta agus fostaíochta sa cheantar.

Fág freagra ar 'Dlús á chur faoi obair athchóirithe dhá cheann de na hóstáin is aitheanta sa Ghaeltacht'