Tá díomá ar lucht na pleanála teanga sa Daingean in Iarthar Duibhneach faoina laghad spéise atá léirithe ag muintir an bhaile sin i stádas a bhaint amach ‘Bhaile Seirbhíse Gaeltachta’.
Cuireadh tús le próiseas ullmhúcháin plean teanga do Dhaingean Uí Chúis anuraidh agus é ar an gcéad cheann de 16 baile a d’fhéadfadh aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ach plean teanga a bheith aontaithe dó.
Tá bailchríoch á cur faoi láthair ar phlean an Daingin, ach deir Áine Moynihan, Stiúrthóir an Lab sa Daingean, an dream a roghnaíodh chun an plean teanga a réiteach, go bhfuil “díomá” ar an choiste pleanála teanga mar gheall ar a laghad daoine a d’fhreastail ar na cruinntithe fócais agus eolais a eagraíodh mar chuid den ullmhúchán.
Tá bliain caite ag lucht pleanála teanga an Daingin ag réiteach an phlean agus iad ag súil le stádas a bhaint amach mar ‘Bhaile Seirbhíse Gaeltachta’ don bhaile sin go gairid.
Cé go raibh an-suim ag “mionlach” sna cruinnithe, dúirt stiúrthóir an chomhlachta amharclannaíochta le fios ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné gur “bocht go leor” a bhí an tinreamh ag na cruinnithe maidir le hullmhú an phlean.
Dúirt Stiúrthóir an Lab go raibh sí ag súil go léireoidh ‘níos mó daoine spéis’ i bplean teanga an bhaile amach anseo agus dúirt sí go mbeadh deis eile ag muintir an Daingin a gcuid moltaí a chur faoi bhráid an choiste ag cruinniú comhairliúcháin a bheidh ann roimh dheireadh an Aibreáin.
Tá ceistneoirí á ndáileadh ar mhuintir an bhaile – ar dhaoine aonair sa phobal, ar ghnóthaí agus ar lucht seirbhísí poiblí – agus dúirt Moynihan go raibh coiste na pleanála teanga ‘an-ghníomhach” ag bailiú eolais.
“Is plean mhuintir an Daingin é seo. Níl muid ann ach mar áisitheoirí, nílimid ach ag breacadh síos sa phlean an méid atá a thabhairt dúinn,” arsa Moynihan.
Thug Moynihan le fios go bhfuil sí éirithe “beagáinín amhrasach” faoi pholasaí an rialtais i leith na pleanála teanga.
“Thosaigh mé amach leis an bpróiseas lán idéalachais agus misnigh agus tharla rudaí le linn na bliana a chuir isteach air sin go mór. Is dóigh liom go gcaithfidh an rialtas agus na húdaráis a bheith freagrach [as] chomh maith.
“N’fheadar an bhfuil sé féaráilte an próiseas ar fad a fhágáil fé phobal na háite. Is dóigh liom gur chóir go mbeadh dea-shampla á thabhairt ag an leibhéal is airde ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt sí.
Cé bhfuil amhras ag teacht uirthi maidir le polasaí an rialtais i leith an phróisis pleanála teanga, dúirt Moynihan go bhfuil sí “an-bhuartha fé stádas na Gaelainne” agus “go háirithe faoi stádas na nGaeltachtaí.”
“Is dóigh liom, agus tá sé ráite agam os comhair an phobail, go bhfuil an Ghaelainn ag fáil bháis sna Gaeltachtaí.”
“Tragóid” agus “caillteanas uafásach” a bheadh ann dá gcaillfí an Ghaeilge i gCorca Dhuibhne, dar le Moynihan, “ach tá sé ag dul sa treo sin.”
Dúirt sí go mb’fhéidir gurb í an phleanáil teanga “an deis dheireanach” agus go gcaithfí dá bharr an méid “is fearr” a d’fhéadfaí a dhéanamh léi.
Tá súil ag lucht na pleanála an Daingin a ndréachtphlean a chur faoi bhráid Údarás na Gaeltachta go luath.
Má éiríonn le hiarratas an Daingin, beidh sé ar an chéad bhaile sa tír a mbeidh aitheantas aige mar ‘Bhaile Seirbhíse Gaeltachta’.
Fág freagra ar '‘Díomá’ ar lucht pleanála teanga an Daingin faoina laghad spéise atá léirithe ag muintir an bhaile i stádas ‘Baile Seirbhíse Gaeltachta’'