Dioplóma Dlí Gaeilge bainte amach ag duine as Tuaisceart Éireann den chéad uair

Is é is dóichí go mbainfear leas as an nGaeilge sna cúirteanna ó thuaidh amach anseo, a deir dlíodóir

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Tá an dlíodóir Michael Flanigan, as Béal Feirste, ar an gcéad duine as na sé chontae le cáilíocht a bhaint amach in Ard-Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge, a réachtáiltear in Óstaí an Rí i mBaile Átha Cliath.

Bronnadh an tArd-Dioplóma ar an Uasal Flanigan an tseachtain seo caite.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, duine de stiúrthóirí an chúrsa, gur le haghaidh daoine a bhfuil fonn orthu seirbhísí dlí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge atá an tArd-Dioplóma.

Mhínigh sé go bhfuil go leor abhcóidithe agus dlíodóirí ann a bhfuil Gaeilge acu ach nach mbeadh dóthain forbartha ar a gcumas teanga i dtaca le friotal dlí agus an saghas foclaíochta a theastódh chun cás a throid sa chúirt i nGaeilge.

“Bítear ag plé cúrsaí coiriúla agus cúrsaí sibhialta agus déantar dréachtú agus abhcóidiú sa rang. Féachtar chomh maith ar stádas dlí agus bunreachtúil na Gaeilge”, a dúirt sé.

Ag caint dó faoi cháilíocht Flanigan, dúirt Mac Cárthaigh gur “deas go bhfuil daoine oilte chuige” agus go bhféadfadh tionchar a bheith ag a leithéidí ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh amach anseo.

“Má théann duine isteach i siopa ina labhartar Gaelainn [ó thuaidh] agus rud éigin a cheannach, sin conradh. Dá dtarlódh aon rud as an tslí ansan, bheadh cás láidir ar son an fhianaise sin a thabhairt i nGaeilge sa chúirt chun cothrom na Féinne a chinntiú do chách,” a dúirt sé. Creideann sé go bhféadfaí “tógaint ar stádas na teangan ar an mbonn san”.

Tá Michael Flanigan ag seasamh an fhóid sa chúirt ar son mná as Iarthar Bhéal Feirste nach bhfuil cead aici comharthaí Gaeilge a úsáid ar an tsráid ar a bhfuil cónaí uirthi. Roimhe seo, bhí sé bainteach le cás reachtúil a chuaigh chomh fada siar le haimsir na bPéindlíthe.

Dúirt sé gurb é is dóichí go mbainfear leas as an nGaeilge sna cúirteanna ó thuaidh amach anseo. “Tá mé ag dúil leis an seans na scileanna atá foghlamtha agam le linn an chúrsa a chur i bhfeidhm sna cúirteanna,” ar seisean.

Fág freagra ar 'Dioplóma Dlí Gaeilge bainte amach ag duine as Tuaisceart Éireann den chéad uair'