Tá ráite ag ceannaire an DUP nach dtacóidh sí le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach mar choinníoll le hathbhunú fheidhmeannas Stormont i ndiaidh an toghcháin.
Ag tagairt di do cheist an Achta Teanga, dúirt an t-iarChéad-Aire, “Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh”.
I ráiteas uaithi a chuirfidh leis an aighneas ba chúis le titim Stormont, dúirt Arlene Foster nach ionann a cur chuige féin agus géilleadh do Shinn Féin ar mhaithe leis an bpáirtí sin a chur ar a suaimhneas.
Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici, dúirt Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.
Ní raibh aon fhonn ar lucht Shinn Féin mórán a rá faoina cuid cainte. Ag ócáid de chuid an pháirtí i mBéal Feirste, dúirt a gceannaire nua sa Tuaisceart Michelle O’Neill, nach raibh aon “spéis” aici i gcaint “dhiúltach” dá leithéid.
“See you later, alligator,” a dúirt Uachtarán Shinn Féin nuair a cuireadh ceist air faoi ráiteas Foster.
Luaigh Martin McGuinness “biogóideacht’”an DUP i leith na Gaeilge sa litir éirí as a sheol sé chuig Ceann Comhairle Stormont an mhí seo caite.
Niall Ó Flatharta
Thuigfeadh sí iompar an chrogaill go maith. Nach shin é an t-iompar a chleachtaigh a sliocht ó thángadar i dtír sa séú aois déag.
Seán Mag Leannáin
Nuair a chaith sí di an púicín nochtadh aghaidh ghránna an tseicteachais, is oth liom a rá.