‘Díspreagadh’ é gradam nua an Oireachtais do chraoltóirí nach as an nGaeltacht dóibh – Bainisteoir Raidió na Life

Deir Muiris Ó Fiannachta go dtugann an gradam nua ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’ teachtaireacht dhiúltach do chraoltóirí a d’fhoghlaim an teanga

‘Díspreagadh’ é gradam nua an Oireachtais do chraoltóirí nach as an nGaeltacht dóibh – Bainisteoir Raidió na Life

Deir Bainisteoir Raidió na Life gur “díspreagadh” é gradam nua an Oireachtais a bhronnfar ar ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’ ag na Gradaim Chumarsáide den chéad uair i mbliana.

Fógraíodh an gradam nua le déanaí agus é mar aidhm ag lucht an Oireachtais aitheantas a thabhairt do chraoltóirí “as cur i láthair soiléir, snasta, líofa, i dteanga shaibhir chruinn, agus a bhfuil rithim nádúrtha na Gaeilge ina sruth cainte”.

Dúirt an léachtóir agus iarchraoltóir aitheanta Norita Ní Chartúir le Tuairisc.ie gur chuir sí fáilte roimh an ghradam ach go raibh sé “truamhéalach ach réalaíoch” go bhfuil a leithéid ag teastáil agus í den tuairim go raibh sé “an-deacair” sárchraoltóir sna meáin Ghaeilge a fháil.

Idir an dá linn, chothaigh an gradam nua roinnt mhaith conspóide ar líne agus léirigh saineolaithe teanga tuairimí éagsúla ar an cheist.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Muiris Ó Fiannachta, atá ina bhainisteoir ar Raidió na Life, stáisiún raidió pobail Gaeilge i mBaile Átha Cliath nach n-aontaíonn sé lena leithéid de ghradam.

“Mar Bhainisteoir Stáisiúin Raidió na Life ceapaim gur díspreagadh, seachas spreagadh, is ea é seo do na scórtha craoltóirí díograiseacha nach as an nGaeltacht dóibh, atá ag treabhadh leo sna meáin chumarsáide Ghaeilge.

Dúirt Ó Fiannachta go mbeadh “ionadh” air mura mbronnfaí an gradam don chraoltóir ‘solabhartha’ ar chainteoir dúchais Gaeltachta “i mbliana agus gach bliain feasta” agus go dtugann sé teachtaireacht dhiúltach do chraoltóirí a d’fhoghlaim an teanga.

“An teachtaireacht a thugann sé sin dóibh siúd a rugadh lasmuigh den nGaeltacht – agus is é sin formhór mór na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sa tír seo – ná nach bhfuilimidne maith go leor mar chainteoirí Gaeilge, agus nach mbeidh riamh.

“An mbeadh sé nádúrtha don té arb as Baile Átha Cliath dó labhairt i mBéarla le blas na Gaillimhe nó blas Chiarraí nó blas Dhún na nGall? Dar ndóigh ní bheadh. Bheadh sé ait agus mínádúrtha,” a dúirt bainisteoir Raidió na Life.

Dúirt Ó Fiannachta nach bhféadfaí a bheith ag súil go labhródh craoltóirí as Baile Átha Cliath i gcanúint Chonamara, Chiarraí nó Dhún na nGall mar nach Gaeilge “nádúrtha” a bheadh á labhairt acu.

Aontaíonn Ó Fiannachta le tuairim an tsaineolaí teanga John Walsh gurb “ait” go ndéanfaí gradam a bhronnadh do ghné ar leith den chraoltóireacht agus go gcuirtear san áireamh cumas labhartha an chraoltóra don ghradam a bhronntar ar ‘Phearsa Raidió na Bliana’ gach bliain.

“Cheapfainn go bhfuil na slata tomhais atá luaite ‘cur i láthair soiléir, snasta, líofa, i dteanga shaibhir chruinn, agus a bhfuil rithim nádúrtha na Gaeilge ina sruth cainte’ – – clúdaithe cheana féin sna gradaim a bhronntar chuile bhliain do Phearsa Raidió agus Teilifíse na Bliana.

“Dá nglacfá leis go raibh ar a laghad cuid mhaith de na critéir sin á n-úsáid chun na craoltóirí Gaeilge is fearr ar an raidió agus ar an teilifís, dar leis na moltóirí a roghnaíonn na buaiteoirí chuile bhliain, a roghnú, tá sé ait go gcruthófaí rannóg iomlán nua chun an tsolabharthacht, mar ghné inti féin, a cheiliúradh le duais eile,” a dúirt Muiris Ó Fiannachta.

Fág freagra ar '‘Díspreagadh’ é gradam nua an Oireachtais do chraoltóirí nach as an nGaeltacht dóibh – Bainisteoir Raidió na Life'

  • Pat Butler

    Tagaim le léamh Mhuiris agus John Walsh.

