Diúltaithe ag an Aire Dlí agus Cirt fáil réidh le ‘bealach éalaithe’ ag na Gardaí óna ndualgas teanga

Mhol na Teachtaí Dála neamhspleácha Catherine Connolly agus Thomas Pringle go ndéanfaí Acht na nGardaí a leasú chun a chinntiú go mbeidh Gardaí atá ar dualgas sa Ghaeltacht in ann freastal ar an bpobal i nGaeilge

Diúltaithe ag an Aire Dlí agus Cirt fáil réidh le ‘bealach éalaithe’ ag na Gardaí óna ndualgas teanga

Tá diúltaithe ag an Aire Dlí agus Cirt do mholadh go ndéanfaí reachtaíocht nua a leasú ionas go mbeadh dualgas níos mó ar an nGarda Síochána Gardaí le Gaeilge líofa a chur ag obair sa Ghaeltacht.

Agus Bille an Gharda Síochána á phlé i dTithe an Oireachtais faoi láthair, mhol na Teachtaí Dála Catherine Connolly agus Thomas Pringle go ndéanfaí Acht na nGardaí 2005 a leasú lena chinntiú go mbeidh Gardaí atá ar dualgas i gceantair Ghaeltachta in ann freastal ar an bpobal i nGaeilge.

San Acht mar atá faoi láthair, deirtear go gcinnteoidh Coimisinéir an Gharda Síochána, “a mhéid is indéanta”, go mbeidh Gardaí atá ar dualgas i stáisiún sa Ghaeltacht inniúil go leor sa Ghaeilge chun a ndualgais a dhéanamh sa teanga.

Mhol Connolly agus Pringle go mbainfí an frása “a mhéid is indéanta” as an reachtaíocht.

Agus í ag labhairt sa Dáil, dúirt an Teachta Connolly gur fhág an frása bealach ag an nGarda Síochána chun éalú ó na dualgais a bhí orthu maidir leis an nGaeilge.

“Ní dóigh liom go nglacfaidh an tAire leis an leasú mar is iontach an bealach éalaithe iad na focail ‘a mhéid is indéanta’ d’aon eagraíocht.”

Dúirt an Teachta Dála ó Ghaillimh Thiar go raibh “easpa tuisceana” sna Gardaí maidir lena ndualgais i leith na Gaeilge.

“Tá dualgais reachtúla orthu cloí leis an dlí agus níl sin á dhéanamh acu. Níl aon rogha agam ach iarraidh go mbainfí amach an clásal éalaithe sin chun meabhrú do na Gardaí an tábhacht a bhaineann le cloí leis an dlí.”

Thagair an Teachta Connolly don tuarascáil a chuir an Coimisinéir Teanga os comhair Thithe an Oireachtais níos luaithe i mbliana inar deineadh cur síos ar an sárú atá á dhéanamh ag an nGarda Síochána ar an dlí teanga.

Shocraigh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill an tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais mar nár chuir an Garda Síochána i bhfeidhm riamh moltaí a bhí in imscrúdú a rinneadh deich mbliana ó shin, in 2011, maidir le sárú a bhain le dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ar dualgas sa Ghaeltacht.

“Thóg an Coimisinéir Teanga an t-aon chéim a bhí fágtha aige agus cuireadh an tuarascáil os comhair Thithe an Oireachtais,” a dúirt Connolly.

Dhiúltaigh an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, glacadh leis an leasú, áfach.

Dúirt sí go raibh tuiscint aici don chás a bhí déanta ag Catherine Connolly ach dá nglacfaí leis an leasú go raibh an baol ann go gcuirfí “srian” ar chumas Choimisinéir an Gharda Síochána Gardaí a chur san áit a raibh siad ag teastáil.

“Ní bheadh mé ag iarraidh a leithéid a dhéanamh ach tuigim go gcaithfear dul i ngleic leis an bhfadhb. Is é Coimisinéir an Gharda Síochána an duine is fearr chun é sin a dhéanamh,” a dúirt McEntee. “Tá mé chun bualadh leis sna laethanta atá amach romhainn agus pléifidh mé leis í.”

Dúirt an tAire McEntee go raibh an Coimisinéir Drew Harris ar an eolas faoin bhfadhb agus go gcaithfí am a thabhairt dó réiteach a fháil uirthi. Dúirt McEntee nach raibh Harris sa phost nuair a rinneadh imscrúdú an Choimisinéara Teanga in 2011 agus nár cuireadh an fhadhb faoina bhráid go dtí le gairid ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais.

“Is féidir leis an Aire mé a cheartú má tá dul amú orm ach tá Coimisinéir an Gharda Síochána sa phost ó 2018. 2021 atá againn anois, ní inné a ceapadh é,” a dúirt Catherine Connolly mar fhreagra ar an méid sin.

Dúirt sí go raibh amhras uirthi ar dtús faoina leithéid de leasú a mholadh mar gur thuig sí gur theastaigh a leithéid de chlásal uaireanta. Mhínigh Connolly gur athraigh sí a hintinn tar éis don Choimisinéir Teanga a thuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais níos luaithe i mbliana.

“D’imigh an éiginnteacht nuair a léigh mé an tuarascáil,” a dúirt Connolly.

“Nuair a chuala mé céard a bhí le rá ag Coimisinéir an Gharda Síochána [agus é os comhair an choiste], bhí easpa tuisceana iomlán ann go raibh an dlí sáraithe agus fós á shárú. Bhí sé sin an-tromchúiseach domsa.”

Bhí Pa Daly, Denis Naughten agus Brendan Howlin i measc na dTeachtaí Dála a labhair ar son an leasaithe a mhol Connolly.

Dúirt Howlin go raibh go leor cainte déanta i dTithe an Oireachtais ach nach raibh ann ach cur i gcéill go leor den am. Dúirt sé gur leasú simplí a bhí molta ag Connolly ach gur leasú “trom” agus “ceannródaíoch” a bhí ann.

Agus é ag labhairt ar son an leasaithe, dúirt Pa Daly nach dtiocfadh aon athrú ar an scéal maidir le seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil mura ndéanfaí eagraíochtaí stáit a “sainordú”.

“Ní fiú a bheith ag iarraidh ar na Gardaí go múinte,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag an Aire Dlí agus Cirt fáil réidh le ‘bealach éalaithe’ ag na Gardaí óna ndualgas teanga'