Diúltaithe ag Rí Thoraí don ‘Queen of Aran’ ag Dáil Éireann Lá Vailintín

Ghlac muintir oileán Thoraí agus a lucht tacaíochta páirt in agóid lasmuigh de gheataí Dháil Éireann inniu faoi cheist chonspóideach sheirbhís farantóireachta an oileáin Ghaeltachta

Diúltaithe ag Rí Thoraí don ‘Queen of Aran’ ag Dáil Éireann Lá Vailintín

Rí Thoraí Patsy Dan Mac Ruairí lasmuigh de Dháil Éireann inniu. Pictiúr: RTÉ RnaG

Bhí Rí Thoraí i mbun agóid cheolmhar lasmuigh de Dháil Éireann inniu agus gan aon ghlacadh aige leis an ‘Queen of Aran’.

Bhí Patsy Dan Mac Ruairí,  Rí Thoraí, ar dhuine de cheathrar ceoltóirí a thionlaic slua mór chomh fada le geataí na Dála ar maidin d’agóid mar gheall ar cheist chonspóideach sheirbhís farantóireachta an oileáin Ghaeltachta.

Tá muintir an oileáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an conradh seirbhíse farantóireachta a bronnadh ar an gcomhlacht Réalt na Maidne toisc, a mhaítear, go bhfuil ‘The Queen of Aran’, an bád a bheidh i mbun na seirbhíse, “róshean” agus “róchaite” agus nach bhfuil sí “sábháilte le dhul chun na farraige go Toraigh”.

Pictiúr: RTÉ RnaG

Ghlac breis is cúpla céad duine páirt san agóid inniu, idir mhuintir Thoraí féin agus daoine agus grúpaí eile atá ag tacú lena n-éileamh, ina measc Conradh na Gaeilge, Misneach agus Teachtaí Dála agus polaiteoirí éagsúla.

Deir lucht chomharchumann Thoraí nach nglacfadh muintir an oileáin le “seanbhád a tógadh sna seachtóidí” agus “a bhí caite ar leataobh thíos i nGaillimh”.

Le linn na hagóide ar maidin, chuir lucht an chomharchumainn an cheist athuair an amhlaidh go bhfuil an Rialtas agus Roinn na Gaeltachta ag iarraidh an t-oileán a scriosadh.

Deir siad nach nglacfaidh muintir an oileáin le “seanbhád a tógadh sna seachtóidí” agus “a bhí caite ar leataobh thíos i nGaillimh”.

Le linn na hagóide ar maidin, chuir lucht an chomharchumainn an cheist athuair an amhlaidh go bhfuil an Rialtas agus Roinn na Gaeltachta ag iarraidh an t-oileán a scrios.

Pictiúr: RTÉ Raidió na Gaeltachta

Maíonn lucht Chomharchumann Thoraí gur deineadh neamhaird iomlán ar mhianta na n-oileánach nuair a bhí an conradh farantóireachta don oileán le bronnadh.

Deirtear go bhfuil sé curtha in iúl ag roinnt teaghlach as Toraigh go bhfágfaidh siad an t-oileán mura mbíonn réiteach ar an easaontas faoin tseirbhís farantóireachta agus tugadh le fios cheana go bhfuil sé i gceist ag muintir Thoraí bac a chur ar ché an oileáin ar an 1 Aibreán má dhéanann an ‘Queen of Aran’, an bád farantóireachta nua, iarracht teacht le céibh ar an oileán.

Agus é faoi agallamh ag RTÉ Raidió na Gaeltachta lasmuigh de Dháil Éireann ar maidin, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh gur “millteanach” an rud a bheadh ann don Ghaeilge agus do Thoraigh dá bhfágfadh aon teaghlach an t-oileán de thoradh na conspóide. Dúirt McHugh go raibh “a dhícheall” á dhéanamh aige teacht ar réiteach na faidhbe ach nach bhféadfadh aon aire ná rialtas “cur isteach” ar phróiseas tairisceana poiblí.

Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh. Pictiúr: Tuairisc.ie

Deir lucht Chomharchumann Thoraí nach bhfuil aon rogha á tabhairt ag an Aire Stáit do mhuintir an oileáin seachas an ‘Queen of Aran’.  Mhaígh Pádraig Ó Dúgáin ó Chomharchumann Thoraí le déanaí go raibh an tAire McHugh mar a bheadh “madadh” agus a “ruball á chroitheadh” ag oifigigh a Roinne.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag Rí Thoraí don ‘Queen of Aran’ ag Dáil Éireann Lá Vailintín'