On Raftery’s Hill le Marina Carr, stiúrthóir Caitríona McLoughlin – cistin chráite na dtaibhsí
Cliar: Peter Coonan (Ded Raftery), Lorcan Cranitch (Red Raftery), Marie Mullan (Shalome Raftery), Kwaku Fortune (Dara Mood), Zara Devlin (Sorrel Raftery), Maeve Fitzgerald (Dinah Raftery), Isaac Dunn (Peter Gowan)
‘Life can be very dark. Why are we pretending it’s an episode of ‘Barney’. It’s not’ – Marina Carr, 2017
‘She’s a Raftery. A double Raftery. Well versed in subterfuge’ – Dinah Raftery, ag tagairt dá deirfiúr óg Sorrel.
Anuas ar a cuid scileanna drámaíochta, is go máistriúil a thugann Marina Carr a léargas dúinn ar chroí, brí agus dínit an duine atá easnamhach leochaileach leonta. Lánstad. Is bua é sin nach dtugtar do mhórán, ó mo thaithí féin.
Cistin chráite taibhsí. Áit éigin i lár tíre. Tá an saol as a riocht.
Ciú, Red Raftery, béist ainmhíoch, búistéir fir, feirmeoir láidir tráth (Lorcan Cranitch) agus a ál diostóipeach ar Raftery’s Hill. Tá an t-aer plúchta le bréantas lofa chonablaigh shamhnasacha na n-ainmhithe a thit, gan ciall ná réasún, fá ghunna is fá scian shádach Red danartha.
Ded Raftery (Peter Coonan) an mac amadánta. É briste ag bulaíocht agus daorsmacht leanúnach foréigneach an athar. É caite amach chun cónaí sa scioból. Fiáin, leanbaí – ainniseoir a itheann a dhinnéar den talamh mar a dhéanfadh ainmhí. Ach bhainfeadh áilleacht cheol fidle Ded deora as na mairbh.
Sorrel Raftery (Zara Devlin) an iníon álainn, ocht mbliana déag d’aois. Í ag siúl amach le Dara Mood (Kwaku Fortune), feirmeoir óg na n-acraí
beaga thíos ag bun an ghleanna. Macalla Sive John B Keane inti. Tuar tréan na tragóide atá le teacht in áilleacht gheanmnaí na soineantachta girsí.
Shalome Raftery, (Marie Mullen), Falstaff an dráma. Nanó Sorrel agus Ded, máthair Red. Nach maith a thuigeann Marina Carr tábhacht chatairseach na háiféise mar mhalairt ar chíor thuathail na mífheidhme go léir ar chnoc mallaithe Raiftearaí. Í go hiomlán ar seachrán sa cheann le fada, de shíor ag iarraidh éalú i gcoim na hoíche chuig Shangri La samhalta a hóige, Mucklagh nó Kinnegar, nó chomh fada le hIndia a samhlaíochta, aon uair is gá éadromú de bheagán a dhéanamh ar dhuairceas tíoránta na móiminte.
Agus is iomaí móimint dá leithéid atá sa dráma seo. Comhairle sláinte – más éiseallach thú maidir le cúrsaí brúidiúlachta agus gnéis, ná téigh chuig an dráma seo agus ná léigh níos mó den léirmheas seo.
Tugtar do Shalome línte a chuirfeadh mná i scuainí na n-éisteachtaí ag marú a chéile chun an pháirt seo a fháil.
‘Daddys never die. They just feign rigor mortis’. Agus bain barr den líne seo uaithi, a tharraing racht gáire na hoíche:
‘Thirty years of marriage, and not once did I touch old Raftery. How many wives can boast of that?’
D’fhágas Dinah Rafferty (Maeve Fitzgerald) an iníon is sine, don deireadh. D’aon ghnó. Ise buthal, croí, míniú agus iomlánú an dráma. Ní léiríonn Marina Carr aon trócaire i gcás na bhfear treascrach ina saothar, ach tá géire agus cruálacht a cuid ban ina chomhartha sóirt míchompordach ar shaothar dhrámadóir Uíbh Fhailí chomh maith.
Ní chuireann Carr fiacail ann. Cuireann sí cuid de na línte is scanrúla sa dráma i mbéal Dinah – ‘Don’t go telling them lies about us. We are a respectable family. We love each other,’ ar sí le cinnteacht ainnis an íobartaigh chloíte.