  • Anndra

    An mbeadh sé nádúrtha don té arb as Baile Átha Cliath dó labhairt as Fraincis le blas Párais nó blas Bordeaux nó blas Provence ? Dar ndóigh ní bheadh. Bheadh sé ait agus mínádúrtha, ar dtúis… Ach sin é ba cheart a dhéanamh chun an teanga a fhoghlaim i gceart. Tagann an cruinneas, an saibhreas agus an líofacht da réir. Blas gallda is ea blas an Bhéarla, ní cheart na meáin Gaeilge a Ghalldú leis.

    Tá cainteoirí iontacha ósna hIar-Ghaeltachtaí agus ón iasacht a d’fhoghlaimigh Gaeilge na Gaeltachta, go mbíonn líofacht, saibhreas, cruinneas cainte agus blas na Gaeltachta acu. Mholfainn d’éinne atá ag foghlaim Gaeilge aithris a dhéanamh orthu san agus foghraíocht dúchasach na Gaeilge a fhoghlaim, fé mar a mholfainn d’éinne atá ag foghlaim Fraincise aithris a dhéanamh ar na cainteoirí dúchais ansan.

    Ní thiocfaidh blas nádúrtha na Gaeilge a bhí á labharit i mBÁC dhá chéad blian ó shin amach má léann duine ó BhÁC gach focal Gaeilge lena bhlas dúchasach Béarla féin. Ní féidir an Ghaeilge a shá isteach i múnla foghrúil Béarla BhÁC.

  • Feardorcha

    Ach tá na meáin Ghaeilge ag teipeadh sa fhreagracht atá orthu craoltóirí le caighdeán sásúil Gaeilge a fhostú. Táimid fágtha le craoltóirí (cuid acu cumasach seans) a gcuireann fuarallas ar a gcroíphobal leis an nGaeilge bhriste bhrúite a chleachtann siad. Ní ceist chanúna í, mura bhfuil fuaimeanna agus foghraíocht na teanga agat tá bearna i do chumas. Beag locht ar aon iarracht stop a chur leis sin.
    Ná ligimis orainn go bhfuil éinne le Gaeilge nach gcloiseann nuacht agus tuairimíocht as Béarla chomh maith. Teanga mhionlaigh í le lucht éisteachta/féachana/léite an-bheag. Gníomh nach mbaineann le nuacht amháin is ea í a áireamh sna foinsí eolais, na meáin, a scrúdaímid. Mar sin, tá gnéith sa bhreis ag baint le hiriseoireacht agus le craoltóireacht a dhéanamh trí Ghaeilge – glacfar le cumas iriseoireachta níos teoranta ach mar chúiteamh air sin ní mór duit a bheith mar eiseamláir agus mar lóchrann dúinn maidir le húsáid na teanga.

  • Gearóid de Grás

    Aontaím go hiomlán leat, a Anndra.

    Tá aithne agamsa ar roinnt mhaith daoine ó BhÁC a bhfuil Gaeilge “shoiléir, shnasta, líofa” acu – ach chuireadar stró orthu féin í a fhoghlaim! Agus ní ceist í seo a bhaineann le BÁC amháin – Béarlóir ó dhúchas is ea Béarlóir ó dhúchas, is cuma más as cathair Luimnigh nó as Contae an Dúin, as Sligeach nó as Loch Garman an Béarlóir. Is Béarlóir ó dhúchas mé féin agus cé gur mhúin mé ranganna Gaeilge, tuigim gur foghlaimeoir mé i gcónaí. Níl sé praiticiúil go mbeadh Gaeilge ó dhúchas ag gach múinteoir Gaeilge – agus de réir dealraimh, níl sé praiticiúil go mbeadh Gaeilge ó dhúchas ag gach craoltóir trí Ghaeilge ach oiread, faraoir. Ní hionann sin is a rá go bhfuil an ceart againn suí siar ar ár dtónacha ag Galldú na Gaeilge ar nós cuma linn! Tá dualgas orainn a bheith ag foghlaim i gcónaí – aithris a dhéanamh ar chainteoirí Gaeilge ó dhúchas (ach iad siúd a bheith líofa!) agus foghraíocht dhúchasach na Gaeilge a fhoghlaim, mar a deir Anndra.

    Ní fheadar an leisce atá taobh thiar den doicheall a bhíonn ar Éireannaigh an Ghaeilge a fhoghlaim – nó sotal/ciníochas. Bíonn go leor cainte faoin gcríochdheighilt sa tír seo – ach níl an chríochdheighilt idir na 6 Chontae agus na 26 Chontae i bhfeidhm ach le 100 bliain. Bunaíodh an chríochdheighilt i gceart na céadta bliain roimhe sin le bunú na Páile – agus tá na 32 Chontae sa Pháil sa lá atá inniu ann. Leis sin a dhaingníodh gráin agus tarcaisne ar Ghaeil agus ar an gcultúr Gaelach i measc na nÉireannach agus braithim go bhfuil an dearcadh sin forleathan agus seanbhunaithe faoin am seo.

