Dílseoir aitheanta ag maíomh go bhfuil an BBC ag spochadh as faoin nGaeilge

Cuireadh fáilte mhór roimh pholasaí nua teanga i dtaca le comharthaí sráide i mBéal Feirste ach ní raibh an blagadóir Jamie Bryson sásta leis an tuairisc faoin scéal a d’fhoilsigh an BBC ar líne

Dílseoir aitheanta ag maíomh go bhfuil an BBC ag spochadh as faoin nGaeilge

Tá ráite ag an dílseoir aitheanta Jamie Bryson gur ag spochadh as agus ag déanamh trollála air a bhí an BBC i dtuairisc faoi chomharthaí sráide dátheangacha i mBéal Feirste.

Cuireadh fáilte mhór roimh pholasaí nua Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste i dtaca le comharthaí sráide, ach ní raibh an blagadóir Jamie Bryson sásta leis an tuairisc faoin scéal a d’fhoilsigh an BBC ar líne.

Cuireadh pictiúr de chomhartha sráide dátheangach ar Bryson Street, nó Sráid Uí Bhriosáin i nGaeilge, leis an scéal ar shuíomh nuachta an BBC. Tá Sráid Uí Bhriosáin suite in oirthear chathair Bhéal Feirste.

Deir Bryson go bhfuil an BBC NI ag spochadh as agus go bhfuil an íomhá chéanna úsáidte go minic acu i scéalta eile ar an suíomh a bhain le comharthaíocht dhátheangach.

“Is beag an baol nach ndéarfaidh siad gur comhtharlúint atá ann go n-úsáideann siad Sráid Uí Bhriosáin go seasta, ach sílim go ndéanfaidh daoine suas a n-intinn féin. Tá neart ainmneacha Gaeilge ar shráideanna ach fós féin sin an íomhá a úsáideann siadsan i gcónaí.

“Sílimse go léiríonn sé dímheas ar an iriseoireacht agus ní cuí go mbeadh craoltóir a fhaigheann a mhaoiniú ón gciste poiblí páirteach ina leithéid d’iompar páistiúil.

“Cruthaíonn sé arís eile go raibh an ceart agam le fada agus mé den tuairim nach bhfuil i BBC NI ach both macalla do na boicíní liobrálacha fíor-woke, agus a bport ag éirí níos claonta i dtreo an náisiúnachais an t-am ar fad.”

Dúirt an BBC nach raibh tada le rá acu faoin scéal.

Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste aréir le polasaí nua chun comharthaíocht sráide dhátheangach a chur ar fáil sa chathair.

De bharr an chinnidh sin is féidir le comhairleoir áitiúil nó duine atá ina chónaí ar shráid achainí a dhéanamh ar son comhartha sráide Gaeilge. Má ghlacann 15% de na toghthóirí a chónaíonn ar an tsráid leis an moladh, glacfar leis.

Chuir comhairleoirí áitiúla agus Conradh na Gaeilge fáilte roimh an chinneadh agus é ráite gur “céim thar a bheith siombalach í do phobal na Gaeilge ó thuaidh”.

Fág freagra ar 'Dílseoir aitheanta ag maíomh go bhfuil an BBC ag spochadh as faoin nGaeilge'

  • S. Mac Muirí

    Sin agat lucht na blagaide aríst! Is doiligh iad a shásamh. 😉

  • Dean Ó Maidín

    Nach bhfuil noisin mór ag an fear seo faoi fhéin? Cén fáth go mbeadh an BBC ag magadh faoi? Comhcheilg ollmhór ar siúl gan amhras