Agus níos scanrúla fós, leis an deirfiúr óg Sorrel – ‘It’s not the worst thing can happen that a heavy hand was laid on you that shouldn’t’.
Má tá íobartach/mí-úsáideoir níos cruálaí/leochailí ná Dinah Raftery i gcanóin litríochta na hÉireann le leathchéad bliain anuas ní heol dom í. Anuas ar a gluaiseacht stadach, éiginnte, cruthaíonn Fitzgerald carachtar dorcha casta atá de shíor i ngalar na gcás idir dhá cheann na meá agus idir na tinte tráthúla Bealtaine sin.
Tá a fhios aici cad atá le déanamh – ‘We should send for the Guards and the social workers’, ach tá a fhios aici, ar leibhéal cráite éigin, nach dtarlóidh sin go deo.
’Sí an fhírinne shearbh ná, in ainneoin gach uafás deamhanta, ar bhealach leonta dothuigthe claonta éigin, fágann an t-aon saghas ‘grá’ a thuigeann agus a bhfuil taithí ag Dinah air go bhfuil trua fós aici don ‘Daddy’ a d’éignigh í den chéad uair, le claonpháirtíocht a máthar, nuair nach raibh sí ach dá bhliain déag.
Mura bhfuil seans maith ag Maeve Fitzgerald ar ghradam ‘aisteoir mná na bliana’ nó a leithéid scannal dubh do-mhaite a bheidh ann.
Tá On Raftery’s Hill (2000) pléascánta, réabhlóideach. Ní hé ábhar an dráma ná an láimhseáil a dhéantar air amháin a dhéanann amhlaidh é, ach ionracas fíochmhar a neamh-bhreithiúnais. Is é an léargas treascrach suaite sin is mó a leagann dár bprapaireacht sinn.
Dealaíonn ionracas a neamh-bhreithiúnais Marina Carr amach ó aicmí faiseanta fheiminigh na ceartaiseachta polaitiúla.
Agus is beag drámadóir Éireannach eile, baineann nó fireann, a sheasann ar an trá uaigneach sin léi.
A crógacht a thiomáineann í féin, a cuid carachtar, a dráma, agus, ar ndóigh, sinne an lucht féachana isteach i ndúichí na débhríochta. Tugtar go háit éigin choimhthíoch i bhfad i gcéin ó chladaí compordacha na dea-mhéine sinn. Ní fhágann Marina Carr mórán spáis againn le dul fá dhíon ón tragóid phríomhordúil atá á bhrú amach ar an stáitse os ár gcomhair.
Seachas éacht Fitzgerald, tá an-ghealladh faoi Zara Devlin, i bhfianaise chrógacht an ‘Sorrel’ a chruthaigh sí agus an inchreidteacht a bhain léi ina páirt. Cróga freisin a bhí Lorcan Cranitch mar Red Raftery. Bhí air dul domhain i ngramaisc na sráide in áiteanna nárbh éasca dó taisteal chun Red a aimsiú, agus, níos míorúiltí fós, Red a chrochadh aníos as an silteán ar bhealach nár mhúch ar fad ár dtuiscint, nó b’fhéidir ár dtaise, don duine brúite a mhaireann fós fá bhun an arrachtaigh bhéistiúil sin.
’Sí Marina Carr an bhean a dhíbríonn an ‘feel-good factor’ as Amharclann na Mainistreach. Cuireann sí na fírinní primitíbheacha, dá dhothuigthe féin iad, san áit nach féidir linn éalú uathu. Ar a shon sin agus eile, is drámadóir Gréagach sa chiall chlasaiceach í bean dhílis Uíbh Fhailí.
Is aoibhinn liom an tslais a chaith sí in 2004: ‘The moral police will be the death of art. Political correctness is destroying our literature and our poetry. There is a place for the moral high ground, but it is not art.’
Ní hí an tsiamsaíocht sprioc na hoíche in Amharclann na Mainistreach idir seo agus oíche amárach, an 12 Bealtaine, ach iarraim ar gach éinne a mbeadh an bolg aige chuige coiscéim a thabhairt thar thairseach chistin chráite thaibhsí mhuintir Raiftearaí agus ligean do dhráma catairseach Marina Carr dul ag obair ort, go háirithe mura gcreideann tú i gcumhacht slánaithe na healaíne.
Cá bhfios nach dtiocfadh athrú intinne ort?
Fág freagra ar 'Díbríonn Marina Carr an ‘feel-good factor’ as Amharclann na Mainistreach lena dráma réabhlóideach'