Difríocht mhór i líon na gcásanna Covid-19 sna ceantair éagsúla Ghaeltachta

Léiríonn na figiúirí is deireanaí gur ardaigh ráta scaipthe an Covid-19 sna trí thoghcheantar i nDún na nGall ina bhfuil ceantair Ghaeltachta

Difríocht mhór i líon na gcásanna Covid-19 sna ceantair éagsúla Ghaeltachta

Tá difríocht mhór i rátaí an Covid-19 sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. Tá cuid de na rátaí is airde sa stát i nDún na nGall le coicís anuas ach fíorbheagán cásanna a bhí i gCiarraí le linn na tréimhse céanna.

Léiríonn na figiúirí is deireanaí gur ardaigh ráta scaipthe an Covid-19 sna trí thoghcheantar i nDún na nGall ina bhfuil ceantair Ghaeltachta.

Méadú breis is a dhá oiread a tháinig ar líon na gcásanna i dtoghcheantar na nGleanntach in iarthuaisceart Dhún na nGall, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Thír Chonaill. Deimhníodh 34 cás ar fad sa cheantar sa choicís idir an 23 Márta agus an 5 Aibreáin. 15 cás a bhí luaite i bhfigiúirí na seachtaine seo caite. Níl sé ach cúpla seachtain ó deimhníodh níos lú ná cúig chás in achar coicíse i gceantar na nGleanntach.

Fágann sin gur ardaigh ráta scaipthe an víris sna Gleannta le seachtain anuas ó 63 cás in aghaidh gach 100,000 sa cheantar go dtí 142 cás in aghaidh gach 100,000 duine, ardú 125%.

Bhí ardú beag ar an ráta i gceantar Bhaile Dhún na nGall i ndeisceart an chontae, ó 60 go dtí 64, ach tá ceantar Bhaile na nGallóglach ó thuaidh ar cheann de na ceantair is measa atá buailte ag cásanna Covid-19 sa stát.

56 cás ar fad a deimhníodh sa cheantar le coicís anuas agus ráta 407 ann, breis is a dhá oiread níos airde ná an meánráta náisiúnta sa stát le linn na tréimhse céanna – 157. Tá ráta os cionn 400 i gceantar Leitir Ceanainn freisin.

Is sa Tulach Mhór in Uíbh Fhailí atá an ráta is airde sa stát go fóill – 672 cás in aghaidh gach 100,000.

Ar an taobh eile den scéal, tá Ciarraí anois ar cheann de na contaetha a bhfuil na rátaí is ísle sa tír iontu.

Níos lú ná cúig chás a deimhníodh i gCorca Dhuibhne idir an 23 Márta agus an 5 Aibreáin agus níos lú ná cúig chás freisin a bhí i dtoghcheantar Neidiín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh.

Níos lú ná cúig chás a bhí i gceist i gceantair Lios Tuathail agus Oileán Ciarraí. Ocht gcás a deimhníodh i gCill Airne (ráta 27) agus 32 cás a deimhníodh i dTrá Lí (ráta 97).

Bhí trí thoghcheantar Gaeltachta eile ina raibh níos lú ná cúig chás le deimhniú iontu – Dún Garbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise; Conamara Thuaidh i nGaillimh; agus toghcheantar Bhéal an Mhuirthead i Maigh Eo.

Cúig chás ar fad a deimhníodh i gConamara Theas le coicís anuas agus ocht gcás a bhí i gceist i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh.

Le seachtain anuas tháinig ardú suntasach ar líon na gcásanna i gceantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. D’ardaigh na cásanna ó shé cinn go dtí 19 cás ar fad, rud a fhágann go bhfuil an ráta scaipthe sa cheantar imithe suas go dtí 52.

Titim bheag a bhí i gceist sa dá thoghcheantar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta na Mí.

Ráta 157 agus 51 cás a bhí le fógairt i gCeannanas, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, titim  ó 57 cás an tseachtain seo caite.

Bhí 31 cás nua agus ráta 99 i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn, titim bheag ón tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Difríocht mhór i líon na gcásanna Covid-19 sna ceantair éagsúla Ghaeltachta'