Díomá ar Choiste Gaeilge an Oireachtais go ndearnadh neamhaird dá dtuarascáil faoi shárú dlí Eircode

Deir cathaoirleach Choiste na Gaeilge nach bhfuil sé sásúil in aon chor go bhfuil an Rialtas sásta síneadh a chur leis an gconradh don tseirbhís Eircode in ainneoin go bhfuil sárú á dhéanamh ar an dlí

Díomá ar Choiste Gaeilge an Oireachtais go ndearnadh neamhaird dá dtuarascáil faoi shárú dlí Eircode

Deir cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais go bhfuil díomá air go ndearnadh neamhaird d’obair an choiste i dtaobh Eircode agus an chuma ar an scéal anois, dar leis, go leanfar leis an sárú dlí atá á dhéanamh maidir le logainmneacha Gaeilge ar feadh trí bliana eile, ar a laghad.

D’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tuarascáil an tseachtain seo caite faoi na fadhbanna atá ann le logainmneacha Gaeltachta sa chóras Eircode agus leaganacha Béarla in úsáid go minic, rud atá in aghaidh an dlí.

Iarradh sa tuarascáil ar an Rialtas gan síneadh a chur leis an gconradh, atá aige le comhlacht príobháideach leis an tseirbhís Eircode a fheidhmiú, go dtí go dtabharfaí geallúintí go gcuirfí stop leis an sárú dlí. Ina ainneoin sin, tá tugtha le fios ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide go bhfuil sé i gceist síneadh trí bliana a chur leis an gconradh le Capita Business Support Services Ireland. Bhí deireadh le teacht leis an gconradh deich bliana idir an Roinn agus Capita ag deireadh na bliana seo.

Deir cathaoirleach Choiste na Gaeilge, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, nach bhfuil sé sásúil in aon chor go bhfuil an tAire Stáit Jack Chambers, a bhfuil cúram air maidir le Eircode, sásta síneadh a chur leis an gconradh le Capita in ainneoin go bhfuil sárú á dhéanamh ar an dlí.

Deir Ó Snodaigh gur údar díomá dó nach raibh an tAire Stáit Chambers ná an Roinn sásta glacadh leis na moltaí a rinneadh i dtuarascáil an choiste.

“Tá díomá orainn nár tugadh aird d’obair an choiste agus an cheist seo ardaithe againn,” a deir Ó Snodaigh le Tuairisc. “An chuma atá ar an scéal ná gur cuma sa sioc leo maidir leis na pointí a rinneadh agus níl sé soiléir an mbeidh aon athrú poirt ann cé go bhfuil sárú ar an dlí i gceist.”

D’fhógair an tAire Stáit Chambers ag tús na míosa seo go raibh sé i gceist síneadh a chur leis an gconradh le Capita agus cé nár foilsíodh tuarascáil an choiste go dtí an tseachtain seo caite, deir Ó Snodaigh gur cuireadh dréachtchóip de na moltaí a bheadh inti chuig an Aire Stáit roimhe sin chun a aird a dhíriú ar cheist na logainmneacha Gaeltachta.

“Bhí a fhios ag an Aire Stáit agus ag a chuid oifigeach na pointí a bhí muid chun a ardú ach níor thapaigh siad an deis aon rud a dhéanamh fúthu.”

Deir Ó Snodaigh go m’fhéidir nach mbeadh aon leigheas ar an scéal seo go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an gconradh le Capita faoi cheann trí bliana ag deireadh 2026.

“Bhí deis ag an Aire Stáit geallúintí a fháil ó na trí pháirtí atá ag plé leis an tseirbhís [Capita, An Post agus An Post Geodirectory] go gcloífeadh siad leis an dlí ach ní dhearna sé sin agus tá muide anois i bponc mar go bhfuil conradh nua againn gan aon choinníollacha ann maidir leis an fhadhb seo.”

Deir Ó Snodaigh nár cheart go mbeadh sé riachtanach a leagan amach i gconradh go gcloífeadh páirtithe leis an dlí ach go raibh na páirtithe leasmhara ar fad “ag cur an mhilleáin ar a chéile” maidir leis an teip na logainmneacha Gaeltachta a chur ar fáil i nGaeilge amháin sa chóras agus nach raibh aon dream sásta dul i ngleic leis an bhfadhb.

Ó seoladh an córas Eircode in 2015 tá fadhb ann maidir le húsáid leaganacha Béarla de logainmneacha Gaeltachta. Chuir an Coimisinéir Teanga tuarascáil faoin sárú dlí sin faoi bhráid Thithe an Oireachtais in 2021, ach níl aon réiteach faighte ar an scéal ó shin.

Deir Ó Snodaigh go leanfaidh an choiste air ag plé na faidhbe seo leis an Roinn Cumarsáide.

Fág freagra ar 'Díomá ar Choiste Gaeilge an Oireachtais go ndearnadh neamhaird dá dtuarascáil faoi shárú dlí Eircode'

  • Sibéal

    Ba chóir and dlí a chur ar Jack Chambers…..

  • jpmorley0@gmail.com

    Cé atá ag rialú na tíre seo, corparáidí idirnáisiúnta nó an rialtas (ag feidhmiú thar ceann an phobail, má tá)?

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Léiriú soiléir eile ar an gcur i gcéill maidir leis an nGaeilge atá sa státchóras. Seo é an státchóras a chuireann faoi ndear dúinn go gcaithfidh iarrthóirí do thoghchán Bhord Údarás na Gaeltachta (má tharlaíonn sé ar chor ar bith) scrúdú Gaeilge a dhéanamh! Is léir nach bhfuil ach aon teanga amháin sa tír seo i meon an státchórais agus sin Béarla. Bhí sé chomh maith don chuid eile againn, muide a labhraíonn an Ghaeilge agus a dhéanann gach iarracht an teanga a chur chun cinn, a gcuid fuail a dhéanamh in aghaidh na gaoithe.