Dhá thrian den phobal i bhfabhar na céadta milliún euro breise a chaitheamh ar an nGaeilge – pobalbhreith

Deir lucht feachtais agus Sinn Féin gur teachtaireacht láidir don Rialtas an léargas nua ar mheon an phobail i leith mhaoiniú na Gaeilge

Dhá thrian den phobal i bhfabhar na céadta milliún euro breise a chaitheamh ar an nGaeilge – pobalbhreith

Pic: Leah Farrell / RollingNews.ie

Tá beirt as gach triúr sa stát ag iarraidh go gcaithfeadh an rialtas trí huaire níos mó airgid ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht ná mar atá á chaitheamh faoi láthair, de réir pobalbhreithe nua.

Thug duine as gach triúr fios go raibh siad ag iarraidh go gcaithfí sé huaire níos mó airgid ar an nGaeilge.

Na céadta milliún euro breise d’airgead poiblí a bheadh i gceist leis na harduithe atá molta agus deir lucht feachtais na Gaeilge gur teachtaireacht “an-láidir agus “an-tábhachtach” do pholaiteoirí iad torthaí na pobalbhreithe roimh Bhuiséad an fhómhair.

I suirbhé náisiúnta a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, dúirt 37% díobh siúd a ghlac páirt gur cheart 1% de chaiteachas iomlán an stáit go bliantúil a chaitheamh ar thionscadail Ghaeilge agus Ghaeltachta, ardú mór ar an 0.17% atá i gceist i láthair na huaire. Dúirt 27% eile gur chóir an sciar a ardú go dtí 0.5%, rud a chiallaíonn go raibh 64% den phobal i bhfabhar méadú faoi thrí a dhéanamh ar mhaoiniú an stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Dúirt 28% de na rannpháirtithe gur chóir an méid airgid a chaitear ar an teanga a laghdú agus dúirt 8% gur cheart é a fhágáil mar atá.

Mar chuid de phlean infheistíochta atá seolta ag an eagraíocht, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go n-ardófaí an caiteachas poiblí ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht ó dheas go dtí 0.4% faoi dheireadh 2029.

Deir an Conradh gurb ionann an €146 milliún a beartaíodh do chúrsaí teanga i mBuiséad 2023 agus 0.17% de chaiteachas iomlán an stáit.

Dá gcuirfí an plean atá ullmhaithe ag an gConradh i bhfeidhm, bheadh maoiniú beagnach €200 milliún breise á chur ar fáil ag an stát don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in 2029.

“Tá an toradh seo, go bhfuil nach mór dhá thrian de na freagróirí ag léiriú tacaíochta go mbeidh ar a laghad 0.5% de chaiteachas an Stáit ó dheas caite ar an nGaeilge, an-láidir agus an-tábhachtach agus muid ag cur an Plean Fáis – Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029 os comhair pholaiteoirí na tíre,” a deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Deir sé go líonfadh an plean infheistíochta “na bearnaí” san infreastruchtúr maoinithe agus go dtabharfaí an maoiniú d’eagraíochtaí agus do bheartais a chabhródh le fás na Gaeilge mar theanga phobail ar fud an oileáin.

“Táimid ag éileamh ar an Rialtas agus ar na páirtithe polaitiúla ar fad a gcuid tacaíochta a thabhairt don Phlean seo, cothrom na Féinne a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus beart a dhéanamh de réir briathar i bhfíorú na físe seo,” arsa de Spáinn.

Deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, le Tuairisc gur léiriú eile iad torthaí na pobalbhreithe ar an “ngéarghá” atá ann le tuilleadh infheistíochta stáit a dhéanamh sa Ghaeilge.

“Is léir, ní hamháin ón phobalbhreith seo, ach ó na torthaí daonáirimh i mbliana, go bhfuil géarghá le i bhfad níos mó infheistíochta ón Stát ar thionscadail Ghaeilge agus Ghaeltachta má táimid dáiríre faoin nGaeilge a tharrtháil mar theanga labhartha pobail sa Ghaeltacht, rud atá molta go rialta againn i mbuiséid mhalartacha Shinn Féin bliain i ndiaidh bliana.”

Deir Ó Snodaigh go bhfuil an bhearna idir an maoiniú caipitil a chuirtear ar fáil d’eagraíochtaí teanga agus d’eagraíochtaí stáit eile ag méadú i gcónaí. Deir sé, mar shampla, go mbíodh an IDA ag fáil trí huaire níos mó ná mar a bhí á fháil ag Údarás na Gaeltachta in 2009 ach go bhfuil maoiniú an IDA anois 11 uair níos mó ná maoiniú an Údaráis.

“Ní thiocfaidh an maoiniú atá ag teastáil go dtí go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ina dtosaíochtaí ag an Rialtas,” arsa Ó Snodaigh.

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge foilsithe go heisiach ag Tuairisc.

I measc na gceisteanna a cíoradh sa taighde bhí dearcadh an phobail ar úsáid na teanga, an Ghaelscolaíocht, seirbhísí stáit trí Ghaeilge, coláistí samhraidh, cearta teanga ó thuaidh agus maoiniú na teanga ó dheas.

Roghnaíodh 2,696 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.0% ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Dhá thrian den phobal i bhfabhar na céadta milliún euro breise a chaitheamh ar an nGaeilge – pobalbhreith'

  • Lurgan

    ‘Sén truaigh nach bhfuil fonn orthu í a labhairt seachas a bheith ag iarraidh na “céadta milliúin breise” a chaitheamh le daoine éicint eile a chuir a labhait. Ní chosnaíonn sé tada Gaeilge a labhairt. Meastú a’ mbeadh aon bhaint leis an gcaoi a gcuirtear i láthair í sa gcóras oideachais leis an dícheillí seo?

  • Colm

    Ceart ar fad ag Lurgan. Díchéillí an lucht úd atá suite ina gcuid oifigí san ardchathair agus a mheasann gurb iadsan slánaitheoirí na Gaolainne agus a ghlacann saoire deas dóibh féin sa Ghaeltacht. Nach méanar dóibh……

  • Sibéal

    Comharchumainn títhíochta lánGaeilge a bhunú agus beidh deis í a labhairt.