    Ní bhraithim gur “díspreagadh” ná díspeagadh domsa é go mbronnfaí duais sa tSín ar chraoltóirí “as cur i láthair soiléir, snasta, líofa, i dteanga shaibhir chruinn, agus a bhfuil rithim nádúrtha” na Sínise ina sruth cainte agus is amhlaidh agam i gcás na Gaeilge freisin – ach is droch-chomhartha (eile) í ar staid na Gaeilge go bhfuil a leithéid á dhéanamh nuair atá duais ann cheana féin (cheapfá) dá leithéid.

    Cé gur Béarlóir ó dhúchas mé, cuireann cuid dá gcloisim (ar TG4 go háirithe) déistin orm!

    Deir Muiris Ó Fiannachta go n-aontaíonn sé lena bhfuil a rá ag John Walsh ach is é an tátal a bhainimse as a bhfuil a rá ag John Walsh ná gur cheart go mbronnfaí an gradam do “Phearsa Raidió na Bliana” ar chainteoir dúchais Gaeltachta nó a mhacasamhail “i mbliana agus gach bliain feasta”. An aontódh Muiris Ó Fiannachta leis an tuairim sin? – d’aontóinnse.

    Ní fheadar an aontaíonn John Walsh le tuairim Mhuiris Uí Fhiannachta?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ní mhúintear na consain chaola agus na défhoghair don fhoghlaimeoir Gaeilge agus is mór an feall é. Ní tuin chainte atá i gceist ach córas fuaimeanna na Gaeilge. An difríocht idir ‘uair’ agus ‘úr’.

  • Paddy

    Aontaím leat a Anndra. Is ait go leor go mbíonn daoine ag troid in aghaidh foghraíocht agus fuaimniú ceart an teanga dúchais ar son a fuaimniú Béarla a d’fhoghlaim siad ar scoil. Ní raibh a sinsear ag caint le blas baile átha cliath ná le consain agus gutaí an Bhéarla.

    Teastaíonn ar foghlaimeoirí, caighdeáin cainte a bheidh mar sprioc acu. Is dúshlán an gradam seo, má bhíonn tú ag obair le Gaeilge, feabhas a chur ar do chuid fuaimniú agus foghraíocht.

    Táim i mo fhoghlaimeoir mé féin, agus ní éistim le raidió na Life mar gheall ar na rudaí atá luaite thuas. Ní eiseamláirí maith iad go leor acu do foghlaimeoirí a bhíonns ag iarraidh béim, snasta agus foghraíocht cruinn/ceart nádúrtha a fhoghlaim agus a chur inár gcuid cainte féin.

    Is rud tábhachtach í an gradam nua seo, mar tugann sé aitheantas don ard caighdeán cainte agus don fhadhb an-soiléir seo le teagasc na Gaeilge.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Léiriú eile arís an gradam nua seo go bhfuil a treo caillte ag Gradaim Cumarsáide an Oireachtais. Má théann seo ar aghaidh beidh ceithre ghradam ann don iriseoireachta craolta agus gan tada don iriseoireacht scríofa. Cén tairbhe atá le gradam do chraoltóir solabhartha na Gaeilge nuair atá seacht gcinn de ghradaim ann do chraoltóirí cheana féin? Nach bhfuil solabharthach san áireamh nuair atá moltóireacht á dhéanamh ar na gradaim sin?

  • An Gaineamh Balbh

    An ceart ag daoine a mhaíonn gur chóir a leithéid de chumas a bheith san áireamh leis na gradaim atá ann cheana. Dá scoithfí cumas solabhartha ó chraoltóir na bliana srl shamhlóinn go dtarlódh sé luath nó mall go luafaí ‘craoltóir na bliana’ le duine gan aon chumas cainte acu. Maidir le canúint BÁC agus aithris ar na Gaeltachtaí, ní mholfainn féin do dhuine ar bith gnéithe ‘áitiúla’ na gcanúintí a tholgadh ach díreach an fhoghraíocht agus rithim na teanga a chleachtadh. Smaoinigh ar leithéidí Séamus Ennis (BÁC) nó Éamon de Buitléar (Cill Mhantáin); is ar éigean go bhfaigheadh éinne locht ar a gcuid Gaeilge. B’fhiú do dhaoine éisteacht le taifeadtaí Doegen (is fiú do chách éisteacht leo) chun éisteacht le sean-chainteoirí dúchais ó roinnt mhaith áiteanna sa tír, daoine a raibh dul na Gaeilge go smior ina gcuid cainte.
    Taifead maith de Shéamus Ennis anseo: https://www.youtube.com/watch?v=q8haKD5PwWY Éamon de Buitléar anseo: https://www.youtube.com/watch?v=QF2IFx3fSUM
    Taifeadtaí Doegen: https://doegen.ie/ga/home